Ní ghéillfear faic go bog i bPáirc na nGael anocht

Cé nach bhfuil an dícháiliú nó an t-ardú céime i gceist i Roinn 1A i mbliana, is cosúil go mbeidh an iomaíocht chomh dian is a bhí riamh

Ní ghéillfear faic go bog i bPáirc na nGael anocht

Dan Morrissey ag imirt do Luimneach i gcoinne Thiobraid Árann i Sraith na Mumhan. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Beidh an dara babhta cluichí sa tsraith Allianz ar siúl anocht agus amárach agus cuid maith imreoirí ag imirt a gcúigiú cluiche taobh istigh de choicís. Cuimhnigh chomh maith ar chúrsaí sláinte agus sábháilteachta i gcás na mac léinn cumasach atá i lár chomórtas Mhic Ghiobúin agus an oiread sin imeartha agus taistil á dhéanamh acu. Tá sé seo mícheart, go háirithe an t-am seo den bhliain nuair atá na páirceanna chomh mífheiliúnach don spórt sciliúil, ealaíonta seo. 

Pé scéal é, tá an chéad chluiche sa phríomhroinn ar siúl anocht i bPáirc na nGael agus Luimneach agus Tiobraid Árann ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Cé nach bhfuil an dícháiliú nó an t-ardú céime i gceist i mbliana, ní raibh mórán maolú ar an iomaíocht le feiscint sa chéad bhabhta cluichí i roinn 1A seachtain ó shin. Ní dóigh go mbeidh na himreoirí á thógaint go réidh anocht ach oiread. 

Is iomaí cluiche, i rith na mblianta, inar thug na Tiobraid Árannaigh léasadh dá gcomharsana ach ní dóigh go mbeidh coimhlint aontaobhach againn anocht. Beidh an-slua i Luimneach agus an fhoireann baile ag imirt a gcéad chluiche sraithe ar an bhfód dúchais ó bhuaigh siad craobh na hÉireann agus an tsean-namhaid mar fhreasúra acu. Bhí an bua ag an dá fhoireann an deireadh seachtaine seo caite agus léirigh siad cuid de na dea-thréithe a mbíonn súil ag bainisteoirí leo an t-am seo bliana. Bhíos an-tógtha le spiorad agus díocas na dTiobraid Árannach, an cineál tréithe a bhí in easnamh orthu le cúpla bliain anuas. Léirigh  captaen nua na foirne Seamus Callanan mianach na ceannaireachta atá ann agus lean formhór na n-imreoirí a dhea-shampla. Ní raibh aon easpa díocais le feiscint sa chluiche idir Luimneach agus Loch Garman ach an oiread agus is léir go mbeidh Luimneach i lár an aonaigh arís i mbliana. Ceapaim go mbeidh ardchoimhlint againn anocht agus cearta gaisce á lorg ag an dá chontae.

Chaill Corcaigh agus Loch Garman a gcéad chluiche agus is cinnte go mbeidh an dá chontae sin ag iarraidh leorghníomh a dhéanamh amárach. Tá buntáiste an bhaile ag Corcaigh agus beidh slua mór dá lucht leanúna i láthair. Caithfidh siad feabhsú mar taispeántas leamh go leor a thug siad uathu i bPáirc Uí Nualláin seachtain ó shin. Ghéilleadar dhá chúl agus tríd is tríd níor oibrigh siad crua go leor, murab ionann agus Cill Chainnigh arb é an craos chun oibre a bhíonn orthu ceann de na rudaí is suaithinsí fúthu.

Chomh maith leis sin, níor thapaigh tosaithe Chorcaí dóthain de na deiseanna scórála a cruthaíodh. 

Ní thabharfaidh Loch Garman cead a gcinn dóibh ach oiread agus cé gur chaill siad sa deireadh thaispeáin foireann Davy Fitzgerald an tseachtain seo caite go bhfuil teacht aniar iontu. Ní dóigh go mbeidh mórán idir na foirne anseo ach an oiread.

Tá cluiche deireanach roinn 1A in Inis agus seaimpíní an chomórtais Cill Chainnigh ag teacht ar cuairt. Do chuid maith den cluiche i gcoinne Thiobraid Árann seachtain ó shin bhí an Clár ar gcúl agus nuair a taispeánadh an cárta dearg conspóideach do Tony Kelly bhí a rás rite. Tá a fhios acu nach bhfaighidh siad aon rud éasca ó na Cait agus ní bhfaighidh.

Bhí Cill Chainnigh tomhaiste, paiteanta, crua-oibríoch i gcoinne Chorcaí seachtain ó shin. Beidh siad mar an gcéanna amárach agus nuair a bhíd mar sin, is deacair iad a bhualadh. 

Fág freagra ar 'Ní ghéillfear faic go bog i bPáirc na nGael anocht'