Ní maith í do shúil! Iompaigh uaim d’aghaidh!

An chosaint in aghaidh na drochshúile in áiteanna ná dath gorm a chaitheamh nó cloch bheag ghorm timpeall ar do mhuineál

Ní maith í do shúil! Iompaigh uaim d’aghaidh!

Chreid mo mhuintir go láidir i súil an choirithe. Bhí fear amháin agus bhíodh doicheall orthu ach a gcífeadh an buaille anuas é mar ní túisce a bheadh sé gafa an buaille amach aríst ná bhí bó nó gamhain nó ainmhí éigin tar éis titim breoite nó bhris cos sluasaide nó feac rámhainne nó chuireadh meaisín éigin stailc suas. Níor thaitin leo go háirithe an nós a bhí aige teacht isteach ar an bhfeirm chughat agus gan ‘Bail ó Dhia ar an obair’ a rá nuair a chonaic sé thú ag déanamh pé rud a bhís ag déanamh ag an am.

Creidtear go láidir ann ina lán tíortha ar fuaid na hEorpa agus sna tíortha gur imircigh Eorpacha a dtreibh. Sa Tuirc ach go háirithe creidtear gur fíochmhaire súil an té go bhfuil súile gorma aige ná aon dath eile. An chosaint in aghaidh na drochshúile ná dath gorm a chaitheamh nó cloch bheag ghorm timpeall ar do mhuineál nó pé seodra a bheifeá ag caitheamh de ghnáth.

Cosaint eile ina coinne ná súil a bheith greanta ar do mhála, do chóta, t léine nó an sparán a bheadh ar iompar agat. Sin é an taobh go gcíonn tú súil greanta ar bháid a bhíonn ceangailte don gcé chun an bád is an t-iascaire a chosaint i gcoinnibh dubhchumhacht an duine a fhéachfadh uirthi le formad nó drochmhéin ar chúis amháin nó cúis eile, sé sin súil an choirithe.

Ar mo shiúlta go dtí an Aithin ansan le déanaí bhí samplaí de seo ins na haon áit dá bhféachais, go háirithe i siopaí turasóirí mar a raibh málaí, t-léinte, greamaitheoirí cuisneora srl ar díol iontu. Fiú amháin deirtear gur as san a thagann an síntiús nó an ‘tip’ a fhágtar ag an té a thugann an bia chughat sna bialanna, le heagla go mbeadh ocras ar an bhfriothálaí agus gur mhór leis agat an bia agus le súil éadmhar ocrach mar sin á caitheamh ort, ba dheacair duit aon tsásamh ceart a bhaint as do chuid bídh dá fheabhas é, mar sin ‘caith chuige rud éigin’ ab ea an leigheas ar…

Dá laghad síntiús, is fearr é ná dá fheabhas leathscéal!

Ar an dtaobh eile dhó san, má theastaíonn uait sláinte a ghuíchtaint, ní ghuífir go deo ort fhéin í. Ólann tú sláinte an té nó an tslua atá os do chomhair amach, ag féachaint glan idir an dá shúil air nó uirthi nó orthu agus iadsan ar an gcuma chéanna leat.

Leacht a chaithfidh a bheith i gceist mar ná guífeá sláinte ar éinne le bia id láimh ach leacht go háirithe go mbeadh beocht ann, rud a chiallaíonn nár mhór an mhaith dhuit uisce tobair! Tá rann beag a deirtear anseo timpeall a chuala an chéad lá riamh aige Seán John Bán Ó Súilleabháin ón bhFeothanaigh agus ina dhiaidh san aige’m chomhghleacaí farraige Danny Sheehy agus is mar seo théann sé. Sa chás seo is leis an uisce beatha a labhrann tú.

‘Is tú mo charad, is tú mo namhad,

Is minic a d’fhágais mé ar éadach lom,

Ach anois óir tú bheith chomh gairid dom ghramhas,

Siar a geóbhair a dhiabhail le fonn.’

Agus slogann tú do thomhas fuiscí siar síos de gheit ina dhiaidh san.

Sea tá sé in am stad ag scríobh agus déanamh de réir an ranna thuas mar tá tart curtha aige’n scríbhneoireacht seo ar fad orm!

Fág freagra ar 'Ní maith í do shúil! Iompaigh uaim d’aghaidh!'

  • Súil Eile

    ‘Sin é an taobh go gcíonn tú súil greanta ar bháid a bhíonn ceangailte don gcé chun an bád is an t-iascaire a chosaint i gcoinnibh dubhchumhacht an duine a fhéachfadh uirthi le formad nó drochmhéin ar chúis amháin nó cúis eile, sé sin súil an choirithe.’
    Feictear sin go fóill ar na báid iascaireachta traidisiúnta i Málta, an Luzzu, ar an dá thaobh de. Dar ndóigh bhí bandia darbh ainm Tanit ag na Féinéicigh fadó a bhí pósta le Baal Hammon. An leasainm a bhí uirthi ná Pene Baal, is é sin ‘Aghaidh Bhaal’ agus siombail acu chuige sin atá le feiceáil go fóill ar chlocha ársa ar fud thuaisceart na hAfraice; corrán gealaí mar a bheadh mala ann os cionn na gréine. Cá bhfios nach é sin is bunús le Balor na súile nimhe.