Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond

Fear Impireachta go smúsach ba ea John Redmond. Bhí an-luí ag na hoidhrí a tháinig air leis an Impireacht i gcónaí…

Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond

Nach iontach go deo an fíbín atá ar chuid de na Tráchtairí Móra ag iarraidh dia beag a dhéanamh de John Redmond? Tá siad ag fáil dalladh spáis lena aghaidh san Irish Independent agus san Irish Times.

Céad bliain ó shin a cailleadh Redmond agus é briste brúite mar go raibh muintir na hÉireann iompaithe ina aghaidh agus iad ag tacú le Sinn Féin. Ach má bhí sé buailte, agus buailte go maith, shílfeá ón gcaoi a bhfuil an dream seo ag caint gur laoch náisiúnta a bhí ann.

Is teannach leo a dhéanamh amach freisin gur síochánaí a bhí ann. Seo é an fear a spreag ógfhir na hÉireann le dhul ag troid do Shasana sa gCéad Chogadh Mór.

“It is a just war …it is a war for the defence of the sacred rights and liberties of small nations,” a dúirt sé.

Is cosúil le caint í a dhéanfadh Tony Blair nuair a bhíothas ag fáil faoi réir le hionradh a dhéanamh ar an Iaráic.

De réir mar atá scríofa ar an leacht cuimhneacháin cogaidh i nDroichead na hInse, maraíodh 49,435 Éireannach sa gCéad Chogadh Mór. Fós féin is fearr leis na Tráchtairí Móra aird a tharraingt ar an líon i bhfad níos lú Éireannach a bhásaigh in Éirí Amach 1916.

Deilín eile atá acu go bhféadfadh saoirse na hÉireann a bheith bainte amach aige go síochánta.

Is cinnte gur creideadh ag an am go bhféadfadh. Fiú amháin Pádraig Mac Piarais bhí sé ar ardán i Sráid Uí Chonaill i mBleá Cliath in éineacht le John Redmond chomh deireanach le 1912 ag comhairliú don lucht éisteachta seans a thabhairt don fheachtas ar son Home Rule.

Ach chuir sé agús sa gcomhairle sin; má fheallann na Sasanaigh orainn an iarraidh seo, a dúirt sé, beidh sé ina chogadh craorach ar fud Éireann. Ar ndóigh d’fheall.

An rud nach gcuireann na Tráchtairí Móra san áireamh ar chor ar bith gur mhór idir an tuiscint a bhí ag an bPiarsach ar neamhspleáchas na tíre agus an socrú a bhí ó Redmond.

Is fiú an méid a dúirt Redmond féin faoi sin a fhoilsiú aríst. Ar son cruinnis ní aistreoidh mé go Gaeilge é.

‘By Home Rule I do not mean any cowardly or grudging measure, but a bold measure of self-government which will give the Irish people control of their own purely local affairs, through the agency of a freely-elected parliament in Dublin, with an executive responsible to it, SUBJECT, OF COURSE, TO IMPERIAL SUPREMACY.’

Sin é an áit a raibh an buille: bheadh muid faoi cheannas Westminster i gcónaí.

Fear Impireachta go smúsach ba ea John Redmond. Bhí an-luí ag na hoidhrí a tháinig air leis an Impireacht i gcónaí.

I gCumann na nGael a chríochnaigh a bhformhór agus i bhFine Gael ina dhiaidh sin.

Níl fear ar bith is mó atá ag iarraidh John Redmond a chur ard i gcéim ná John Bruton. Thuigfeadh seisean meon Redmond cinnte.

An raibh rud ar bith ní ba náirí ná an fháilte uiríseal a chuir sé roimh Phrionsa Séarlas Shasana nuair a bhí sé ina Thaoiseach? Ba é an taispeántas lútála ba cladhartha é ó aimsir Dhiarmaid Mhic Mhurchadha.

