An bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge? Chuireamar an cheist sin ar scata saineolaithe…

D’fhógair Cois Life an tseachtain seo go bhfuil an comhlacht le scor an bhliain seo chugainn. I bhfianaise na ndúshlán éagsúil a luadh leis an gcinneadh sin, an bhfuil géarchéim ann in earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge? Chuir Tuairisc.ie ceist ar shaineolaithe éagsúla

An bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge? Chuireamar an cheist sin ar scata saineolaithe…

Fidelma Ní Ghallchobhair
Aistritheoir, scríbhneoir agus ball den Choiste Téarmaíochta

Is údar mór díomá go deimhin an scéala seo ó Chois Life. Maidir leis na cúiseanna a luann siad, is fiú cuid acu a chíoradh. Cén fáth, mar shampla, a bhfuil ‘an riarachán méadaithe as cuimse’? Más ea, an bhfuil sé inghlactha ag pobal na Gaeilge go bhfuil acmhainní cruthaitheachta agus acadúla na Gaeilge á dtachtadh ag maorlathas? Céard is féidir a dhéanamh faoi?

Má tá ‘údair nua agus eagarthóirí oilte gann’, is dócha go bhfuil ceangal idir sin agus ‘caighdeán Gaeilge na mac léinn tríú leibhéal’, agus ‘díothú na nualitríochta as na hollscoileanna’. Sa chóras oideachais atá an fabht anseo, ní foláir, fabht atá tugtha faoi deara faoi seo ag a lán.

Maidir le cúrsaí léirmheastóireachta, cén fáth a bhfuil sé chomh deacair sin ‘orlach cló féin a fháil i nuachtáin ná in irisí’? Tá ceangal idir sin agus ‘an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge [a bheith] dulta ar gcúl go tubaisteach’.

Ach, fan nóiméad – b’fhéidir nach leis an nGaeilge amháin a bhaineann an fhadhb seo. Tá titim shuntasach ar an gcéatadán a léann an litríocht sonraithe i measc daoine fásta sna Stáit Aontaithe. In 2015, léigh 43% den daonra fásta ar a laghad saothar amháin litríochta sa bhliain roimhe sin, cé gur léigh 57% saothar amháin i 1982. Agus in 2017, d’fhógair Comhairle Ealaíon na Breataine go raibh an tóin tite as díolacháin, réamhíocaíochtaí agus praghsáil leabhar sa chaoi nach bhfuil údair in ann lá a bhaint amach ar theacht isteach ón scríbhneoireacht amháin. Thit na figiúirí díolacháin do ghnáthfhicsean sa Bhreatain ó £216 milliún in 2010 go £143 milliún in 2016. Luaitear cúiseanna éagsúla leis seo: go leor leor ardán eile in iomaíocht le haird an léitheora fhéideartha a tharraingt – teilifís, scannáin, cluichí ríomhaireachta, an t-idirlíon, agus is féidir iad seo ar fad a aimsiú ar an bhfón cliste sa chaoi nach gá dúinn cuimhneamh ar leabhar a bhreith linn agus muid ag dul ar thuras, nó chuig seomra feithimh an fhiaclóra, mar shampla. Is cosúil go bhfuil an tuar ag teacht ar thairngreacht amháin ar a laghad de chuid an Chadhnaigh nuair a d’fhógair sé ina óráid cháiliúil, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca i 1969:

Ach dar ndóigh is í an scríbhneoireacht i gcoitinne atá i mbaol … Cheana féin tá an tsocheolaíocht ag dul i bhfoghail ar an úrscéal. Is fada na teangeolaithe ag trácht ar urlabhar cannaithe, canned speech. Ní dóigh liom go bhfanfa i ndrámaí ach léiriú ar an telefís. Ná i scéalta ach an oiread … Ní bheidh de leabhra dhá léamh ach cinn faoi theicneolaíocht agus ceird. Ní sa scríbhneoir ach sa script-scríbhneoir agus san aisteoir a bheas tábhacht.’

An bhfuil muid mar phobal sásta an chnámh seo a scaoileadh leis gan cos ar bith a chur i dtaca?

