Ní hí an Chríostaíocht an chloch is mó ar phaidrín an DUP ach an fuath don Ghaeilge

Is léir gur léir nach mó ná sásta atá an páirtí go bhfaigheadh eite Chríostaí an pháirtí léargas ar chreideamh an pháirtí

Ní hí an Chríostaíocht an chloch is mó ar phaidrín an DUP ach an fuath don Ghaeilge

Agus blianta caite acu ag an DUP ag caitheamh anuas ar an nGaeilge, bhuail an Ghaeilge bob orthu le déanaí.

Ach ní ráiteas nó gníomh ón Dream Dearg, nó ó Fhoras na Gaeilge nó ó Móglaí Bap agus Mo Chara ba shiocair leis ach ceann de phríomhardáin an aontachtais, an Newsletter i mBéal Feirste. 

Scríobh Sam McBride sa nuachtán céanna píosa anailíse le déanaí inar mhaígh sé gur túisce a ghlacfadh an DUP le hathrú ar an dlí maidir le ginmhilleadh ná mar a ghlacfaidís le hacht Gaeilge. Píosa a bhí ann a léirigh gur minic gurb í an ghráin atá acu ar an nGaeilge an chloch is mó ar phaidrín an DUP. Chuir a ndúirt McBride san alt alltacht ar mhac an urramaigh chlúitigh, Ian Paisley. Scaoil Ian Paisley Junior le racht feirge agus rinne sé ionsaí fíochmhar ar McBride. Bhí a ionsaí chomh pearsanta gránna sin gur thug an NUJ ionsaí “míchuibhiúil gan údar” air. Bhí sé chomh gangaideach sin gur ghabh Paisley leithscéal iomlán le McBride.

B’in deireadh an scéil mar sin?

Ní hea, go baileach. Bhí an ceart ag an NUJ “ionsaí gan údar” a thabhairt air ach bhí údar ag Paisley mar sin féin. 

Cuireadh síol an scéil i ndáiríre i mí Iúil nuair a tugadh reachtaíocht isteach in Westminster i dtaobh cearta pósta agus ginmhillte i dTuaisceart Éireann.

Ghlac móramh mór le moladh an fheisire Conor McGinn go mbeadh dualgas ar rialtas Westminster ceart an phósta chomhghnéis i dTuaisceart Éireann a chur ar bhonn reachtúil mura mbeadh an feidhmeannas in Stormont ag feidhmiú arís faoin 21 Deireadh Fómhair seo chugainn. Ghlac móramh mór d’fheisirí Westminster chomh maith le moladh an fheisire Stella Creasy go gcuirfí ar ceal an dlí coiriúil maidir le ginmhilleadh sa Tuaisceart agus go nglacfaí le reachtaíocht atá bunaithe ar mholtaí Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh leithcheal ar mhná.

Go bunúsach, bhí dlíthe á dtabhairt isteach i Londain do na sé chontae mar gheall ar an easpa rialtais in Stormont agus mar gheall ar an bhfrustrachas a bhí ar dhaoine le heaspa tola an DUP teacht ar chomhréiteach. Cuireadh an dá bhille tríd i bhfoisceacht 15 nóiméad dá chéile.

Ach bhí cor eile sa scéal, dá gcuirfí Stormont sa siúl arís roimh an 21 Deireadh Fómhair, bheadh deis ag baill an tionóil an reachtaíocht a aisghairm.

Spreagadh a bheadh anseo a dúradh, le feidhmeannas an Tuaiscirt a chur ag obair arís.

Ach mar a léirigh ionsaí Paisley ar McBride is ceist an-leochaileach í seo don DUP. Mhaígh Paisley, i measc rudaí eile, go raibh an ghráin ag McBride ar bhunluachanna na Críostaíochta agus ar chearta an linbh sa mbroinn. Ar an gcéad léamh, b’fhéidir nach gcuirfí mórán suntais in ionsaí gránna gan údar mar seo. Céard a dhéanfadh mac can chait ach luch a mharú?

