‘Ní ceart absalóideach é go gcuirfí an síneadh fada ar d’ainm’ – An Coimisiún um  Chosaint Sonraí

Tá an léiritheoir scannáin aitheanta Ciarán Ó Cofaigh chun leanúint ag troid ar son an tsíneadh fada in ainneoin go bhfuil díomá air faoi  thoradh fiosrúcháin

‘Ní ceart absalóideach é go gcuirfí an síneadh fada ar d’ainm’ – An Coimisiún um  Chosaint Sonraí

Tá cinneadh déanta ag oifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí nach bhfuil sé in aghaidh an dlí ag comhlachtaí ainmneacha Gaeilge a litriú mícheart trí shínte fada a fhágáil ar lár.

Chinn an Coimisiún nach ceart absalóideach é ag an duine a bhfuil síneadh fada ina ainm an t-ainm sin a bheith litrithe go cruinn agus an síneadh fada ann.

Bunaíodh an fiosrúchán nuair a rinne an léiritheoir teilifíse Ciarán Ó Cofaigh gearán leis an gCoimisinéir faoina ainm a bheith á litriú mícheart ag an HSE.

Mhaígh Ó Cofaigh gur shárú é seo ar an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), ach níor ghlac an Coimisiún leis sin.

“Ní hionann gan a bheith ábalta síneadh fada a chur ar d’ainm agus cur isteach mór a dhóthain go gcuireann sé as do do chearta bunúsacha,” a dúirt an Coimisinéir.

Faoin GDPR is gá go gcoinneodh eagraíochtaí stáit, bancanna agus comhlachtaí eile eolas agus sonraí pearsanta cruinn beacht.

Dúirt an Leas-Choimisinéir Cosanta Sonraí áfach go gcaithfí chomh maith an chúis go raibh a ainm á phróiseáil a chur san áireamh, is é sin, i gcás Uí Chofaigh, chun ‘cúram leighis a chur ar fáil’.

Dúradh chomh maith go raibh uimhir aitheantais othair ag Saolta do gach othar agus mar sin go raibh an aidhm a bhí le sonraí Uí Chofaigh a choimeád á baint amach beag beann ar shíneadh fada a bheith ina ainm.

Mhaígh an Coimisiún freisin gur argóint ‘réasúnta’ é ag Saolta nach raibh ar chumas na gcóras go léir acu an síneadh fada a chur i bhfeidhm. Dúradh go mbeadh an baol ann dá réir dá dtabharfaí an síneadh fada isteach i gcuid den chóras go bhféadfaí sonraí a chlárú mícheart agus sláinte duine a chur i mbaol dá bharr.

Ag labhairt dó faoi chinneadh an Choimisiúin, dúirt Ó Cofaigh gur “údar mór díomá dó” é, ach “nárbh chúis iontais é d’aon duine le Gaeilge”.

“Tá an-díomá orm agus tá mé chun é seo a throid. Tá siad ag rá go bhfuil meas acu ar mo chearta, ach níl aon mheas léirithe acu ar mo chearta. An fhadhb a bhíonn agat leis na cúrsaí seo ná go mbíonn tú á bplé le hÉireannaigh agus faraor ní thuigeann Éireannaigh seo. Go leor acu ceapann siad fós gur cineál ag cur gothaí orainn féin atáimid leis an síneadh fada. Ní bhíonn aon fhadhb acu leis na rudaí seo i dtíortha eile.

“Troidfidh mé seo ar bhonn dlí nó ar bhonn polaitiúil más gá sin. Caithfidh go bhfuil Teachta Dála éigin sásta an chúis seo a throid agus seasamh suas sa Dáil agus tús a chur le reachtaíocht cheart a lorg leis an bhfadhb seo a réiteach.”

Bhunaigh an léiritheoir scannáin aitheanta an feachtas Faigh do ‘fada’ mí Dheireadh Fómhair seo caite chun Gaeil á spreagadh le héileamh a dhéanamh go litreodh comhlachtaí príobháideacha agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha go cruinn agus na sínte fada a chur isteach.

Bhain cás Uí Chofaigh i gcoinne an HSE le tréimhse a chaith sé ag fáil radaiteiripe d’ailse phróstataigh.

Dúirt sé go mbeadh deireadh go luath lena chúrsa radaiteiripe agus go raibh sé ag súil le dea-scéala roimh dheireadh an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘Ní ceart absalóideach é go gcuirfí an síneadh fada ar d’ainm’ – An Coimisiún um  Chosaint Sonraí'

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tréaslaím a sheasamh le Ciarán. Tar éis an chinneadh seo, áfach, cén fhaid go mbeidh cead ag comhlachtaí Google Translate a úsáid chun leaganacha Gaeilge dá ráitis is suíomhanna a chur ar fáil?
    Is amhlaidh, anois, gur cheart d’aon duine le h-ainm ina bhfuil sínte fada dúshlán a thabhairt aon uair a shéantar ceart leagan a ainm a úsáid. Ba cheart go mbeadh seo á throid go deireadh. ‘Trucailín Donn’ ár linne!