Ní chuirfeadh sé iontas ar an dream a bhí i láthair dá gcuirfeadh sé a lámh le scothóg a bhrait mar a rinne an bhean le hÍosa, sin agus sléachtadh go talamh os a chomhair.

Tá sé ráite gur dhúirt sé gurbh é an lá ab fhearr ina shaol é.

Dá mba iad lucht an London Times iad thug siad faoi deara é: “embarrassingly effusive” a dúirt siadsan.

Bhí aithne agus eolas ag John Redmond agus ag Edward Carson ar a chéile. I leabhar nua atá foilsithe faoin gcairdeas a bhí eatarthu deirtear gur géire i bhfad a théadh Carson ar a mháistrí i Westminster ná ba nós le Redmond a dhéanamh.

Is cosúil gur maidrín lathaí a bhí i Redmond lena ais.

Tá cúis mhór amháin leis an iarracht atá ar bun inniu le cáil John Redmond a shlánú. Impireacht eile atá i gceannas orainn anois—Aontas na hEorpa.

‘Subject, of course, to Imperial supremacy,’ a dúirt Redmond faoi Home Rule. ‘Subject, of course, to European Union supremacy,’ atá muid anois.

Siombail é John Redmond ag an dream atá ag iarraidh tuilleadh cumhachta a thabhairt d’Aontas na hEorpa. Níl meas mada acu ar neodracht na hÉireann.

Is fada leo go dtiocfaidh an lá a mbeidh Arm Eorpach ann agus óige na hÉireann ag liostáil ann. Nuair a mharófar cuid acu i gcogadh thar lear déarfaidh siad gur ‘just war’ a bhí ann agus gur ag troid ar son na saoirse a bhí siad.

Tá an-cháineadh déanta ag na Tráchtairí Móra ar an Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn faoi nár fhreastail sé ar ócáid chuimhneacháin ar John Redmond. Níl a fhios agam an in aon turas a rinne sé é, nó an raibh dualgais eile air ag an am, ach cibé cúis a bhí leis is maith gur mar sin a tharla.

Cá bhfios nach n-imeodh an ceo de mhuintir na hÉireann ar fad de réir a chéile? Thuig a sinsear feall John Redmond. Mar a dúradh i gCois Fharraige san amhrán ‘Bóithríní an Locháin’.

‘Is anois ag teacht an tsamhraidh beidh gach súgradh againn is greann.

Tiocfaidh deireadh le John Redmond agus beidh Seán Buí ar lár,

Beidh na buachaillí is na cailíní ag gabhail amhráin

Is beidh mise is mo stóirínse ag gabháil bóithríní an Locháin.’

Fág freagra ar 'Ní laoch náisiúnta ar bith a bhí i John Redmond'

  • Carraig

    Féach an seó bóthair a rinne Varadkar de féin thall sa Teach Bán le deireanas freisin agus é ag lútáil na gcos ag an Trumpa ardghlórach. Ina cháil mar Thaoiseach ar an tír seo! Is maith an oidhre ar Kenny é. Sea, d’imigh siúd is tháinig seo.

  • Eoin McCormck

    Cé gur aontím leatsa fé Redmond, agús é ceann do ná Seaníní is mór ón dtír seo (agús Bruton freisin ach é a bhfad níos measa mar rugadh agus tugadh sa poblacht neamhsplách é) ní aontím leis na comhionannas a rinne tú idir Impireacht na Bhreataine agús an AE, níorbh ach an seafoid ceanna a tabhairt Breathimeacht é sin. Má tá airm na hEuroip búnaithe, beidhmís inar bhall go toilteanach.

  • Eoghan ONeill

    Sliocht as ‘ The Miricle of Ireland’ ag John Redmond 8 Eanair 1916 san War Illustrated – Ireland today feels that she is now a free and honoured portion of that Empire. She feels that she has come into her inheritance, and she is as determined as either Canada, Australia, New Zealand or South Africa to make the greatest sacrifices in her power to safeguard her rights. She does not feel she is fighting merely for England. She is fighting for the Empire, and in a special way for herself. Sin dearcadh John Redmond ina chuid focla féin.