 

Caitlín Nic Íomhair
Bainisteoir An Siopa Leabhar

Is mór an trua go bhfuil deireadh ag teacht le ceann de na foilsitheoirí is slachtmhaire atá ag saothrú i ngort na litríochta le tamall. Tá obair scóipiúil, nuálaíoch déanta ag Cois Life agus cuid de na leabhair is tábhachtaí sa teanga foilsithe acu, cuirim i gcás Éagóir le Seán Ó Cuirreáin. Tá léitheoirí na Gaeilge faoi chomaoin ag an fhoireann, ní hamháin as a n-obair dhian i gcaitheamh na mblianta ach as an ráiteas ionraic, cuimsitheach a d’eisigh siad agus an drochscéal á fhógairt acu. Tugann an ráiteas léiriú an-bheacht go deo ar na dúshláin mhóra atá roimh an léitheoireacht Ghaeilge, agus tá súil agam go spreagfaidh an scéala seo comhrá agus gníomh chun todhchaí na foilsitheoireachta a shlánú. Ní mór do phobal na Gaeilge cothú nós na léitheoireachta a áireamh ar cheann de thosaíochtaí na hathbheochana, agus aghaidh a thabhairt ar na dúshláin roimpi (oiliúint, soláthar, iomaíocht ón Bhéarla) go práinneach.

 

Alan Titley
scríbhneoir

Is dona liom go mór go bhfuil Cois Life le dúnadh. Is geall le bás de shaghas éigin comhlacht ag dul as, ach bhí rud éigin forásach, éagsúil, dúshlánach ag baint le Cois Life.

Thuig siad an margadh, agus thuig siad dáileadh, agus bhí slacht thar na bearta ar gach leabhar dár chuir siad amach. Toisc nach foilsitheoir mé, ní thuigim na fadhbanna a leanann foilsiú leabhair, ach déarfainn go bhfuil airde na spéire leo. Gaisce is ea é leanúint ar aghaidh chomh fada sin, agus tréaslaítear a saothar leo le mórbhuíochas uainn ar fad. Tá smut éigin den cheart, leis, sa mhéid a deir an comhlacht maidir le heaspa cleachtadh na léitheoireachta. Ach ní bhaineann sin leis an nGaeilge amháin.

Is cuid de chultúr na linne é. Bhí mac léinn agam in UCC a dúirt liom go raibh Ulysses á léamh acu sa chúrsa Béarla. Nuair a d’fhiafraíos di cad a shíl sí de, dúirt sí – ‘I don’t know, we only had to read one page!’. Dúshlán mór é sin do chách, agus do lucht ollscoile go ró-áirithe. Braithim féin ar uaire, gur cheart filleadh ar an nós leabhair a léamh sa rang nach mór líne ar líne ar líne, agus deimhin a dhéanamh de go bhfuil an t-ábhar léite acu. Cuirtear daltaí/mic léinn isteach sa seomra, cuirtear an seomra faoi ghlas, agus ná ligtear amach iad go bhfuil an rud mallaithe léite acu! Más le magadh a deirim é sin, tá frídín den cheart ann. Bíodh nach bhfuil léann na litríochta chomh gradamúil sna hollscoileanna faoi láthair, casfaidh sin agus fillfear arís air. Sin é cúrsa an tsaoil. Ní thig a bheith beo de cheal na litríochta. Agus fágann Cois Life oidhreacht láidir luachmhar againn idir chló agus fhocail labhartha.

 

Anna Heussaff
údar

Ba bhreá liom go spreagfadh ráiteas láidir Chois Life tuiscintí agus tacaí nua  i dtaobh fhoilsitheoireacht na Gaeilge. Dá n-íocfaí foireann margaíochta ar feadh trí bliana, abair duine i ngach cúige agus i mBaile Átha Cliath chun leabhair Ghaeilge den scoth a chur chun cinn i measc siopaí, leabharlanna, scoileanna agus grúpaí pobail, ba mhór a chuirfeadh sé le hobair mhargaíochta na bhfoilsitheoirí agus na scríbhneoirí féin. Tharla gur chuir mé féin cúpla seisiún ar siúl i mbliana do bhaill foirne leabharlanna chontae na Mí agus contae Chill Dara – rogha leabhar Gaeilge do gach spéisghrúpa a mhol mé– agus cuireadh an-fháilte roimh threoir den sórt seo.

