Ní leor lagbheartais ná a bheith ag fanacht le vacsaín chun an víreas a smachtú

Cén cineál polasaí rialtais in aghaidh na paindéime a theastaíonn ónár bhformhór - cur chuige éifeachtach nó cur i gcéill?

Ní leor lagbheartais ná a bheith ag fanacht le vacsaín chun an víreas a smachtú

Pictiúr: : Sam Boal / RollingNews.ie

Tá rialacha nua taistil á gcur i bhfeidhm ón deireadh seachtaine seo. De réir na rialacha nua ní foláir do dhuine a thagann go dtí an stát ón iasacht faisnéis a bheith acu gur léirigh tástáil a rinneadh 72 uair an chloig ar a mhéid roimh theacht dó nach raibh an víreas corónach tolgtha aige.

Is léir faraor na bearnaí sna rialacha.

Ní chuirfidh siad bac ar theacht duine a tholg an víreas tar éis tástála agus níl tagairt ar bith iontu do dhaoine a thagann go dtí an stát via aerfoirt agus calafoirt an Tuaiscirt.

Ní hionann sin agus a rá go mbeidh cúldoras an Tuaiscirt ar lán-oscailt. Tá rialacha den sórt céanna fógartha ag an bhFeidhmeannas in Stormont, ach ní chuirfear i bhfeidhm iad i gcás paisinéirí ón mBreatain.

Is díol suntais iad na rialacha nua ó thuaidh agus ó dheas toisc go léiríonn siad arís neamhthoil na bpolaiteoirí san dá dhlínse dianbheartais aontaithe in aghaidh na paindéime a chur i bhfeidhm.

Ní tástáil roimh thaisteal ach coraintín agus tástáil tar éis teacht i dtír a dheimhneodh cosaint éifeachtach in aghaidh na paindéime. Níl coraintín á mheá ag na húdaráis i mBaile Átha Cliath ná i mBéal Feirste.

Tá na fáthanna go bhfuil an scéal amhlaidh pléite go minic agus is ar éigean is fiú iad a chíoradh arís. Is féidir tuiscint níos fearr a fháil ar mheon an rialtais i mBaile Átha Cliath go háirithe, ach staidéar a dhéanamh ar éifeacht na rialacha taistil a bhí i bhfeidhm go dtí seo.

Labhair scríbhneoir an cholúin seo le bean a tháinig go Baile Átha Cliath ón mBreatain ar an 10 Nollaig agus a chaith 14 lá ina haonar (is é sin le rá, ag leithlisiú mar a d’iarr rialacha an rialtais uirthi a dhéanamh) in árasán sa chathair sular thug sí cuairt ar a muintir. Bhí seoladh an árasáin, a sonraí teagmhála agus faisnéis eile curtha aici ar fhoirm a tugadh di san aerfort.

Ní dhearnadh ach iarracht oifigiúil amháin in imeacht coicíse chun a dheimhniú go raibh a tréimhse coraintín á caitheamh aici ag an seoladh a thug sí san aerfort. Cuireadh téacs chuici a d’iarr uirthi freagra a sheoladh ar ais. Ní raibh le déanamh ach tic a chur i mbosca chun a dheimhniú go raibh sí ag leanacht lena coraintín de réir mar a gheall sí san aerfort.

Léiríonn cuntas a chuir an Roinn Dlí agus Cirt ar fáil go raibh 54,793 paisinéir ar bord na n-eitleán ón iasacht a thuirling in aerfoirt Bhaile Átha Cliath nó aerfort Chorcaí nó na Sionna idir an 21 Nollaig agus an 3 Eanáir.

Cuimhnigh gur tháinig an oiread sin daoine go hÉirinn in ainneoin chomhairle an rialtais (a) go mb’fhearr gan teacht in aon chor, (b) gur chóir do gach duine a thiocfadh leithlisiú ar feadh 14 lá agus sin, fiú dá léireodh tástáil a moladh dóibh a fháil tar éis cúig lá nach raibh an víreas corónach tolgtha acu.

Thug an Roinn le fios gur cuireadh téacs chuig 71% de na daoine thuas, agus gur glaodh ar 16% acu. Níor tugadh aon eolas eile faoin gcumarsáid ach i bhfírinne ní theastaíonn sé. Is é bun agus barr an chórais nach ndearnadh aon iarracht dháiríre chun iachall a chur ar dhaoine a bheith ar coraintín ná fiú a dheimhniú go raibh siad ar coraintín.

Dá mbeadh camchuairt an oileáin tugtha ag an mbean a labhair leis an scríbhneoir seo le linn a tréimhse coraintín, agus dá mbeadh tic curtha san áit chuí aici ar an téacs a chuir sí chuig an Roinn Dlí agus Cirt, ní raibh aon dul as ag an Roinn ach glacadh lena freagra. Fearacht gach duine eile ar cuireadh téacs chucu nó fiú ar glaodh orthu.

Cuimhnigh gur i rith mhí na Nollag a tháinig an tréithchineál nua den víreas go hÉirinn ón mBreatain.

Cuimhnigh go measann na saineolaithe go bhfuil an tréithchineál nua i bhfad níos tógálaí ná an víreas a bhí á scaipeadh go dtí seo.

Agus cuimhnigh go measann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte (Nphet) nach fada go mbeidh an tréithchineál sin níos coitianta abhus ná an seanchineál.

Tá sé thar am ceist mhór a chur agus a phlé arís. Cén cineál polasaí rialtais in aghaidh na paindéime a theastaíonn ónár bhformhór – cur chuige éifeachtach nó cur i gcéill?

Fág freagra ar 'Ní leor lagbheartais ná a bheith ag fanacht le vacsaín chun an víreas a smachtú'

  • Ray McCarthy

    Ni feidir liom ach aontu leis an meid ata raite ag Cathal. Ta se fite fuaite i nDNA an gnath-pholateoira gan olc a chur ar dhaoine le nach gcaillfi votai am ar bith na na beairt cui agus coir a deanamh ar son an phobail go leir.
    Eisceacht; Roisin Shortall a bhfuil ag caineadh an easpa polaisaithe frith-Covid i dtaobh taistil le fada.