Baineadh siar asainn ar fad, is dóigh liom, nuair a fógraíodh go mbeadh Cois Life á scor an bhliain seo chugainn. Údar spéise na tuairimí atá nochta ag scríbhneoirí agus ag colúnaithe ó shin.
Faoi mar a dúrt cheana agus mé ag caint ar an ábhar seo, nuair a foilsíodh Cré na Cille ar dtús ba ina ghearrthóga nuachtáin a chuirtí os comhair an phobail é.
De réir mar a thuigimse an scéal, ba é an nós i bhí i gCois Fharraige an t-am sin – agus ar fud Chonamara – ná go bhfaightí duine chun na sleachta sin a léamh os ard cois tine. Ag éisteacht leis a bhíodh an chuid eile den chomhluadar, agus iad sna tríthí ag an gcaint chraicneach a léirigh a oiread aithne a bhí ag an údar ar a phobal féin.
Bhí a leithéid ag teacht, cuid mhaith, le traidisiún béil na Gaeltachta agus na drámaíochta, óir, ar chúiseanna staire, fágadh an chuid is mó de phobal na Gaeilge sa tír seo gan léamh ar feadh cúpla céad bliain.
Faoin am ar cuireadh tús leis an Athbheochan, bhí pé traidisiún litearthachta agus léitheoireachta a bhí ag na Gaeil gafa go mór ar gcúl. Ba bhocht an scéal é ach ba mar gheall ar an méid sin a bhí daoine in ann scéalta agus dánta a chur de ghlanmheabhair agus a aithris dá bpobail, oícheanta airneáin. Na daoine ab fhearr chuige sin san am a caitheadh, ba mhinic iad gan léamh ná scríobh na teanga.
Thiocfainn le Alex Hijmans gur gá dúinn leabhair Ghaeilge a cheannach chun an dé a choimeád i litríocht na Gaeilge, ach faoi mar a thug Máire Mhac an tSaoi le tuiscint tráth, ní gá gurb ionann leabhar a cheannach agus é a léamh. Tá a fhios agamsa an méid sin go cinnte ó mo chuid taithí féin; tá breis agus deich leabhar Gaeilge ar na seilfeanna agam atá ar an liosta ‘Fós le léamh’.
Is gá am a chur ar leataobh chun léamh a dhéanamh agus nós a dhéanamh de, ach measaim nár mhiste daoine a thabhairt le chéile uaireanta agus duine a cheapadh le scéilín a léamh os ard. Deis a bheadh ina leithéid focail agus leaganacha cainte a phlé freisin. Ba dheas dá ndéanfaí a thuilleadh de seo sna clubanna leabhar, cuir i gcás, ach thairis sin, is gá an t-airneán a thabhairt ar ais ar aon nós.
Easpa comhluadair agus uaigneas, a deirtear, atá ag goilliúint ar dhaoine sa lá inniu. Níl aon amhras ach go bhfuil dlúthbhaint ag an teicneolaíocht agus na gairis scáileáin leis an méid sin, agus seo an áit is mó a bhfuil locht ar m’argóint, óir sílim gur gá dúinn tuilleadh closleabhar a bheith againn i nGaeilge. Ba dheas, leis, dá gcuirfeadh drámadóirí na tíre na leabhair mhóra in oiriúint don stáitse, don raidió agus, sa chás go bhfeileann sé, don teilifís. An-ábhar gearrscannáin ab ea An Eochair, cuir i gcás.
Ach níor cheart go dtiocfadh a leithéid idir an duine agus na bealaí traidisiúnta léitheoireachta. Is deacra iad sin a chothú agus faoi mar a thug Alan Titley le tuiscint, is sa seomra ranga agus, roimhe sin, sa bhaile, a chothaítear nós na léitheoireachta.
Na scríbhneoirí is mó a dtugaimse taitneamh dá bpíosaí ar an suíomh seo, an comhartha sóirt is mó a bhaineann lena n-ailt, domsa mar léitheoir – cé is moite d’fheabhas na Gaeilge acu – ná go ‘gcloisim’ ag ‘caint’ iad agus a gcuid píosaí á léamh agam.