Ach bhí pointe ar leith ag Sam McBride ina alt a spréach Paisley. Is é sin gur cuma leis an DUP i ndáiríre faoin gCríostaíocht ná faoin nginmhilleadh agus nach bhfuil iontu dáiríre ach uirlisí chun soiscéal an DUP féin a chraobhscaoileadh. I bhfocail eile, tá an oiread gráin acu ar an nGaeilge gurbh fhearr leo bunchloch de chuid a gcreidimh agus a bhféiniúlachta, mar dhea, a chaitheamh i dtraipisí ná géilleadh do Thaidhgín agus a theanga.

Chaill Paisley an cloigeann mar gheall ar a shoiléire is a bhí an cur síos ag Sam McBride ar mhianta an pháirtí agus mar gur thuig fear an DUP gur ag caint le léitheoirí aontachtacha a bhí sé.

D’fhéadfadh an DUP an deis seo atá acu le stop a chur le reachtaíocht ghinmhillte sa Tuaisceart a thapú ar an toirt ach acht teanga a ghairm. Ach níl siad sásta é sin a dhéanamh, rud a léiríonn dá gcosmhuintir nach í an Chríostaíocht atá ar halmadóir an DUP ach an fuath. Agus ní mó ná sásta atá an páirtí go bhfaigheadh eite Chríostaí an pháirtí a leithéid de theachtaireacht.

Is deacair McBride a bhréagnú. Dá mba a mhalairt atá i gceist, mar a mhaíonn Paisley agus an DUP, bheadh na cearta céanna teanga á dtabhairt isteach acu don Ghaeilge is atá cheana féin ag Gaeilge na hAlban agus ag an mBreatnais, ar mhaithe le cosc a chur an nginmhilleadh. Ach níl siad sásta an ceart sin a ghéilleadh. 

Ceist eile do Conor McGinn, Stella Creasy agus feisirí eile, ar ndóigh, cén fáth nár cuireadh acht teanga agus cearta san áireamh i mí Iúil? Gan caint ar phraiseach an Bhreatimeachta? Ba ghearr é le hiarracht Reliant Robin (carr buí trí roth na Trotters in Only Fools and  Horses) a chur ar an mbóthar agus gan faoi ach an dá roth.

Dá mbeadh na rudaí sin curtha san áireamh in Westminster i mí Iúil, bheadh Stormont ag feidhmiú anois agus seans maith nach mbeadh an baol ann go mbeadh an Ríocht Aontaithe ag fágáil an AE gan socrú. 

Ach meas tú an amhlaidh go raibh móramh láidir in Westminster den tuairim go raibh sé sách maith ag an DUP iad a cheangal le cearta comhionannais ach nach raibh móramh chomh láidir céanna ann a chuirfeadh ina gcoinne faoi cheist na Gaeilge? B’fhéidir go dtiocfadh splanc léargais chucu fós, ach nach ait an mac an saol agus go bhféadfadh gurb iad an DUP féin is túisce a thabharfaidh aghaidh ar bhóthar na tuisceana?

Bhíodh an cheist á cur go dtí le gairid, meas tú ar deacra iarracht acht teanga a thabhairt isteach sna sé chontae ná ceist an Bhreatimeachta féin a réiteach? 

Níor thóg sé ach 15 nóiméad i mí Iúil 2019 le dhá phíosa reachtaíochta a bhain le Tuaisceart Éireann a chur tríd an bparlaimint.

Cé acu is éasca don DUP, a bheith ag cur in aghaidh an chúlstop is an acht teanga nó Cuan an Fhir Mhóir a thaoscadh? Nárbh éasca dóibh éirí as an iarracht an crogall bocht Gaelach a spíonadh?

Shílfeá é.

Fág freagra ar 'Ní hí an Chríostaíocht an chloch is mó ar phaidrín an DUP ach an fuath don Ghaeilge'

  • An Teanga Bheo

    An chloch is lú dhoibh an teanga Ghaeilge