De réir mar a thuigimse é (agus ní foilsitheoir mé), is ionann díol maith ar leabhar Béarla in Éirinn agus 2,000 – 8,000 cóip ar fad, ag brath ar an seánra, agus is ionann os cionn 10,000 cóip a dhil agus mór-ráchairt a bheith ar leabhar. Figiúir cuid mhaith níos ísle a bheadh ann i gcás filí nach bhfuil an-aitheanta, agus seánraí áirithe eile. Más ea, cén t-iontas gur 200–800 cóip de leabhar Gaeilge a dhíolfaí? Agus ós gá 2,000 cóip den leabhar a dhíol leis na costais a ghlanadh, cén t-iontas an t-éileamh ar dheontais bhreise mar aon le ceannach breise ó scoileanna agus ó ollscoileanna?

Chonaic mé féin an titim mhór le linn an chúlú eacnamaíochta: sa bhliain 2004, díoladh 2,000 cóip de mo chéad úrscéal, Bás Tobann, agus thart ar 800 cóip an ceann a díoladh den dá úrscéal bleachtaireachta liom a foilsíodh ó shin, Buille Marfach agus Scáil an Phríosúin. Níor tharla an titim úd i gcás m’úrscéalta don aos óg, áfach, ach seans maith gurb iad na ceardlanna scoile a thugaim is mó a thacaíonn leis an díolachán sa chás sin.

Tá cúiseanna dóchais ann freisin, braithim. I mbliana, bronnfar Gradam Leabhar Gaeilge na Bliana ag na Irish Book Awards den chéad uair; agus tá TG4 ag súil le cur l líon na leabhar Gaeilge a ndéanfar leagan teilifíse díobh. Agus creidim go bhfuil réimse níos leithne leabhar Gaeilge ar ardchaighdeán ar fáil anois ná mar a bhí fiche bliain ó shin – a bhuíochas sin do mhórshaothar Chois Life agus dornán foilsitheoirí eile. Bímis á léamh…

 

Tadhg Mac Donnagáin
Foilsitheoir agus scríbhneoir

Is foilsitheoir é Futa Fata atá dírithe go príomha ar an bpobal óg, páistí idir 0 agus dhá bhliain déag d’aois. Tá margadh maith ann do leabhair Ghaeilge i measc an aoisghrúpa sin. Is ag leibhéal na meánscoileanna a éiríonn rudaí casta. Tá dhá leibhéal cumais sa Ghaeilge tagtha chun cinn sa chóras bunscoile i bPoblacht na hÉireann le blianta anuas: daltaí na Gaeltachta agus na Gaelscolaíochta ar thaobh amháin agus daltaí na scoileanna a oibríonn trí Bhéarla ar an taobh eile.  Tá bearna leathan idir an dá dhream, dream amháin líofa go maith, leibhéal maith litearthachta acu i nGaeilge agus an dream eile atá taobh leis na cúpla focal. Ach nuair a bhaineann siad an meánleibhéal amach, tá said ar fad ag plé leis an gcuraclam céanna, curaclam atá dírithe ar lucht na gcúpla focal. Ní thagann mórán forbartha ar litearthacht na ndaoine líofa ag leibhéal an mheánoideachais. Bíonn siad ag plé le téacsleabhair Ghaeilge, nuair a bhíonn siad ar fáil, atá trom go maith ó thaobh na téarmaíochta de. Bíonn saibhriú teanga i gceist ansin, ach ní chuireann an streachailt le téarmaí Gaeilge na Fisice go mór le suim sa léitheoireacht Ghaeilge ar mhaithe le pléisiúr. Ó tharla gur fíorbheag an líon déagóirí a léann ábhar Gaeilge taobh amuigh de shaol na scoile, níl mórán de mhargadh ann don déaglitríocht i nGaeilge. Faoin am go mbaineann an cainteoir líofa an ollscoil amach, tá siad súite isteach ag curaclam na gcúpla focal. Tá creimeadh mór déanta ag an scéal seo ar an scíthléitheoireacht Ghaeilge le blianta anuas.