Ní hé chuile dhuine a chloisfidh tú ag caint, ach má bhí d’ádh ort dea-chainteoir a chloisteáil ag labhairt roimhe seo, ‘cloisfidh’ tú a ghlór sa mhéid a scríobhann sé. Léiriú é sin ar an tábhacht a bhaineann leis an gceangal idir an focal scríofa agus an focal labhartha.
Tagaimis le chéile i gcomhair an airneáin, más ea. Ná bíodh fón ná gaireas de shaghas ar bith le feiceáil ná le cloisteáil; ach bíodh ár scéalta le cloisteáil againn ar na gairis chéanna agus na soithí á níochán againn.
Gabriel Rosenstock
Tá an raidió luaite ag do cholúnaí. Fógraíodh gearrliosta an chomórtais P J O’Connor le déanaí, comórtas le haghaidh drámaí raidió ar RTÉ, comórtas a ghlacann le drámaí i nGaeilge:
https://www.rte.ie/drama/radio/plays/2018/0606/968695-pj-oconnor-awards-shortlist-2018/
Dechniúr atá ar an ngearrliosta sin agus tréaslaím a gcuid oibre leo. Ach is drámaí Béarla ar fad iad. Ceist, ar fógraíodh an comórtas seo sna meáin Ghaeilge? Ceist eile, ar chuir Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge eolas faoi bhráid na mball ina thaobh? Ar scaip na heagrais Ghaeilge eolas ina thaobh? I bhfocail eile, tá deiseanna ann, deiseanna a ligeann scríbhneoiri na Gaeilge tharstu go minic. Easpa eolais nó easpa bolscaireachta is cúis leis sin cuid mhaith. An bhfuil cúiseanna eile leis? An ceart do Raidió na Gaeltachta drámaí raidió a fhorbairt?
Stilla
Maidir liom féin níor léigh mé oiread Gaeilge ariamh nó go dtáinig an tIdirlíon agus Irisí ar nós Tuairisc.ie An féidir figiúr a chur ar líon na léitheoirí atá ag na hirisí seo?
Seáinín Mac Conraoi
Cuireann teideal an ailt léitheoirí amú. Léiríonn an t-údar smaointe i bhfad níos tábhachtaí laistigh ná tugtar le tuiscint i dtosach báire. Rachaidh mé i ngleic leo ar feadh i bhfad: áirneáin, ag léamh os ard i gcomhluadar, Ré na Teicneolaíochta agus a tionchair ar céard is féidir ó thaobh fíor-mhuintearas de. Tá mé faoi chomaoin an údair as an spreagadh. Is mairg nach bhfaigheann muid leid den taisce san alt ón réamhrá.
David Webb
Nách deocair an rud é an saghas Gaelainne atá san ailth seo do lé’, gach abairt fé leith casta ar fad gan rith na teangan beó ann. Ní tuigfí in ao’ chor é mara mbeadh an Sacs-Bhéarla agat agus gur féidir leat é ‘ dh’aistriú focal air fhocail go Béarla.
“Ba mar gheall ar an méid sin a bhí daoine in ann scéalta agus dánta a chur de ghlanmheabhair”: ní “ba” ach “is” is cirte anso: is mar gheall ar an méid sin a bhíodar ábaltha… (nú “mar gheall ar an méid sin…” gan “is”). “Ní gá gurb ionann leabhar a cheannach agus é a léamh”: aistriúchán ródhíreach ón mBéarla>>> nuair a bhíonn cárnán leabhar againn á cheannach, ní móide go léifimíd gach ceann acu. “Tá a fhios agamsa an méid sin go cinnte ó mo chuid taithí féin”: aistriúchán ródhíreach ón mBéarla>>> tá ‘s agamsa é, mar sin é rud a dheinimse féin. “Ar an liosta ‘Fós le léamh’”: aistriúchán ródhíreach ón mBéarla. “Is gá am a chur ar leataobh”>>> tá orainn. “Dá ndéanfaí a thuilleadh de seo”: aistriúchán díreach ar “more of this”??? >>> dá ndéanfí níos mó é seo. “Seo an áit is mó a bhfuil locht ar m’argóint”: aistriúchán ródhíreach? Seo é an locht is mó?