Baineadh creathadh beag as saol liteartha na Gaeilge an tseachtain seo nuair a d’fhógair an comhlacht foilsitheoireachta Cois Life go mbeidh siad ag éirí as ag deireadh na bliana seo chugainn.
Na fáthanna a luadh lena gcinneadh, thar aon rud eile, a bhain siar astu siúd ar mór leo litríocht na Gaeilge.
I ráiteas neamhbhalbh a d’eisigh an comhlacht deir na stiúrthóirí, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, gur léir dóibh ‘go bhfuil an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach agus nach bhfuil téarnamh i ndán di’.
Tairngreacht dhuairc – go háirithe ó bhéal dhaoine a bhunaigh ceann de na comhlachtaí is ceannródaí agus is nuálaí in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge. Bhí sé d’ádh orm féin a bheith i measc na scríbhneoirí úra a chothaigh Cois Life go paiteanta síos tríd na blianta, agus beidh mé buíoch as an deis sin go deo. Is oth liom cinneadh Cois Life éirí as an bhfoilsitheoireacht, ach measaim gur ceadmhach do dhaoine éirí as pé gnó ar a rogha cúis.
Mar sin féin, mar a dúirt Úna Bhreathnach ar Twitter Dé Céadaoin, ‘tá comhrá ag teastáil go géar anois faoi chaighdeán na Gaeilge agus na scíthléitheoireachta’.
Tá comhrá ag teastáil go géar anois faoi thitim chaighdeán na Gaeilge agus na scíthléitheoireachta, ceann de na cúiseanna a bhfuil @CoisLife ag éirí as. https://t.co/NfOuQMDTwG pic.twitter.com/wkiH44Z52c
— Úna Bhreathnach (@unaeb) 17 Iúil 2018
Tá tús curtha leis an gcomhrá sin ó shin, mar is léir ón alt seo ar Tuairisc.ie.
Is gá leanúint leis an bplé. Go háirithe eadrainn féin gur cás linn litríocht na Gaeilge.
Is cinnte go bhfuil a bhfreagracht féin ar an stát, ar institiúidí tríú leibhéal agus ar eagraíochtaí teanga i leith litríocht na Gaeilge, ach ná déanaimis dearmad gur féidir linn féin – léitheoirí na Gaeilge – gníomh simplí dearfach a dhéanamh chun nós na scíthléitheoireachta sa Ghaeilge a spreagadh: leabhair Ghaeilge a cheannacht.
An bhfuil géarchéim in earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge? Chuireamar an cheist sin ar scata saineolaithe…
Dúinn féin, dár gcairde, dár ngaolta – ach go háirithe dár gclann, dár ngarchlann, dár nianna agus neachtanna. Don chéad ghlúin eile. Maidir le nós nádúrtha léitheoireachta a chothú, dá fheabhas é ní sháródh feachtas margaíochta ná oiliúint ollscoile iarrachtaí tuismitheoirí, aintíní, uncaileacha agus cairde.
Tá sárobair déanta le blianta beaga anuas ag Leabhra Feabhra ag iarraidh nós úr a bhunú: leabhair Ghaeilge a bhronnadh ar chairde nó gaolta ar Lá ‘le Bríde. Ach tá breithlaethanta ann, tá an Nollaig ann. Cén fáth nach dtabharfaimisne – sinne gur cás linn litríocht na Gaeilge – móid shollúnta leabhair Ghaeilge a thabhairt mar bhronntanais feasta?
Glacaimis leis go bhfuil freagracht orainn ar fad, mar phobal na Gaeilge, litríocht na Gaeilge a choinneáil ní hamháin beo, ach beathach.
Éadóchasach
Go gceannaír an oiread leabhar is mian leat, feictear dom nach leor san chun dul i ngleic leis na dúshláin eile gur luadh iad i ráiteas Chois Life: ‘Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte AGUS léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor.’
An mó leabhar go gcaithfear a cheannach chun stop a chur le crapadh na Gaolainne?
Níl i ndúnadh Chois Life ach comhartha an chraptha. An é crapadh na teangan comhartha a báis? Is maith an scéalaí an aimsir – ‘is nach maith an rud nach dteastaíonn eagarthóir ná léitheoirí uaithi…