Tá curaclam nua ar an mbealach, áfach, rud a bheadh ina chuidiú mór. Spreagfadh sé foilsitheoirí agus scríbhneoirí araon le tuilleadh ábhair a chur ar fáil do dhéagóirí.

Ó thaobh daoine fásta, tá ábhar dóchais sa mhéadú atá ag teacht ar líon na gclubanna leabhar Gaeilge ar fud na tíre. An fómhar seo, reáchtálfar féile clubanna leabhar Gaeilge, an chéad imeacht dá sórt. Pobal beag atá ann, ach tá an t-éileamh ag teacht ar an mbealach nua so ón bpobal féin agus is cinnte gur cúis dóchais atá ansin.

Údar eile dóchais é an méid atá ráite ag Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, maidir leis an tábhacht a fheiceann sé le bheith ag tarraingt ar thobar na litríochta Gaeilge don scéim nua léirithe fadscannán, Cine 4. Tá dóchas agam gur spreagadh a bheas ann d’fhoilsitheoirí tuilleadh úrscéalta comhaimseartha a fhoilsiú, scéalta a d’fhéadfadh a bheith cóirithe don scáileán mór, ach a d’fhéadfadh bheith ina saothair thábhachtacha próis chomh maith. Tá pobal léitheoireachta ann, creidim, do scéalta Éireannacha den sórt sin, agus tá barúil agam go bhfuil margadh ann dóibh ar an margadh idirnáisiúnta chomh maith. Éiríonn go han-mhaith le heagráin aistrithe de shaothair údair Éireannacha ar mhór-roinn na hEorpa – creidim go bhféadfaí scéalta láidre comhaimseartha ó údair Ghaeilge a dhíol thar lear chomh maith.

Tá TG4 agus Foras na Gaeilge le moladh chomh maith as an gclár Léirmheas Leabhar a bheas ag filleadh sa bhfómhar. Níl aon chlár leabhar ar RTÉ le fada. Bheadh sé go maith clár leabhar a chloisteáil ó Raidió na Gaeltachta – ar bhealach, is fearr a fheileann clár leabhar don raidió ná don teilifís.

 

Éamonn Ó Dónaill
Stiúrthóir Gaelchultúr

Tá an nós ann le fada ráitis ghinearálta mhaslacha a dhéanamh faoi chaighdeán Gaeilge na mac léinn tríú leibhéal atá ag plé leis an Ghaeilge agus ní maith liom féin ráitis dá leithéid. Tá níos mó mac léinn ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge anois ná mar a rinne riamh cheana agus, mar gheall ar an líon mór daoine atá i gceist, tá sé deacair freastal i gceart orthu. Mar sin féin, tá céatadán suntasach mac léinn ann a bhfuil ardscileanna Gaeilge acu, go háirithe ó thaobh na teanga scríofa de. Cúpla bliain ó shin, bhíothas den bharúil nach mbeadh daoine ar fáil a mbeadh na scileanna teanga acu leis na folúntais in institiúidí an AE a líonadh, ach is léir anois go raibh dul amú orthusan a raibh an tuairim sin acu.

Is cinnte go bhfuil níos lú leabhar á léamh sa tríú leibhéal ná mar a bhí roimhe seo ach ná déanaimis dearmad go bhfuil na mílte duine ar fud an domhain a bhfuil léamh na teanga acu anois, a bhuí leis an idirlíon. Measaim féin go bhfuil an margadh ann do leabhair Ghaeilge ach gur gá díriú i gceart ar an mhargaíocht.

Le bheith ionraic, is minic a éirím féin as leabhar Gaeilge a léamh mar gheall ar chaighdeán na heagarthóireachta. Níl caighdeán ard go leor i gceist i gcás foilsitheoirí áirithe agus ní leor an milleán a chur ar mhic léinn agus ar léachtóirí tríú leibhéal i dtaca leis sin. Seachas a bheith ag gearán, b’fhearr i bhfad d’fhoilsitheoirí daoine óga a aimsiú a bhfuil gealladh fúthu, iad a spreagadh, dianoiliúint a chur orthu agus ardscileanna eagarthóireachta a mhúineadh dóibh. Tá réiteach ar an fhadhb, mar sin, ach an toil a bheith ann córas oiliúna a fhorbairt.

