An bhfuil an cac ag creathadh sa mbéar Rúiseach? 23 taidhleoir le cur abhaile agus ní bheidh teaghlach ríoga na Breataine ag freastal ar Chorn Sacair an Domhain sa Rúis sa samhradh!
Léiríonn an amaidí seo – agus an drogall atá ar chomhghuaillithe na Breataine aon rud fónta a dhéanamh chun tacú leo – a laige is atá an Bhreatain i gcúrsaí idirnáisiúnta. Mórchuid cainte, ach beagán gnímh.
Ach tá taobh eile leis an scéal seo nach aon ábhar grinn é –scéal Sergei Skripal. Baineann an scéal sin le feachtas leanúnach ag an Iarthar, agus ag an mBreatain go háirithe, deamhain a dhéanamh de na Rúisigh.
Ciníochas frith-Rúiseach atá taobh thiar de atá fréamhaithe sa stair agus a théann siar níos faide ná ré an chumannachais go dtí an uair go raibh Impireacht na Breataine agus Impireacht na Rúise i ngleic le chéile faoin India.
Inniu, is iad na Sasanaigh is láidre atá ag iarraidh brú a chur ar na Rúisigh géilleadh don Iarthar. Ba mhaith le Sasana go háirithe deireadh a chur le réimeas Putin agus duine eile ar nós Yeltsin a bheith i gcumhacht ansin.
Maidir le scéal Skripal féin, tá a lán amhrais á léiriú faoin scéal oifigiúil a chuir na Sasanaigh amach. Is í príomhchúis an amhrais sin ná go bhfuil na Sasanaigh ag diúltú aon sampla den néarghás a luaitear leis an ionsaí a thabhairt don Rúis nó d’aon fhoras neamhspleách idirnáisiúnta le tástáil a dhéanamh air.
Deir Boris Johnson go bhfuil fianaise mhór ann i gcoinne na Rúise. Cén fáth mar sin nach bhfuil sé sásta ligean don domhan mór an fhianaise seo a fheiceáil?
Ar deireadh thiar, níl aon fhianaise i gcoinne na Rúise ach focal na Sasanach! Agus sin fianaise ó na forais chéanna a mhaígh go raibh airm ollscriosta ag an Iaráic. Chomh maith leis sin, tá an cás i gcoinne na Rúise míloighciúil ann féin. Bhí Skripal ag na Rúisigh. Gabhadh i Moscó é, cuireadh ar triail ansin é, ciontaíodh é agus daoradh é. Dá mbeadh fonn orthu é a mharú d’fhéadfaidís é a dhaoradh chun báis an uair sin.
Ach ní dhearna siad sin. Chuir siad téarma príosúin trí bliana déag air – téarma nach raibh crua i gcomparáid le pionóis eile a ghearrtar ar dhaoine sa Rúis, nó i Meiriceá, as tréas a dhéanamh.
Thug na Rúisigh pardún ansin do Skripal agus lig siad amach as an tír é mar mhargadh faoinar scaoileadh abhaile chun na Rúise spiairí a bhí faoi choinneáil san Iarthar.
Mar sin, d’fhéadfadh sé a bheith daortha chun báis dá agus ní raibh sé riachtanach ach oiread é a ligean amach. Ar ndóigh, níl aon mhíniú ag na Sasanaigh faoi cén fáth go mbeadh athrú intinne faoi Skripal ar na Rúisigh.
An iad na Sasanaigh féin mar sin a dhein iarracht é a mharú?
Níl aon fhianaise gurbh iad. Ach cuimhnigh nach bhfuil Porton Down, príomhionad néargháis Shasana ach ocht míle nó mar sin ó láthair an oilc.
Cuimhnigh freisin go mbíonn olagairc Rúiseacha –an dream sin a d’éirigh saibhir as maoin na Rúise a ghoid nuair a thit an cumannachas – i gcoimhlint le chéile go minic. Cuimhnigh gur thug na holagairc chéanna suimeanna móra airgid don Pháirtí Caomhach i Sasana.
Is é fírinne an scéil ámh ná nach bhfuil an Rúis ag brath ar an Iarthar ar chor ar bith.
Feiceann siad cé chomh naimhdeach is atá an tIarthar i gcoitinne ina gcoinne, agus beidh tacaíocht níos mó agus níos láidre fós ag Putin sna toghcháin atá le reáchtáil go luath sa Rúis.
Ó thaobh pholasaí na Rúise de, tá siad le tamall ag díriú a n-aird ar an Oirthear, agus tá caidreamh eacnamaíochta is trádála níos dlúithe anois ag an Rúis leis an tSín, agus le tíortha eile ar nós na hIndia, na Brasaíle agus na hAfraice Theas.
Is amhlaidh go neartóidh an t-ionsaí polaitiúil seo an polasaí sin, agus feictear dom go bhfuil an Rúis sásta droim láimhe a thabhairt leis an Iarthar maidir le cúrsaí trádála.
Ar ndóigh, tá dearcadh Mheiriceá faoi na cúrsaí seo fós doiléir agus b’fhéidir go bhfanfaidh na Rúisigh go dtí go bhfeicfidh siad an éireoidh le Trump a dhearcadh féin faoi na cúrsaí sin a chur chun cinn.
Is amhlaidh an scéal san Eoraip, in ainneoin na cainte ó leithéidí Macron na Fraince, tá an Ghearmáin fós ag iarraidh margadh a dhéanamh a chinnteodh go mbeadh gás na Rúise acu ar mhaithe lena ngeilleagar.
Tá seasamh níos láidre fós ag an Ungáir faoi sin, agus b’fhéidir ag an tSeic agus an tSlóvaic freisin. Tá, ar ndóigh, an frithRúiseachas an-láidir i rialtas na Polainne.
Ar deireadh thiar, níl aon fhianaise go raibh baint ag an Rúis leis an ionsaí ar Skripal, ná níl aon loighic le háiteamh go raibh. Ach fágann an scéal gur mó an bhearna idir an Rúis agus an Eoraip agus feictear domsa gurb í an Eoraip is measa a bheidh thíos leis sin.
Ba chóir do rialtas s’againne dianmhachnamh a dhéanamh sula dtaobhóimis róláidir leis an mBreatain faoin scéal seo.
Adam Lawson
Sílim gur fíor nach bhfuil Rialtas na Breataine ná Rialtas na Rúise araon ag iarracht bheith ionraic faoin ionsú seo – níl cuma go mbeadh taobh ar bith ag iarracht éisteacht a chéile, is féidir mar go bhfuil an dá rialtas ag baint a lán tacaíochta poiblí ina dtíortha féin as. Ach, ar an taobh eile, creidim go bhfuil maol go gcuirfimis trí chéile truáilli agus frithdhaonlachas stáit agus ‘cairde an stáit’ na Rúise, agus an frithrúiseachas féin. Ní mór dúinn – go háirithe ag an uair seo – bheith gan aon fhrithrúiseachas, ach ní mór dúinn freisin an daonlathas agus an saoirse a chosaint inár dtíortha féin agus thart Eoraip (agus an domhan) ar fad. Ní thugann Rialtas na Breataine aon mhuinín as a dhiúltú samplaí na nimhe a sheoladh chuig na Rúisigh, ach tá a lán daoine a bhíonn ag éileamh gur “chomh truáillithe mar [córas polaitiúil na] Rúis[e] é [córas polaitiúil] S[h]asana” – rud nach bhfíor é i ngeall le haon chor, agus rud nach mór dúinn coinneáil i gcuimhne dúinn agus muid ag socrú ár gcóras polaitiúil féin.