  • Feardorcha

    Ní deiridís amach é ach ba bhreá le leithéidí Bruton sinn a bheith luaite fós leis an gComhlathas, ag umhlú roimh rithe agus banríona lofa agus ag lútaíl ar ‘Sir’anna.
    Ní haon chomhtharlúint é, mar atá ráite thuas, gurb é an boicín cladhartha céanna atá ag ceann an fheachtais sinn a bhá san AE. Aithnítear ar a gcairde iad. Ní bheidh siad sásta go mbeidh máistir eile orainn.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá cúis mhór amháin leis an iarracht atá ar bun inniu le cáil John Redmond a shlánú. Impireacht eile atá i gceannas orainn anois—Aontas na hEorpa.” ??????

    Ná abair go bhfuil tú id ‘Éirimeachtóir’, a Joe?

  • Eoin Ó Murchú

    Bhéadh se deacair dona Tráchtairí Móra aon argóint fhiúntach a chur le chéile i gcoinne an mhéid seo. B’fhéidir gur chóir iarraidh ar Dhiarmaid Ferriter iarracht a dhéanamh. B’ábhar gáire ar a laghad dúinn a leithéid!

  • MacAnRí

    Tá nimh go leor sa píosa seo ach níl iontas ar bith orm fá dtaobh de mar níl an tuairisceoir ach píobaire an aon phoirt i dtólamh frith AE .. . Chomh maith leis sin níl dada náireach ag baint leis Redmond I gcomparáid an bPiarsach agus a leithéid…bhí siad go léir ag déanamh a ndícheall feabhsuithe ar saol na tsaoránaigh sa tír seo…ach ar a bealach féin.

