An comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le dúnadh

Tógfaidh Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta Chois Life, a bunaíodh i 1995, ar láimh ag deireadh na bliana seo chugainn

An comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le dúnadh

Máirín de Brún, cathaoirleach an Oireachtais, ag bronnadh gradam Reics Carló ar Áine Ní Ghlinn, scríbhneoir, agus Caoilfhinn Nic Pháidín, foilsitheoir, Cois Life

Tá an comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le scor ag deireadh na bliana seo chugainn.

Buille mór d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge é scor an chomhlachta a tháinig ar an bhfód i 1995 agus ar thuill caighdeán a shaothar moladh go leor.

Dhíol Cois Life 104,800 leabhar ó bunaíodh é go dtí Meitheamh 2018, a dúradh inniu. 155 teideal, 74 údar nó eagarthóir, ar fad a foilsíodh agus tá 120 díobhsan fós i gcló. Tá 52 teideal de chuid an chomhlachta ar fáil mar ríomhleabhair agus13 teideal ar fáil mar chlosleabhair.

Dúirt stiúrthóirí an chomhlachta, Caoilfhionn Nic Pháidín agus Seán Ó Cearnaigh, gur oth leo an scéal go mbeidh an comhlacht á scor an bhliain seo chugainn ach go raibh siad “mórálach” as an méid a bhí bainte amach acu mar fhoilsitheoirí.

Bhí “áthas” orthu, a dúradh, go bhfuil sé i gceist ag Cló Iar-Chonnacht stoc agus cearta Chois Life a thógáil ar láimh. Déanfaidh Cló Iar-Chonnacht cúram de riar an stoic, iadsan a bheidh ag plé le ceadanna athfhoilsithe leabhar Chois Life agus “eisiúint athchlónna de réir chúinsí an mhargaidh”.

“Tá Cois Life mórálach as a bhfuil bainte amach go dtí seo chun an fhís bhunaidh a bhí againn a fhíorú: saothair liteartha agus taighde a chur ar fáil i nGaeilge. Táimid buíoch ó chroí dár gcomhpháirtithe uile san obair sin.

“Is ábhar misnigh agus sásaimh dúinn go nglacfaidh Cló Iar-Chonnacht cúram na dteideal foilsithe úd ar láimh. Tá lánmhuinín againn as a gcumas chun caidreamh fónta a chothú le húdair Cois Life agus táimid ag súil go bhfeicfear saothair spreagúla nua ag teacht ar aghaidh ón gcomhoibriú sin de réir a chéile.

“Mar chéim thosaigh ar an mbóthar sin tá sé i gceist go bhfoilseoidh Cló Iar-Chonnacht trí theideal a thionscain Cois Life nach mbeidh deis againn a fhoilsiú roimh dheireadh 2019,” a dúradh i ráiteas a d’eisigh Cois Life inniu.

Dúirt Caoilfhionn Nic Pháidín go mbraithfidh sí féin agus a comhstiúrthóir Seán Ó Cearnaigh uathu “an spreagadh agus an chruthaitheacht a bhaineann le hobair na foilsitheoireachta” agus go rabhadar ag súil beirt “le deiseanna scíthléitheoireachta sna blianta romhainn”.

 

Fág freagra ar 'An comhlacht foilsitheoireachta mórchlú Cois Life le dúnadh'