 

Áine Ní Ghlinn
údar

Agus í ag caint faoi na fáthanna a bhfuil Cois Life á scor, labhair Caoilfhionn Nic Pháidín go láidir agus go hoscailte faoi dhíothú na litríochta sna hollscoileanna. Dúirt sí go bhfuil caighdeán Gaeilge na mac léinn imithe in ainnise agus go bhfuil an litríocht imeallaithe ar na cúrsaí léinn.

Bheadh sé deacair argóint ina coinne. Agus faraor, tá fáinne fí i gceist. Tá múinteoirí bunscoile ag dul amach ag múineadh na Gaeilge agus gan oiread is leabhar Gaeilge amháin léite ag go leor acu.  Níl litríocht na Gaeilge ‘éigeantach’ mar chúrsa sa chuid is mó de na coláistí. Nuair a théann na múinteoirí seo amach ag múineadh conas is féidir leo grá agus spéis a spreagadh i léitheoireacht na Gaeilge mura bhfuil aon taithí léitheoireachta acu féin sa teanga?

(Cuid acu, ar ndóigh, níl líofacht ná cruinneas acu sa teanga, gan trácht ar a bheith in ann leabhar a léamh.) 

An bhfuil aon réiteach air seo? B’fhéidir go bhfuil gá le straitéis radacach – straitéis fiche bliain ina mbeadh múinteoirí Gaeilge – múinteoirí a bheadh dírithe ar na nGaeilge amháin – ag dul ó bhunscoil go bunscoil nó ó rang go rang in aon bhunscoil ar leith agus an Ghaeilge á múineadh acu? Dá ndéanfaí a leithéid go ceann fiche bliain, b’fhéidir, bheadh páistí ag foghlaim na Gaeilge ó dhaoine a bhfuil an teanga ar a dtoil acu. Diaidh ar ndiaidh, dhéanfaí an caighdeán líofachta a ardú – seachas an caolú agus an dul in ainnise atá ann faoi láthair. B’fhéidir ansin, go dtiocfadh an lá go mbeadh daltaí ag dul isteach sna meánscoileanna agus Gaeilge líofa acu, go mbeadh mic léinn ag dul isteach sna hollscoileanna agus sna coláistí oiliúna le hardchaighdeán líofachta agus go mbeadh éileamh arís ar leabhair Ghaeilge d’ardchaighdeán.

An bhfuil seans ar bith go dtarlóidh a leithéid? Bímis ag taibhreamh! 

 

Cathal Póirtéir
Cathaoirleach Aontas na Scríbhneoirí

D’éirigh le Cois Life gairmiúlacht iontach a chur i bhfeidhm ar ghnó na foilsitheoireachta agus bhí sin le tabhairt faoi deara sna cúraimí móra agus beaga a bhaineann le foilsiú leabhair ar bith. Bhí slacht ar na foilseacháin, ar an eagarthóireacht agus ar an mhargaíocht agus go háirithe, ar an réimse seánraí ar fhreastail siad orthu thar na blianta. Is mór an chailliúint iad do shaol na leabhar in Éirinn agus d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge thar aon rud eile.

Is é an dúshlán is mó atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge ná léitheoirí a mhealladh.

Aontaím le Cois Life go bhfuil sé deacair poiblíocht a fháil do leabhair Ghaeilge sna mórmheáin Bhéarla in Éirinn agus go mba chóir feabhas a chur air sin.

