Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor

Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríobh agus léamh na teanga

Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor

Tá crapadh na Gaeilge, ró-ualach riaracháin, easpa scríbhneoirí agus eagarthóirí oilte, agus easpa léitheoirí agus léirmheastóireachta luaite ag stiúrthóirí Chois Life lena gcinneadh an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú a scor ag deireadh na bliana seo chugainn.

Deir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, chomh maith go bhfuil “crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge”.

Sa ráiteas a chuir stiúrthóirí Chois Life, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, amach inniu ag fógairt scor an chomhlachta, déantar trácht go neamhbhalbh ar na dúshláin atá roimh fhoilsitheoirí na Gaeilge agus ar an ngéarchéim atá ann ó thaobh scríbhneoireachta agus léitheoireachta sa teanga.

Deirtear sa ráiteas sin gur thug Cois Life faoi “dúshláin na hoibre” a bhaineann le foilsitheoireacht na Gaeilge le breis is 20 bliain anuas agus go raibh rath ar an gcomhlacht le linn na tréimhse sin.

Deirtear, áfach, go bhfuil “dúshláin nua braite” ag na stiúrthóirí le déanaí “a chuireann leis an ualach agus a laghdaíonn an sásamh ealaíne agus intleachtúil a ghabhann le hobair na foilsitheoireachta Gaeilge”.

“Tá an riarachán méadaithe as cuimse. Tá údair nua agus eagarthóirí oilte gann. Thit an tóin as an margadh sa chúlú eacnamaíochta agus cé gur tháinig feabhas áirithe ar chúrsaí le cúpla bliain anuas is léir go bhfuil an scíthléitheoireacht sa Ghaeilge dulta ar gcúl go tubaisteach agus nach bhfuil téarnamh i ndán di.

“Tá caighdeán Gaeilge na mac léinn tríú leibhéal imithe in ainnise, agus tá an litríocht imeallaithe ar na cúrsaí léinn sa tslí go bhfuil mórán saothar ag Cois Life anois ‘ródheacair’ do chuid mhór mac léinn bunchéime agus leisce dá réir ar léachtóirí iad a roghnú ar chúrsaí. Tá crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge.”

Déantar trácht chomh maith i ráiteas Chois Life ar an easpa léirmheastóireachta a dhéantar ar leabhair Ghaeilge agus ar na fadhbanna a bhaineann le dáileadh leabhar Gaeilge agus le poiblíocht a fháil dóibh.

“Cé go mbíonn léirmheasanna áirithe ar na meáin chraolta is deacair orlach cló féin a fháil i nuachtáin ná in irisí. Agus tá na mórdhúshláin a bhain riamh le dáileadh agus le margaíocht leabhar Gaeilge gan aon réiteach sásúil go fóill. An díolachán ar líne anois an t-aon ábhar dóchais sa réimse sin.

“Éiríonn go maith leis na teidil is féidir a nascadh go dlúth le curaclam na scoileanna agus is cinnte go bhfuil deis mhaith fiontraíochta sa réimse sin don té a chuirfeadh suim ann.”

Dhíol Cois Life 104,800 leabhar ó bunaíodh é i 1995 go Meitheamh 2018, a dúradh inniu. 155 teideal, 74 údar nó eagarthóir, ar fad a foilsíodh agus tá 120 díobhsan fós i gcló.

Tógfaidh Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta Chois Life ar láimh ag deireadh na bliana seo chugainn

Fág freagra ar 'Crapadh na Gaeilge, easpa scríbhneoirí, eagarthóirí oilte agus léitheoirí – na dúshláin ba chúis leis an gcinneadh Cois Life a scor'

  • Mánus

    Scéal truamhéalach. Nïl léitheoirí ann do leabhair i nGaeilge. Cúis amháin ná nach réitíonn an Ardteist pháistiúil atá againn le 30 bhliain aon duine chun leabhair ar nós Dúil, Scothscéalta, Bríd Bhán, l’Attaque, an t-Oileánach, Banana, an Dochtúir Áthais srl a léamh ar an gcaoi céanna is a léann daoine úrscéalta Bhéarla. Séard atá ar bun sna ranna Ghaeilge sna hollscoileanna ná líon na scoláirí a roghnaíonn an Ghaeilge mar ábhar céime a mhéadú. Is cuma faoin chúrsa simplí neamhdúshláach cuirtear ar fáil dòibh. “Bums on seats”…an rud is tábhachtaí. Tá impleachtaí aige seo maidir leis an Ghaeilge a mhúineadh sna Gaelcholáistí.

  • Éadóchasach

    “Tá caighdeán Gaeilge na mac léinn tríú leibhéal imithe in ainnise, agus tá an litríocht imeallaithe ar na cúrsaí léinn sa tslí go bhfuil mórán saothar ag Cois Life anois ‘ródheacair’ do chuid mhór mac léinn bunchéime agus leisce dá réir ar léachtóirí iad a roghnú ar chúrsaí. Tá crapadh na teanga mar aon le díothú na nualitríochta as na hollscoileanna tubaisteach d’fhoilsitheoir liteartha agus d’údair chruthaitheacha na Gaeilge.”

    Nach searbh í an fhírinne? Ní féidir liom mórán a chur lena bhfuil ráite ag (iar-)stiúrthóirí Chois Life. Feictear dom, áfach, gurb é an rud is measa ná go dtosnaíonn an crapadh blianta fada sara raghaidh na mic léinn thar thairseach na hollscoile. Tá an teanga imithe chun an laige ag gach uile leibhéal den gcóras oideachais, agus lasmuigh den gcóras oideachais tá glothar an chraptha chéanna le clos i mbeagnach gach uile ceann desna háiteanna gurbh fhéidir le duine ‘Gaeltacht’ a thabhairt orthu. Is bocht an scéal scéal na Gaolainne, gan dabht, ‘is ní fheadarsa cén críoch a bheidh leis, nó léi fiú…

  • Gabriel Rosenstock

    Maidir le easpa léirmheasanna. Níl Tuairisc.ie ag cur thar maoil le léirmheasanna, an bhfuil? Ba cheart daoibh colún léirmheastóireachta a bheith agaibh uair in aghaidh na seachtaine, idir litríocht na Gaeilge agus litríocht idirnáisiúnta.
    Maidir le teanga na n-údar a bheith ródheacair: an ar na scríbhneoirí féin atá cuid den lucht? Mhol an Duaiseoir Nobel, Ernest Hemingway, do scríbhneoirí an tsimplíocht a chleachtadh. Ní gá leas a bhaint as abairtí fada casta ná carraigeacha focal ná ró-ornáidíocht chun tú féin a chur in iúl go héifeachtach agus go healaíonta.

  • Des O Murchu

    Abhair fior acaduil a bheadhc deacair a dhiol I mBearla na habhair Cois Life!? Deacair diol in Bearla gan tracht ar Gaeilge? Des O Murchu

  • laoise

    Ní bhíonn ach fíorbheagán ag tabhairt faoi leabhair dhúshlánacha a léamh in aon teanga, an Béarla san áireamh. Séard a bhíonn á léamh ag ag an gcosmhuintir ná scíthleabhair. Bígí ag léamh céard a thaitionn libh. Neart leabhair amuigh ansin nach bhfuil ‘Ró- dheacair’ – cibé a chiallaíonn sé sin.

  • thar lear

    Na trachtairi thuas, no duine ar bith eile, ceard iad na leabhair scithleitheoireachta a mholfadh siad/sibh? Liosta le bhur dtoil! Agus na bigi ag tarraingt chun bhur muilinn fein!