Ní haon easpa measa ar Johnny Sexton is cúis le Andy Farrell agus lucht bainistíochta fhoireann idirnáisiúnta rugbaí na hÉireann a bheith á fhágáil ar lár do chluiche Sé Náisiún an lae inniu i gcoinne na hIodáile sa Róimh. Meas, ní hamháin ar an aois atá ag an leath-chúil amuigh is sine a d’imir don tír seo ariamh, ach meas freisin ar a thábhachtaí is atá sé go mbeadh Sexton aclaí agus folláin do na cluichí Sé Náisiún atá fós le himirt i gcoinne na hAlban in nDún Éideann faoi cheann coicíse agus i gcoinne Shasana i Staid Aviva le linn dheireadh seachtaine na Féile Pádraig.
Cuirfidh rogha Andy Farrell chun páirce sa Róimh inniu i gcoinne na foirne Iodálaí is fearr a chuir chun páirce sa gcomórtas seo ariamh. Is beag nár bhain siad geit as na Francaigh agus iad sa mbaile i mBabhta 1. Bhí an t-ádh dearg ar na Francaigh gur thug siad an lá leo (29-24) ag deireadh an chluiche sin. Ainneoin gur bhuaigh na Sasanaigh 31 – 14 ina gcoinne in Twickenham coicís ó shin, léirigh na hIodálaigh go bhfuil dóthain troda agus teacht aniar iontu chun dúshlán na dtíortha móra rugbaí a thabhairt i gcluiche idirnáisiúnta. Creideann an fhoireann Iodálach seo gur féidir leo bua nó dhó a fháil i gcomórtas na bliana seo agus más leo sin a dhéanamh, seans gur sa mbaile atá an deis is fearr acu. Ciallaíonn sin go gcaithfidh foireann na hÉireann a bheith an-chúramach inniu.
I dtosach báire caithfidh siad bua a chinntiú. Seans, dá bhrí sin, go bhfágfaidh siad an imirt shnasta, ghalánta uathu go dtí go mbeidh Farrell cinnte go bhfuil na pointí deimhnithe ag a fhoireann.
Beidh imirt na hÉireann crua, fisiciúil agus sciobtha ón tús, na tosaithe ag ionsaí i línte díreacha agus mar phaca fíochmhar ag cruthú seasanna ar chiceanna éirice do Ross Byrne agus bearnaí do na cúlaithe gasta sin atá ag imirt sa ngeansaí glas.
Cé go bhfuil cúpla páirtnéireacht nua i bhfoireann na hÉireann, leithéidí Casey agus Byrne sna leathchúil chomh maith le Henderson agus Ryan sa dara line tosaithe, níl cúis ar bith nach féidir linn cúig phointe a thabhairt abhaile linn an Satharn seo ach caithfidh muid a bheith airdeallach agus foighneach.
Tuigeann chuile dhuine go bhfuil seans iontach againn ar an gcraobh i mbliana ach caithfidh muid bua a fháil i chuile chluiche. Cuimhnigh nach bhfuil aon chluiche thart go dtí go gcaitear an t-ochtú nóiméad. Is beag nach ndearna na Sasanaigh an botún sin i gcoinne na nIodálach coicís ó shin. Ní dóigh go ndéanfaidh Farrell an dearmad sin inniu.
Seans go mbeidh an dara cluiche tráthnóna inniu idir an Bhreatain Bheag agus Sasana sách leataobhach. Beidh na Sasanaigh ar a míle dícheall ag iarraidh iad féin a ardú ar an tábla anois agus cluiche amháin as péire caillte acu. Ag an am céanna níor bhuaigh na Breathnaigh tada fós agus tá na maidí imithe le sruth go hiomlán uatha. Ní hamháin sin ach seo é an cluiche baile deireanach ag na Breathnaigh rud a chuireann go mór leis an mbrú atá orthu. Ní dóigh liomsa go bhfuil an tallann acu chun aon tionchar a bheith acu ar thoradh an chluiche seo.
Amárach, cuirfidh na Francaigh fáilte go Páras roimh Albain, foireann atá lán de mhuinín agus dhá bhua maithe faighte acu, i gcoinne Shasana agus na Breataine Bige. Tá mí-ádh ar Albain gur i gcoinne na bhFrancach a bheas siad amárach. Seo é an chéad chluiche baile ag na Francaigh i gcomórtas na bliana seo agus iad ag iarraidh na deacrachtaí a tháinig chun solais sa gcéad dhá chluiche a cheartú. Mura dtugann na Francaigh taispeántas cuimsitheach a chinntíonn bua maith uathu, tá an baol ann go dtréigfidh a lucht leanúna iad. Seans go n-íocfaidh Albain go daor as an díograis agus an díocas atá ar na Francaigh faoi láthair.
Fág freagra ar 'Ní foláir d’fhoireann Farrell a bheith foighneach'