  • Concubhar

    Tá sé éasca a dhothain cáineadh géar a dhéanamh ar Redmond agus sinn ag féachaint siar ar dhorchlaí na staire agus ag feiscint na torthaí a raibh ar a mholtaí agus a chinntí, go h-áirithe maidir le cinntí a ghlac sé maidir leis an gCéad Cogadh Domhanda agus páirtíocht na hÓglaigh Náisiúnta ann.
    Ach an mbeimis chomh cinnte céanna dá mbeimís ag seasamh ina bhróga siúd siar i 1914? Ar lámh amháin bhí tairiscint aige ó Rialtas na Breataine ag maíomh go mbeadh féin riail in Éirinn tar éis an chogaidh (ar ndóigh bhí an tairiscint mhalartach ag Edward Carson agus Craig ón fhoinse céanna) agus bhí an deis aige an aisling a bhí ag Parnell a fhíorú, aisling a raibh tacaíocht cuid mhór de phobal na hÉireann aige le linn Parnell agus go deimhin go dtí 1914 fiú. Ar an lámh eile bheadh air bheith ag ceann óglaigh ón dtír seo ag dul go cogadh nach mhairfeadh, dúradh leo, ach go Nollaig. Ghlac sé an rogha stuama dár leis – ní h-é go n-aontóinn leis ach tá sé éasca dom easaontú leis ón áit/am a bhfuilim ag féachaint ar mo chúl. Bhí Mac Piarais agus eile ag iarraidh tacú leis chomh déanach le 1912 chun aisling an rialtais dhúchais a bhaint amach.
    Is cinnte gur doirteadh go leor fola mar gheall ar chinneadh Redmond – tuairim is 50,000 a maraíodh cé nach bhfuilim cinnte an gcuireann sin san san áireamh na hUltaigh a maraíodh ar son na h-impireachta. A dhearthar féin san áireamh. Maraíodh go leor freisin le linn Éirí Amach na Cásca agus ó shin – iad san ag fáil bháis ar son na Poblachta. An deacracht is mó leis an ndoirteadh fola ó 1916 i leith go bhfuil sé tar éis nimhiú a dhéanamh ar an gcúis go mbeadh Éire Aontaithe ann agus gan dúil ag aondachtóirí ann. Seans ná beadh dúil acu riamh ann – ach is cinnte nár chuidigh an Éirí Amach is an doirteadh fola a lean iad a thabhairt ar bórd. Tá an criochdheighilt anois fós ina chnámh spairne agus anois tá dóchas ann go bhféadfaí moimeantam as an nua a chur sa ghluaiseacht ina threo – an uair seo de bharr go bhfuil cinneadh le déanamh ag tuaisceartaigh idir an Riocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. B’fhéidir nach bhfuil reifreann faoin dteorainn go fóill ach is ar éigean gur féidir ealó uaidh anois i bhfianaise an chocstaí atá déanta ag an Bhreatain den ‘Bhreatimeacht’ agus an amhras atá ann faoi chomh bailí is atá torthaí an reifrinn Bhreatimeachta i bhfianaise an méid atá tagtha chun solais faoi chleachtais amhrasacha ag lucht Leave sa vóta úd. Tá sé éasca bheith ag suí ar an gclaí mar atá Seosamh agus ag féachaint siar ar am ná raibh sé fiú beo ann agus ag déanamh daorbhreith ar Redmond. Níl mise anseo chun é a mholadh ach é a chosaint – mar a dúirt Mark Anthony:
    The evil that men do lives after them;
    The good is oft interrèd with their bones.
    Mar gheall ar chuinsí éagsúla ná raibh smacht ag Redmond orthu, theip air a aisling a fhiorú ach ní h-ionann sin is gur rógaire abea é. Tá sé ar dhuine de na tir gráthóirí úd ar theip orthu…. Nach leor é sin mar oidhreacht gan sinne a bheith á dhamnú, sinne nár sheas ina bhróga. Nílim ag déanamh laoch as mar atá trachtairí éagsúla – ach ná bímís chomh dubh agus bán faoi phearsaí staire. Na daoine céanna a bheadh á dhamnú, cad a bheadh le rá acu le Martin McGuinness – ceann dá ócáidí dheireannacha go raibh sé i láthair ag nochtadh phortráid Bhanríon Shasana i Londain agus chéas a chomhleacaithe i SF é as ucht sin a dhéanamh ag an am, na daoine céanna is dócha a raibh ag siúl ar son ‘An Taoisigh’ ag an deireadh seachtaine.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Tá, a Dhonncha. An bhfuil cúiseanna ann nár cheart dom a bheith?

  • Concubhar

    Is é Aontas na hEorpa frith theis Impireacht na Breataine. Níl Aontas na hEorpa foirfe ná baol air ach ligeann sé dúinn neamhspleachas a bheith againn ach a bheith inár gcuid de mhargadh trachtála is aontas pholatúil atá ar ár leas. Dá bhfagfaimís an Aontas, ag sodar i ndiaidh ‘uaisle’ na Breataine, bheimís linn féin, ag iarraidh margadh tradála a dhéanamh leis an Aontas, SAM, an Bhreatain, agus de bharr chomh beag is atáimíd, ní bheadh na margaí seo ar ár leas. Ceann des na h-údair is mó a luaitear le naimhdeas don Aontas, iascaireacht, is cinnte go mbeadh na cúinsí nua inár gcoinnibh. Níl na hachmhainní againn ár n-nuiscí a chosaint. An rud eile, ar ndóigh, Aontas na hÉireannl!, is é seo an seans is fearr againn é sin a bhaint amach! Cén chúis a bheadh ag duine bheith ina Éirimeachtóir? Eireacacht pholatúil agus eacnamúil!

