Ní féidir leis an rialtas atheagrú an tSeanaid a sheachaint an babhta seo…

Is bocht an scéal é gur theastaigh cás cúirte chun cur le cearta vótála i dtoghcháin an tSeanaid

Ní féidir leis an rialtas atheagrú an tSeanaid a sheachaint an babhta seo…

Cuirfidh breithiúnas a thug an Chúirt Uachtarach i mí an Mhárta iachall ar an rialtas geallúint a tugadh 44 bliain ó shin a chur i bhfeidhm.

Is bocht an scéal é gur theastaigh cás cúirte chun cearta vótála i dtoghcháin an tSeanaid a mhéadú ach is cúis beag sóláis ar a laghad é nach féidir toil an phobail a chur i leataobh go síoraí.

D’ordaigh an Chúirt don rialtas leasú ar an dlí a chur faoi bhráid an Oireachtas roimh an 31 Iúil i mbreithiúnas inar sheas an Chúirt le héileamh céimí ó Ollscoil Luimnigh a dúirt go raibh sé de cheart aige vótáil i dtoghcheantar na n-ollscoileanna.

Tharraing cás Tomás Heneghan aird ar neamhthoil dhochreidte (beagnach) gach rialtas ó 1979 an dlí a athrú de réir toradh reifrinn inar thug 94% tacaíocht do leasú ar an mBunreacht a mhol an rialtas chun vóta i dtoghcháin an tSeanaid a bhronnadh ar bhreis céimithe ó ollscoileanna agus ó choláistí tríú leibhéal.

Ní raibh vóta don Seanad an uair sin, agus níl vóta fós, ach ag céimithe ó Choláiste na Tríonóide agus ó choláistí Ollscoil na hÉireann i mBaile Átha Cliath, i Maigh Nuad, i gCorcaigh agus i nGaillimh. Ainneoin reifreann a gheall vóta do chéimithe Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Ollscoil Luimnigh agus ollscoileanna eile, agus do chéimithe na gcoláistí teicneolaíochta, fágtar gan vóta iad go léir.

Nuair a dhiúltaigh vótálaithe i reifreann 2013 do mholadh an rialtais go gcuirfí deireadh leis an teach uachtarach, dúirt an Taoiseach Enda Kenny gur léir gur atheagrú an tSeanaid seachas a scor a theastaigh uathu agus go rachfaí i mbun atheagair gan mhoill.

Cad a tharla? Bhunaigh an rialtas coiste uilepháirtí a mhol go dtabharfaí deis do gach saoránach seanadóir a thoghadh. Chuireadar tuairisc faoi bhráid an rialtais in 2015. Chuir coiste eile tuairisc ar chur i bhfeidhm na moltaí sin chuig an rialtas in 2018.

Tugadh neamhaird iomlán ar an dá thuairisc, ainneoin tacaíocht a bheith tugtha ag ionadaithe na bpríomhpháirtithe don athrú a gealladh don phobal i 1979.

Bheadh an scéal amhlaidh go brách b’fhéidir murach an cás a chuir Tomás Heneghan faoi bhráid na cúirte. Ceart vótála do chách i dtoghcháin an tSeanaid a d’iarr sé i dtosach. Nuair a dhiúltaigh an Ard-Chúirt dá éileamh áfach chuaigh sé chun cinn le hachomharc a bhain le neamhfheidhmiú an reifrinn ar vótaí do chéimithe amháin. Chuir an rialtas ina choinne ó thús go deireadh.

Dúirt an Príomh-Bhreitheamh Brian Murray agus breithiúnas na Cúirte á thabhairt aige i mí an Mhárta nach mbeadh feidhm leis go dtí 31 Iúil chun deis a thabhairt don rialtas reachtaíocht a dhréachtú a chomhlíonfadh “a dhualgas bunreachtúil”, mar a thug sé air.

