Ní hiontas go bhfuil oiread suime ag daoine i sláinte Ruth Bader Ginsberg

Tá sé de cháil ar an mBreitheamh Ruth Bader Ginsburg gur sheas sí i gcónaí le cearta na mban agus le cearta comhionannais

Ní hiontas go bhfuil oiread suime ag daoine i sláinte Ruth Bader Ginsberg

Den chéad uair le cúig bliana fichead níor éirigh leis an mBreitheamh Ruth Bader Ginsberg freastal ar sheisiún iomlán de Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe an tseachtain seo. Go deimhin ba í seo an chéad uair ó cheap Bill Clinton ar an gCúirt Uachtarach i Washington í i 1993 go raibh an Breitheamh Bader Ginsburg as láthair le linn don Chúirt a bheith i mbun machnaimh.

Seo an chéad uair don Chúirt teacht le chéile ina hiomláine ó chuaigh an Breitheamh Bader Ginsburg faoi scian an mhí seo caite. Ailse scamhóige a d’fhág go ndeachaigh sí faoi scian. Seo an tríú huair ailse a bheith uirthi ach dúradh i ráiteas tar éis na hobráide nach raibh aon rian eile den ailse ina colainn agus nach mbeadh sí ag fáil aon chóir leighis eile. Bhí an breitheamh faoi chúram dochtúra cheana i mí na Samhna nuair a bhris sí dhá easna. Níor chaill sí aon lá oibre an dá uair dheiridh a raibh ailse uirthi ná nuair a cuireadh obráid ar a croí in 2014. Anois, ní hé go bhfuil aon tsuim rómhór agamsa i gcúrsaí leighis an bhreithimh seo, ach bí cinnte go bhfuil tuairiscí laethúla faoina sláinte á lorg ag polaiteoirí sna Stáit Aontaithe.

Is í Ruth Bader Ginsburg an dara bean riamh a ainmníodh ar Chúirt Uachtarach na Stát Aontaithe (Sandra Day O’Connor an chéad bhean). Tá sé de cháil ar Bader Ginsburg gur sheas sí i gcónaí le cearta na mban ina cuid oibre sa chóras dlí, ach, níos mó ná sin, gur sheas sí go daingean le cearta an chomhionannais. Tá sí 85 bliain d’aois agus is í an breitheamh is sine ar an gCúirt. Glactar leis go bhfuil sí ina ceann feadhna ar eite liobrálach na cúirte. Má théann a sláinte chun donachta nó má bhíonn uirthi éirí as ar chúis ar bith, is cinnte nach n-ainmneofar a macasamhail ó thaobh fealsúnachta de le teacht i gcomharbacht uirthi.

Mar sin tá faitíos a gcroí ar roinnt mhaith dlíodóirí, breithiúna agus polaiteoirí sna Stáit Aontaithe, chomh maith le sciar mór den phobal, gur gearr eile a bheidh Ginsburg ar an gCúirt Uachtarach. Cuireann eachtraí na seachtaine seo leis an bhfaitíos sin. Cén fáth? Mar go gciallaíonn sé go mbeidh deis ag Donald Trump an tríú breitheamh a ainmniú don Chúirt Uachtarach. D’ainmnigh Trump beirt ar an gCúirt Uachtarach go dtí seo.

D’ainmnigh sé Neil Gorsuch in 2017, fear a chreideann gur chóir an bunreacht a mheas bunaithe ar thuairimí na ré inar scríobhadh é agus gan aon aitheantas a thabhairt do na hathruithe atá tagtha ar na tuairimí sin le hos cionn dhá chéad bliain. I mí Iúil seo caite, d’ainmnigh Trump chun na Cúirte Uachtaraí Brett Kavanaugh. Meastar Kavanaugh a bheith níos coimeádaí ná Gorsuch agus, ar ndóigh, tharraing an próiseas ainmniúcháin agus a dhearcadh i leith na mban conspóid agus clampar mór. Dearbhaíodh a ainmniúchán sa deireadh i ndiaidh éisteacht phoiblí a bhain siar as an bpobal agus a léirigh a dheighilte is atá saol na polaitíochta i Meiriceá faoi láthair.

Fágann na ceapacháin sin a rinne Trump go bhfuil an Chúirt imithe níos faide ar thaobh na heite deise. Má imíonn Ruth Bader Ginsberg, ní hamháin go mbeidh Trump ag iarraidh duine coimeádach eile a chur ina háit, ach múchfar glór cumhachtach meáite i gcóras dlí Mheiriceá. Cén t-iontas go bhfuil suim thar na bearta á cur ina sláinte faoi láthair?

Fág freagra ar 'Ní hiontas go bhfuil oiread suime ag daoine i sláinte Ruth Bader Ginsberg'