Ní fhéadfadh an dianghlasáil féin fáil réidh leis na míola gruaige!

Is cosúil, faraor, gur deacra na míola gruaige a chloí ná an coróinvíreas féin

Ní fhéadfadh an dianghlasáil féin fáil réidh leis na míola gruaige!

Splanc dhóchais amháin a shíl muid a thiocfadh ón dianghlasáil ná go mbeadh deireadh leis na míola gruaige.  

Is cuimhin liom gur dhúirt an Cailín Mór Beag liom lá éigin san earrach i rith na dianghlasála, ‘b’fhéidir go n-imeoidh siad extinct!’   

B’fhéidir go bhfuil an ceart aici, a chuimhnigh mé. Cheap mé go gcaithfeadh go gcuirfí na míola faoi smacht agus páistí na tíre coinnithe sa mbaile agus amach óna chéile. Is dóigh go bhfuil a fhios agat é seo cheana féin, ach níl aon sciatháin ar an míol gruaige, ná níl an léim fhada acu ach an oiread.  

An bealach is coitianta a scaipeann an míol gruaige ó dhuine go duine ná snámh anonn ó chloigeann go cloigeann. ‘Sin é anois buille maraithe na míola,’ a chuimhnigh mé, ‘cuirfidh an scoitheadh fisiciúil deireadh leo sa deireadh thiar!’ 

Is cosúil, faraor, gur deacra na míola gruaige a chloí ná an coróinvíreas féin agus an scéal cloiste anois againn go bhfuil siad ar camchuairt arís. Pébrí cén fáth é, is breá leis na míola gruaige na cloigne beaga.  

Seoladh litir amach ón scoil chuig na tuismitheoirí uilig an tseachtain seo caite. ‘MÍOLA GRUAIGE’ an líne ábhair a bhí air. Ráiteas é sin a chuireann scáth agus uafás isteach i gcroí gach tuismitheora. Ochón, ochón tá na míola ar ais. Cén bhrí ach ní raibh tuairim agam cár leag muid na racaí speisialta go deireadh is bhí an sprae draíochta é fhéin caite.  

Séard a theastódh ná córas éigin ar nós dip na gcaorach, ina dtugtar tumadh beag do na caoirigh uair sa mbliain in umar uisce (agus ceimiceán nó dhó curtha tríd) le fáil réidh leis na sceartáin is na míola. B’fhéidir gurb é réiteach na faidhbe ná linn bheag a shocrú suas ar an mbealach isteach go dtí an scoil agus dip bheag a dhéanamh as. Ní bheadh le déanamh ach breith ar do shrón, do bhéal a dhúnadh is léim isteach ann ag an gcéad lá ar ais ó shaoire an tsamhraidh, is d’fhéadfaí dearmad a dhéanamh ar na míola arís go ceann bliana.  

‘Nach maith tráthúil go bhfuil siad ann fós, na diabhail!’ a deir Fear an Tí agus cuthach air an lá cheana nuair a d’inis mé dhó go mbeadh ‘An Cíoradh Mór’ le déanamh arís.  

‘Séard a theastódh ná lá náisiúnta a fhógairt agus a rá le chuile dhuine sa tír fanacht sa mbaile agus cóireáil a dhéanamh ar na míola agus bheadh deireadh leo amach is amach,’ a deir sé.  

Shíl mé go mba mhaith an plean é Lá Náisiúnta Maraithe na Míol, ach an raibh aon bhaol ann go mbeadh chuile chaora sa tréad ar aon intinn faoi? ‘Níl aon locht agam air mar phlean,’ a dúirt mé, ‘ach céard a dhéanfadh muid leis na daoine, agus na míola in éineacht leo, a bheadh ag teacht isteach go dtí an tír i ndiaidh an lae mhóir?’  

Fág freagra ar 'Ní fhéadfadh an dianghlasáil féin fáil réidh leis na míola gruaige!'