Níl aon leithscéal ag an rialtas reatha ná ag gach rialtas a rinne neamhaird chomh mínáireach ar thoil na vótálaithe ar feadh 44 bliain. Is léir cúis imní amháin, áfach, a thug orthu an “dualgas bunreachtúil” mar a thug an Príomh-Bhreitheamh air, a chur ar an méar fhada go dtí seo.

Bhí (agus tá) faitíos ar lucht rialtais go gcuirfidh reachtaíocht a rachadh chun tairbhe do chéimithe ollscoile/tríú leibhéal amháin olc ar dhaoine eile.

Ní dhéanfaí aon idirdhealú idir saoránaigh áfach dá gcuirfí an t-athrú simplí a mhol coistí uilepháirtí in 2015 agus arís in 2018. Ní theastódh reifreann, a dúirt an dá choiste, leis na hathruithe a mhol siad a chur i bhfeidhm.

Seo míniú ar chomhdhéanamh reatha an tSeanaid, agus ar an athrú a mhol an coiste is deireanaí a bhreithnigh é:

An Seanad faoi láthair

43 seanadóir a thoghann Teachtaí Dála, seanadóirí agus comhairleoirí contae agus baile.

11 seanadóir a ainmníonn an Taoiseach.

Seisear seanadóirí a thoghann céimithe Choláiste na Tríonóide agus Ollscoil na hÉireann.

An Seanad dá n-atheagrófaí é

11 seanadóir a d’ainmneodh an Taoiseach.

15 seanadóir a thoghfadh Teachtaí Dála, seanadóirí agus comhairleoirí contae agus baile.

Seisear seanadóirí a thoghfadh céimithe ollscoile/coláiste i dtoghcheantar sé shuíochán.

28 seanadóir a thoghfadh saoránaigh a chuirfeadh a n-ainmneacha ar chlár toghthóirí nua. Chlúdódh an socrú seo vótálaithe ó thuaidh agus daoine in aon áit a mbeadh pas Éireannach acu.

 Is casta an córas é ar chúiseanna simplí a mhínigh an seanadóir agus iarArd-Aighne Michael McDowell a bhí ina chathaoirleach ar an gcoiste a mhol an t-athrú in 2018. Leagadh amach an córas thuas, dar leis, ionas nach mbeadh leasú eile ar an mBunreacht riachtanach agus go bhféadfaí é a chur i bhfeidhm gan mhoill.

Neosfar go luath an atheagrú mar atá molta thuas nó athrú teoranta do chéimithe amháin a fhógróidh an rialtas. Níl aon dul as acu, áfach. Ní ceadmhach neamhaird i gcás breithiúnais sa Chúirt Uachtarach.

B’fhearr le scríbhneoir an cholúin seo an t-athrú cuimsitheach toisc go gcuirfeadh sé deireadh le hidirdhealú áiféiseach. Ní cóir ceart vótála breise a bheith ag saoránaigh áirithe a cheiltear ar shaoránaigh eile.

Ar ndóigh ní chuireann ár bhformhór spéis i ngnó an tSeanaid, ach níl a bhuanna ná a laigí pléite anseo ar chúis amháin.

Tugadh breith an phobail ar an teach uachtarach i reifreann. Níor vótáil ach 39% agus ní raibh ach tromlach beag (52/48) i bhfabhar an Seanad a choimeád, ach tá ár rogha déanta.

Tugadh geallúint do vótálaithe an stáit 44 bliain ó shin. Tá sé thar am an gheallúint sin a chomhlíonadh.

Fág freagra ar 'Ní féidir leis an rialtas atheagrú an tSeanaid a sheachaint an babhta seo…'

  • Pádraig O'hEipicín

    Aon duine a bhfuil cead vótala aige nó aici in olltoghchán. Ba cheart go mbeadh cead acu vóta a chaitheamh í dtoghchán an seanadh,

  • Seán Mac Bhriain

    Seanadóir amháin do chaon cheann de na 32 contae á dtoghadh ag na daoine ag an am céanna leis an olltoghchán.