  • Darragh Ó Caoimh

    @seosamhócuaig Agus chuamar isteach san Aontas céanna dár ndeoin féin.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ní ghlacaim beag ná mór leis an gcaint seo atá ag Seosamh gur Impireacht é Aontas na Eorpa. I gcás chuile Impireacht sa stair, go bhfios dom, ag dul siar na mílte bliain, tógadh seilbh ar thailte/tíortha eile, beag beann ar mhianta na ndaoine sna náisiúin sin agus coinníodh greim ar na gabháltais leis an láimh láidir. An bhfuil an tréith sin ag an Aontas Eorpach?

    Táimse sách amhrasach faoin treo a bhfuil an Fhrainc agus an Ghearmáin ag iarraidh an AE a fhorbairt, ach tá cead ag stáit eile a rá leis na cumhachtaí móra an cúrsa a athrú, mura bhfeileann sé dóibh agus mar thagann sé go dtí sin, tá cead ag ballstát an AE a fhágáil, mar atá an Bhreatain ag déanamh.

    Is cosúla i bhfad an Aontas Sóibhéideach le ‘Impireacht’ ná an Aontas Eorpach, sa mhéad is gur tógadh seilbh ar tailte agus tíortha eile tar éis an tarna cogadh domhanda beag beann ar mhianta na ndaoine sna tíortha sin agus coinníodh na tíortha sin faoi smacht daingean le láimh láidir, mar a rinne Impireacht na Fraince i gcás na hAilgéire agus Impireacht na Breataine i gcás na hÉireann!

    Fág an reitric mí réasúnach faoin Aontas Eorpach a bheith ina Impireacht ag Nigel Farage agus ag Marine Le Pen agus a gcuid comhghuaillithe. Bíodh díospóireacht níos meáite agus níos tomhaiste ar Thuairisc.ie againn faoin AE!

  • Tráchtaire Beag

    Ní dóigh liomsa gur laoch a bhí i Redmond ach oiread, ach tá sé éasca a bheith ag caitheamh anuas air le hiarghaois. Thuigfeá cén fáth ar thóg sé an seasamh a thóg sé leis an eolas a bhí aige ag an am, cé go bhfuil an stair tar éis a thaispeáint gur botúin a rinne sé. Agus tá an comparáid idir Impireacht na Breataine agus an tAontas Eorpach seafóideach. Chuamar isteach san Aontas go deonach agus is féidir linn é a fhágáil más mian linn. Fé látháir tá sé soléir gur dár leas é a bheith istigh san Aontas.

  • Carraig

    Impireacht rábach chorparáideach é AE atá freagrach as ollscrios marfach a dhéanamh ar an gcomhshaol ina bhfuil 10000 speiceas (idir fheithidí is eile) caillte ó 1970 i leith san Eoraip amháin de bharr greim scrogaill a bheith ag leithéidí Monsanto (agent orange) ar pholasaithe i leith na talmhaíochta. Tailte ‘méithe’ fairsinge ‘glasa’ na hEorpa báite sa nimh. Conas a mhairfeadh beacha, feithidí, éanlaithe, ainmhithe allta? Éigeandáil as cuimse is ea é ach táthar dall air.
    Brabús amháin a mheánn. Iarcheannairí, iarfheidhmeannaigh agus iarchoimisinéirì go háirithe ag feidhmiú anois thar ceann leithéidí Goldman Sachs agus Monsanto etc. An t-eolas, an fhaisnéis ar fad a bhí acusin is i gcomhaid chorparáidí príomháideacha atá sé anois agus feidhm á bhaint as. Na ‘contacts’ a bhì acu istigh, tá siad acu i gcónaí agus iad ‘amuigh’. Admhaíonn Emily O Reilly (Ombudsman) go bhfuil ‘fadhb mhór’ ann maidir leis an ‘doras iomrothlaithe’ agus tionchar na ‘saineolaithe neamhspleácha’ sin ar institiùidí AE. Is sa Bhruiséil atá an líon is mó brústocairí ar domhan, quartier chic iomlàn dá gcuid féin acu. Tá an fòmhar ag leathadh orthu, is léir. Ach tá an lasair sa bharrach ó thaobh na timpeallachta de agus an léirscrios bitheolaíoch (deireannach?) seo imithe ó smacht ar fad. Polasaithe na gcorparáidí a bhfuil a ladhar sna hinstitiùidí acu faoi deara é. Díolfar go daor agus go dóite as amach anseo.

