Ní luífidh Muineachán síos faoi na borraigh ghorma

Tá tuairimíocht abhus go bhfuil an cathlán, idir shean agus nua, tugtha le chéile aon bhabhta amháin deireanach ag Áth Cliath agus gan de sprioc acu ach craobh na hÉireann

Ní luífidh Muineachán síos faoi na borraigh ghorma

Babhta amháin i stair Chumann Lúthchleas Gael a shroich Muineachán cluiche ceannais na hÉireann. Trí bliana déag is cheithre fichid ó shin i 1930 a thit san amach. Ní mór na daoine ar marthain ar cuimhin leo an cluiche ach maireann a cháil i gcónaí. Ocht bpointe dhéag farasbairr a bhí ag Ciarraí orthu i gcath cruaidh cealgánta atá áirithe sa tseanchas ar cheann de speachanna deiridh Chogadh na gCarad.

Tabharfaidh Muineachán fén gclaí deireanach a chur díobh arís inniu ach ainneoin iarrachtaí i 1979, 1988 agus 2018, níl éirithe leo an cluiche ceannais a bhaint amach ó shin. Sin í an stair atá acu nuair a thagann sé go dtí an tráth seo den gcraobh agus sin ceann des na cúiseanna chomh maith ná cloisim aoinne ag tabhairt aon tseans dóibh  agus iad ag tabhairt aghaidh ar na Dubs.

Bunaithe ar an bhfianaise atá againn ós na babhtaí ceathrú ceannais, is deacair a áiteamh ar aoinne go bhféadfadh Muineachán an bheart a dhéanamh an uair seo. Tá scata in Áth Cliath ag impí orainn ár mbreith a bhunú ar bhiaiste na bliana seo ina iomláine ach má dheinimid é sin féin, is deacair éalú ón dtuiscint go raibh Áth Cliath ag máinneáil leo go deas réidh feadh na bliana – iad ag dul i mbun a gcúraim i Roinn 2 agus i gcraobh Laighean agus iad breá sásta ná beadh aird na tíre orthu. Thaibhseofaí dhuit go bhfuil a mianach nochtaithe anois acu, áfach, agus ba dhóigh leat, ag éisteacht le cuid den dtráchtaireacht le coicíos anuas, nach bhfuil de cheisteanna fágtha le freagairt anois acu ach cén scóip chun feabhais atá fós iontu.

Braitheann sé ar fad ar cén géilleadh a thugann tú don dtaispeántas a bhí ag Áth Cliath in aghaidh Mhaigh Eo. B’fhéidir go mbeinn ag slogadh na bhfocal fé seacht a chlog tráthnóna, ach ní dóigh liomsa go dtug Maigh Eo aon tástáil cheart d’Áth Cliath sa bhabhta ceathrú ceannais agus ní dóigh liom gur slat tomhais iontach é an dara leath an lá deireanach ar chumas Átha Cliath in 2023.

Más dóigh leat go bhfuil mo chuid cainte ag teacht breá bog orm, féach arís ar an dá phointe a fuair Tommy Conroy in imeacht nóimeat go leith sa chéad leath. An dóigh leat nach bhfuil rud éigin ansan ná bainfidh Vinny Corey earraíocht as? Díreach dingthe idir an dá phointe san, bhí báide Cholm Basquel agus más dóigh leatsa ná déanfaidh cosantóirí Mhuineacháin iarracht níos fearr ná mar a dhein Pádraig O’Hora, ní dócha go dtuigeann tú peil Mhuineacháin.

Ba léir ná raibh Maigh Eo chun aon ní cóir a dhéanamh nuair nár ceadaíodh báide Jordan Flynn – báide a chuirfeadh cheithre phointe chun cinn iad sa 28ú nóimeat den gcéad leath. Ba léir chomh maith nuair ná féadfadh Eoghan McLoughlin an chaid a chur an líontán ó fhaid cúpla slat amach sa 50ú nóimeat, go raibh a bport seinnte.

Bhí tamall ann ná tabharfadh cosantóirí Átha Cliath deiseanna mar sin duit le linn feachtais iomlán caide ach tabhair fé ndeara go mbíonn léasanna beaga dóchais á dtabhairt anois acu cúpla babhta i ngach cluiche, ní áirím feachtas craoibhe. B’fhéidir ná fuil aon bháide géillte sna sé chluiche craoibhe deireanach acu ach fuair an fhoireann ba laige a tháinig ina gcoinne sa chraobh i mbliana, Laois, dhá cheann. Ba dheacair a shamhlú nuair a bhí Áth Cliath in airde láin go mbeadh éachtaintí beaga daonnachta mar sin uathu, ach táid ann anois.

