Ní féidir an giolla a bheith ina mháistir – deis caillte i ‘The Gone’

Tá a mhaitheasaí féin ag baint leis an gcomhléiriú The Gone ach ní raibh toise na hÉireann chomh láidir sin. Ní cheart do chúrsaí airgeadais an próiseas cruthaitheachta a chomáint.

Ní féidir an giolla a bheith ina mháistir – deis caillte i ‘The Gone’

Tuigim go maith na maitheasaí airgeadais, lucht féachana agus fiú buntáistí cruthaitheachta a bhaineann le comhléirithe. Tugann comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta luach ar airgead agus bealach isteach chuig lucht féachana níos mó. Lena chois sin is féidir le meitheal ilchultúrtha, ilteangach saothar níos suaithinsí a sholáthar. Ní féidir an giolla a bheith ina mháistir, áfach agus ligint do chúrsaí airgeadais an próiseas cruthaitheachta a chomáint nó an ceann is fearr a fháil air.

Dar liom gurbh amhlaidh a bhí sa saothar The Gone, comhghuaillíocht idir Éirinn agus Nua-Shéalainn a thagann sna sála ar Hidden Assets, saothar Éireannach/Beilgeach.

Lena cheart a thabhairt don saothar tá a láidreachtaí féin ag an tsraith sé chlár seo ar craoladh an chéad dá ghála di Dé Domhnaigh ar RTÉ. An bleachtaire Éireannach, Theo Richter (Richard Flood) ag ardú a sheolta chuig an Nua-Shéalainn mar a bhfuil beirt Éireannach óg imithe ar iarraidh ón mbaile beag iargúlta Mount Affinity. Le casadh a bhaint as an scéal is iníon duine acu le Hannah (Michelle Fairley), breitheamh sa Chúirt Choiriúil Speisialta i mBaile Átha Cliath. Lena chois sin ní hé seo an chéad uair a bhfuil daoine imithe ar iarraidh sa bhaile beag seo. Cad é uisce fé thalamh, mistéir agus suan na muice bradaí.

Tá Theo ag obair leis an mbleachtaire Maorach Diana (Acushla-Tara Kupe) agus faoi mar a bheifeá ag súil leis ó shaothar san iomaire seo tá ag gcuid fadhbanna pearsanta féin ag an mbeirt acu. Is carachtair chaithiseacha agus shuimiúla iad an bheirt acu agus tugann an bheirt taispeántais bhreátha uathu. Tá go maith agus níl go holc.

An breac sa bhainne, áfach nó gur taibhsíodh dom go raibh toise na hÉireann brúite isteach go liobarnach. Radharc gruama fánach i dtosach an chéad ghála i mBaile Átha Cliath (i dteach tábhairne, cén áit eile?) agus vae lenár laoch chuig an taobh eile den domhan. D’fhéadfadh aon chúlra a bheith ag Theo níl aon bhaint ag Éirinn nó an tÉireannachas leis an scéal, fiú más bithiúnaigh Éireannach is cúis le coireanna. In iarracht liobarnach an tÉireannachas a mheabhrú don lucht féachana tá camáin ag Theo, tugtha leis ó Éirinn aige, agus an liathróid á bualadh i gcoinn an fhalla aige nuair a thagann frustrachas air. Táimid luath go maith sa saothar ach ní dóigh liom go n-athróidh seo. Mar bharr air sin tá iriseoir Éireannach againn (Carolyn Brackent) atá chomh seanchaite de charachtar is a gheofá.

Té go hiontach go bhfuil cultúr na Maori agus a dteanga dhúchais i lár an aonaigh. Dreasanna maithe de Te Reo againn go minic. Deis eile nár tapaíodh ná ár dteanga dhúchais mhionlaigh féin a tharraingt isteach sa chúram.

Dreas beag cainte as Gaeilge ag carachtair Éireannach ionas nach dtuigfeadh muintir na háite iad, a leithéid sin. Tá a mhaitheasaí féin ag baint leis an tsraith seo ach is mór an feall nár tugadh a cheart do thoise na hÉireann.

Fág freagra ar 'Ní féidir an giolla a bheith ina mháistir – deis caillte i ‘The Gone’'