  • Feardorcha

    Fíor don gCarraig thuas. Má cheapann tú go bhfuil cúbláil ar siúl ar mhaithe le pinginí beaga suaracha in Éirinn samhlaigh an “fachnaoid ardnirt” atá ar siúl agus na billiúin mhóra san áireamh i gcúrsaí an AE. Ní nach ionadh, níor chuala tú faoi aon chás dá leithéid. Más é leas Monsanto, nó go deimhin Microsoft nó Airbus nó Fiat nó Ryanair nó Direct Energie, dul i dtreo áirithe, is lú na an tsioc leo bodaigh na hÉireann. Is mó go mór daonra agus geilleagar na Catalóine ná sinn agus féach an chluas bhodhar atá á dtabhairt dá muintir siúd i láthair na huaire.
    Ní thráchtar air in Éirinn mar tá na meáin anseo faoi bhois an chait, ach caitheadh os cionn billiún euro (le ‘b’!) ar fhoirgneamh nua de chuid an AE le blianta beaga anuas. Smaoinigh siar ar na rudaí beaga suaracha a rinneadh orainne sa tír seo le tamall agus smaoinigh ansin ar phálás sin na n-uasal neamhthofa thall.
    Ná dearmad an sotal agus an dímheas a léiríodh orainn nuair a chuireamar na cosa i reifrinn agus tar éis na géarchéime. Cúinní beaga den Impireacht ag éirí míshásta? Ní le fórsa a chuirtear cos orainn na laethanta seo. An cairéad agus an bata, airgead agus bagairt. Éist leis an gcáineadh nimhneach atá á dhéanamh ar na Sasanaigh tar éis do thromlach acu vóta bailí a chaitheamh le fágáil – ciníochas, dúire, éirí in airde, srl. curtha ina leith. Airgead agus bagairt.
    Impireacht agus impiriúlachas agus sinne ag liútaíl air ar mhaithe le pinginí.

  • MacAnRí

    Dochreidte !! Tá cuid de na tráchtaireacht ag fánaíocht I bhfad I gcéin ó Redmond (mo bhuíochas le Dia) ach ag diriú ar frith AE…maidir le siúd, tá na “grassy knoll” dream amach go láidireacht le teoiricí comhcheilge spéisiúil; de réir chuid acu tá an tAontas Eorpach mar an gcéanna le impireacht sa “Star Wars” agus “Darth Vader” ina cheannaire !! Dá shílfeá go mbeadh an domhan anois níos difriúla gan AE ? An mbeadh se níos sábháilte ? I ndáiríre ? Gan dabht, bheifí Marsanto, Ryanair nó a macasamhail ina háit. In ainneoin an ghráin atá agamsa le Mosanto srl táim beo sa chúrsaí an tsaoil i láthair na huaire agus tugaim mo bhuíochas le Dia tá muid ar ball den AE agus go h-áirithe nuair a amharcaim cad atá ar siúl le Brexit…. le gach dea-mhéin Slán agaibh.

  • Carraig

    A Mhac an Rí…is léir nár léigh tú an t-alt bunaidh ná na tráchtanna ó thús. Cén piarda mór de chuid AE a dúirt ‘a bomb will go off in Dublin’? Agus cén fáth go ndúirt sé é sin? An chéad chogadh domhanda ar thacaigh leithéidí Redmond leis, is ‘ar son na náisiún mbeag’ a fearadh é freisin!