Nílim dall ar fad ar thréithe Átha Cliath agus nílim ach an oiread ag déanamh beag is fiú de ról Pat Gilroy i gcruthú agus i múnlú na seana-spride a bhíodh acu tráth. Tá tuairimíocht abhus anois go bhfuil an cathlán, idir shean agus nua, tugtha le chéile aon bhabhta amháin deireanach ag Áth Cliath agus gan de sprioc acu ach craobh na hÉireann eile a fháscadh as ar mhaithe le leithéidí James McCarthy, go háirithe. Níl aon amhras ná go bhfuil an urraim sin tuillte go maith ag McCarthy de dhroim a thaispeántaisí misniúla i gcaitheamh na mblianta ach ní mar sin a ritheann sé i gcónaí. Bhí an tuairimíocht chéanna sa treis nuair a chuir Corcaigh deireadh le ré órga Chiarraí i 1987. Bhí scata lán de ghaois agus lán de thuiscint tar éis an bhirt ach n’fhaca mórán lasmuigh de Chorcaigh deireadh ré ag teacht an uair úd.

Díomas nó sotal an namhaid is mó atá ag Áth Cliath an tseachtain seo. Scóladh chomh domhain iad lena gcur chuige i gcluiche leathcheannais na bliana 2014, go mbuadar sé cinn as a chéile ina dhiaidh sin. An bhfuilid fós scólta ag an dá chic saor cinniúnach a bhuail sa dá chluiche leathcheannais deireanach iad –  Seánie Shea agus Rob Hennelly? An gcinnteoidh seo go bhfuil speach eile ag teacht i mbliana uathu a shniogfaidh craobh amháin eile as?

Nílimse iomlán deimhnitheach go bhfuil sé iontu.

Tógfaidh sé ábhar beag níos mó ná bua neafaiseach i mbabhta ceathrú ceannais chun an Tomás an Amhrais seo a chasadh. Má chím a thuilleadh den bhfonn fiaigh a bhí orthu ag tús an dara leath in aghaidh Mhaigh Eo, b’fhéidir go ngéillfinn dóibh siúd atá ag fógairt athnuachana.

Go dtí sin, léirímis meas ar a bhfuil bainte amach ag Muineachán agus iad ag teacht chomh fada le cluiche leathcheannais eile. B’fhéidir go gceansódh John Small inniu Conor McCarthy. B’fhéidir go mbeadh an ghaoth bainte as seolta Stephen O’Hanlon, Michael Bannigan agus Ryan McAnespie luath go maith sa líne leath-thosaigh agus b’fhéidir go ndéanfadh Brian Fenton agus McCarthy robach ar an mbeirt lár páirce is laige atá fágtha sa chraobh.

B’fhéidir nuair a théitear tríd duine ar dhuine, fear ar fhear go bhfuil cíoná na cuideachta ag Áth Cliath.

Ach tá rud amháin siúráilte – ní luífidh Muineachán síos fés na borraigh ghorma a bheidh ag teacht ina dtreo. Tá éirithe leo dul ar an gcloich is airde nuair a bhí an taoide ag casadh ina gcoinne i ngach cath atá troidte acu go nuige seo. Ramhróidh siad ar an reacaireacht atá sa treis le coicíos anuas agus an uile dhuine ag tuar gurb iad Ciarraí agus na Dubs a bheidh in adharca a chéile ag deireadh na míosa. Beathóidh a lucht leanúna dílis, dúthrachtach iad agus b’fhéidir, fiú, go gcabhródh an aimsir leo. Ach, an bhfuilid maith a ndóthain chun Áth Cliath a chloí? Deir fianaise agus ualach na staire linn ná fuil. Uaireanta is fearr síor-ualach ná sár-ualach. B’fhéidir, dála na bhfoirne go léir ón gcontae a chuaigh rompu, go mbeidh an t-ualach rómhaith dhóibh arís.

Fág freagra ar 'Ní luífidh Muineachán síos faoi na borraigh ghorma'