Ní fios cad tá faoin bhfód móna nó istigh ann

Déanann Rúin na bPortach mistéir staire, chultúrtha agus eolaíochta na móna a nochtadh dúinn

Ní fios cad tá faoin bhfód móna nó istigh ann

Ní fios cad tá faoin bhfód móna, nó istigh ann fiú. Bhí an dara gála de Rúin na bPortach (TG4, Dé Céadaoin) againn an tseachtain seo. Sa tsraith trí chlár seo tá Cormac Ó hÁdhmaill ag iarraidh an scraith a bhaint de na portaigh leis na rúin staire, chultúrtha agus eolaíochta a nochtadh dúinn. Meabhraíodh dúinn ag tús an chláir go gclúdaíonn portaigh 3% de dhromchla na cruinne agus go bhfuilid ar fáil i dtíortha ar fud an domhain.

Ní haon ionadh mar sin go gur comhghuaillíocht idirnáisiúnta a thug an tsraith seo chugainn. Faoi mar atá feicthe againn cheana le saothair den chineál seo, is clár dátheangacha a dhéantar a sholáthar. Bhí sé go deas míreanna a bheith againn i nGaeilge na hAlban.

Tá 10,000 bliain i gceist le gach 10 méadar de phortach agus sé an portach céanna atá deas ar iarsmaí a chaomhnú. Ní haon iontas mar sin go dtiocfadh iontais aníos ar an sleán. Vae linn ar dtús ar an gCéadaoin chuig dún Rómhánach Vindolanda i dtuaisceart Shasana mar ar caomhnaíodh iarsmaí suaithinseacha sa chré ansin.

Fuaireas ana-bhlas ar an gcaint a deineadh faoi thaisí coirp a fuarthas in áiteanna éagsúla in Éirinn. Tráchtadh ar fhear Chruacháin ar dtús. In 2003 thángthas ar chabhail agus ar ghéaga fir a meastar a bhaineann leis an Iarannaois. An bhliain chéanna thángthas ar thaisí eile suas an bóthar i gCluain Uí Chaomháin. Ba den uasaicme an bheirt acu agus seans go raibh aithne acu ar a chéile. Bhí foréigean i gceist le bás fhear Chruacháin, b’fhéidir gur íobairt de shaghas éigin a bhí inti.  Bheadh tine ar do chraiceann ag éisteacht leis. Luadh chomh maith fear Ghallaigh agus fear Bhaile Bharúin Thiar. Iad ar fad againn a bhuíochas don mhóin. Caithfear turas a thabhairt ar Ard-Mhúsaem na hÉireann arís uair éigin.

Bhí mír eile againn as Achaidh Chéide Mhaigh Eo, láthair shainiúil eile inar nocht an mhóin rúin na staire. Tá a shaol caite ag an Ollamh Séamas Caulfield ag iniúchadh na láithreach sin atá níos sine ná na Pirimidí. Canathaobh ná beadh mar ba é a athair féin a tháinig ar na fallaí agus é ag baint mhóna ansin i 1934. Go deimhin sé a ghríosaigh lucht seandálaíochta le dul i mbun iniúchta. Tá 100 km d’fhallaí fé thalamh anseo; fallaí atá tuairim is 5,000 bliain d’aois agus a thugann éachtaint dúinn ar conas a roinn feirmeoirí an talamh eatarthu.

Sa bhreis ar na míreanna Éireannacha tugadh foghanna faoin Albain, Ceanada, An Fhionlainn agus an Ísiltír mar ar deineadh trácht ar chúrsaí caomhnaithe, cogaí cáiliúla i bportaigh agus an úsáid a baineadh as an gcaonach nó an sfagnam mar chóir leighis nó cóiriú machaire i rith an Chéad Chogaidh Dhomhanda. Clár breá taitneamhach a thugann léargas áitiúil agus domhanda ar thábhacht na móna.

Fág freagra ar 'Ní fios cad tá faoin bhfód móna nó istigh ann'

  • Criostóir Ó Floinn

    ‘Sa tsraith trí chlár seo tá Cormac Ó hÁdhmaill ag iarraidh an scraith a bhaint de an portaigh leis na rúin staire’. Bíonn na botúin ghramadaí agus chomhréire le feiceáil níos minice ar Tuairisc.ie na laethanta seo – an mbíonn aon eagarthóireacht nó profléitheoireacht ann in aon chor?

  • jpmorley0@gmail.com

    Criostóir Ó Floinn:
    Cá’il an botún/na botúin?
    …”an scraith a bhaint de na portaigh”…an rud atá scríte ach tá earráid curtha agat féin ann!!

  • jpmorley0@gmail.com

    “…leis na rúin staire srl….a nochtadh dúinn.” Abairt gan mhaisle gan mháchaill.

  • Pól Ó Braoin

    Sa tsraith trí chlár seo tá Cormac Ó hÁdhmaill ag iarraidh an scraith a bhaint de na portaigh leis na rúin staire, chultúrtha agus eolaíochta a nochtadh dúinn.
    Ní fheicim rud ar bith míchruinn leis an abairt sin, a Chriostóir.
    Nár lagaí Dia Breandán agus breathnóidh mé féin ar an gclár céanna le cúnamh Dé.

  • Mick

    A JP, a chara,
    Nach mbeadh sé níos fearr d’imní a chur in iúl do Tuairisc.ie go díreach? Dála an scéil, ní fheicim aon fhadhb san alt. Níl sé ceart an t-údar a mhaslú mar seo! Cá bhfuil do bhéasa?

  • jpmorley0@gmail.com

    Gabhaim pardún agaibh, ní raibh sé i gceist agam éinne a mhaslú. Tabharfad m’aghaidh ar an bportach anois, tá cneasú intinne le fáil ansin.