Aontaím fosta go bhfuil titim sa díolaíocht i gcoláistí na tíre de bharr nach bhfuil leabhair le dealramh ar go leor cúrsaí anois siocair, deirtear liom, nach bhfuil béim ar litríocht na Gaeilge mar a bhíodh ná an cumas teanga a theastaíonn ag na mic léinn a léifeadh iad. Mura bhfuil cumas Gaeilge ag ábhair oidí nó ag céimithe na Gaeilge sa lá atá inniu ann, is ceist éigeandála é do phobal na Gaeilge agus do phobal na hÉireann trí chéile go bhfuil teipthe ag an chóras oideachais cumas ceart teanga a thabhairt do dhaoine, fiú iad sin go bhfuil an stát ag brath orthu an Ghaeilge a mhúineadh do ghlúin eile.

Ceist eile é díolaíocht leabhar Gaeilge le daoine a bhfuil líofacht Ghaeilge acu ach nár léigh leabhar Gaeilge ón lá ar fhág siad an scoil.

Tá dreamanna ar nós Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge agus Cumann na bhFoilsitheoirí ar a ndícheall ag iarraidh breis airde a tharraingt ar an litríocht Ghaeilge, ach leis an stát amháin is féidir freagracht a ghlacadh as teagasc agus caighdeán na Gaeilge sna scoileanna.

Is fadhb eile an neamhaird a dhéanann go leor de lucht litríochta an Bhéarla in Éirinn ar litríocht na Gaeilge nuair a bhíonn maoiniú á dhéanamh ar fhéilte litríochta agus ar ionaid ealaíon.

Is ceist leathan í ach bheadh scríbhneoirí agus foilsitheoirí na Gaeilge thar a bheith sásta dul i gcomhairle le haon dream in aon chor ar mhaithe leis na leabhair atá againn a chur os comhair an phobail chomh héifeachtach agus is féidir.

Fág freagra ar 'An bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge? Chuireamar an cheist sin ar scata saineolaithe…'

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Mar foilsitheor leabhair as Béarla agus as Gaeilge, tuigim go maith an scéal atá ag Coils Life. Ach ceaann de na deacrachtaí is mó atá againn ná na leabhra a scaipeadh is measc siopaí leabhair. Is beag an líon siopaí atá sásta leabhar as Gaeilge a ghlacadh. Cén fáth nach bhfuil na meáin cumarsáide toilteannach léirmheasanna ar leabhair as Gaeilge a dhéanamh? Anuraidh d’fhoilsíomar leabhar dá-theangach fé Éirí Amach na Cásca. Dáileamar breis is triocha leabhar ar na meáin cumarsáide – costas mór do chomhlacht beag, gan trách ar costaisí poist €6 an cóip. Cé mhéid léirmheasanna a bhfuair an leabhar? Faic. Neamhní, seachas alt amháin i tréimhseachán beag as Gaeilge.
    Muna bhfaigheann an pobal eolas fé leabhair conas is féidir leo iad a lorg agus a léamh?

  • Gabriel Rosenstock

    https://www.arts.gov/art-works/2018/taking-note-poetry-reading-%E2%80%94federal-survey-results
    Seans go gcuirfeadh an suirbhé (thuas) iontas ar a lán, is é sin go bhfuil ardú mór ar líon na léitheoirí filíochta sna Stáit Aontaithe. Tá filíocht léite ag nach mór 12% den daonra le bliain anuas, sin 28 milliún ar fad (daoine fásta). Ní bheifeá ag súil leis sin. Conas a tharla sé? An bhfuil ceachtanna le foghlaim?

  • Gabriel Rosenstock

    PS.
    https://www.earlychildhoodireland.ie/work/information-parents/resources-parents/nursery-rhymes/
    Mar chuid den Phlean Forbartha Náisúnta, chuir Rialtas na hÉireann airgead ar fáil chun ligean do Early Childhood Ireland ‘rainn thraidisúnta’ a scaipeadh. Tá blas Sasanach ar a lán de na rainn chéanna , ‘As I was Going to St. Ives’ agus mar sin de. Blas bréag-Éireannach ar chuid eile. Níor tharraing Early Childhood Ireland as foinsí Gaelacha ar nós Cniogaide Cnagaide de chuid Nicholas Williams, de réir mar a thuigim. I bhfocail eile, mura dtumtar go luath sa Ghaeilge iad tá an cath caillte agus St Ives an sprioc chultúrtha feasta ag an 100,000 páiste a shlogann na véarsaí sin go tráthrialta.