  • Béarla teanga an Stáit

    Francois Hollande nó François Hollande?

    Is doicheall roimh Ghaeilge is cúis leis an litriú gan síneadh fada atá forleathan. Freisin is minic go mbíonn seolta aistrithe go’n seoladh coilíníoch truaillithe; mar shampla Kill, Co. Kildare in ainneoin iad a bheith tughta i nGaeilge ghlan chruinn.

    Tá an ceart absalóideach anois ag an Státchóras ainmneacha agus seolta saoránaigh a litríodh sa gcéad teanga oifigiúil a litriú go mícheart!

    Céard faoi WW, K, KK, CW, WH, CE, W, OY, LH, MH, WX a bheith ar éigeantach ar caranna. An cuma fúthu sin?

  • Mairéad

    Go neirí leat le múineadh a chur ar an Dátá Prótéctíón Cómíssíón.

  • Rossa Ó Snodaigh

    Beidh ar ciarán seo a thabhairt chomh fada leis an Eorap chun ceart a ainm bheith ag chuile saoránach in Éireann. Is seafoid amach is amach é nach bhfuiltear ag tabhairt an aitheantas seo. Ach céim ar chéim tá buanna á fháil ag cumann cosanta an tSínidh Fhada m.sh. Sinte fada in úsáid sna nuachtáin go léir, An príomh Oifig staidreamh anois ag glacadh le sínte fada ar ainmneacha na Gaeil.
    Maorlathas Sasainise atá á reachtáil ag Éireannaigh galldaithe nach dtuigeann gur bunaíodh an mhaorlathas sin chun an ruaig a chuir ar an nGaeilge, agus mar nach dtuigeann siad seo cosnaíonn siad an chóras amhail is gur a beatha féin ata á chosaint acu.
    Dhéarfadh duine lách ‘Máith dóibh é a Éiriú mar nach eol dóibh an dochar atá á ndéanamh acu’, ach dhéarfainnse ‘ná tarraing siar ón cath mar is chun leasa na teangan gach ceart a bhaintear amach di.

  • Traolach Ó Murchú

    Aontaím go hiomlán le Ciarán.
    Tá na toghacháin áitiúla agus Eoropa chughainn.
    Cuirimís brú ar an polaiteoirí an scéal seo a chur ina cheart.

  • Eibhlín Mhic Brádaigh

    Treise leat a Chiarán
    Is leithscéal amach is amach a rá… ‘ nach raibh ar chumas na gcóras go léir acu an síneadh fada a chur i bhfeidhm.’ Is amhlaidh go bhfuil an cumas ann ó thús. Apple Mac ins na nóchaidí agus gach cómhlacht eile ó shin.
    Céard faoi teangacha eile na hEorpa agus an umlaut?

  • Seán Ó Riain

    Seoiníní gan náire!

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …’Dúradh chomh maith go raibh uimhir aitheantais othair ag Saolta do gach othar agus mar sin go raibh an aidhm a bhí le sonraí Uí Chofaigh a choimeád á baint amach beag beann ar shíneadh fada a bheith ina ainm.’…

    ‘…nach raibh ar chumas na gcóras go léir acu an síneadh fada a chur i bhfeidhm. Dúradh go mbeadh an baol ann dá réir dá dtabharfaí an síneadh fada isteach i gcuid den chóras go bhféadfaí sonraí a chlárú mícheart agus sláinte duine a chur i mbaol dá bharr.’

    Nach bhfuil an dá ráiteas seo ag teacht salach ar a chéile? Má tá uimhir aitheantais ag othar nach seo an t-aitheantas is tábhachtaí a úsáideann an chóras sláinte – is cuma má bhíonn roinnt sonraí agus an síneadh fada ar an t-ainm agus cuid eile nach mbíonn…?? Agus nach n-úsáidtear an dáta breithe i gcónaí chomh maith??

    An sean scéal céanna ón eagraíocht stáit seo – ach barúil agam gur daoine áirithe nach bhfuil suim dá laghad acu sa Ghaeilg ná i dteangacha ar bith eile, is cúis leis an neamhaird seo ar an síneadh fada. Seans nach bhfuil siad eolach ar caidé mar a chlóbhuailtear an síneadh fada ach oiread i. an cnaipe ‘alt gr’ agus an ghuta ar an méarchlár!!

    Coinníoll Gaeilge don Ghaeltacht ANOIS!!!

  • Éamonn Ó Gribín

    Ní dóigh liom go mbeidh daoine cosúil le Niall Comer, Pearce Doherty, Mary Lou McDonald, Josepha Madigan, Joe McHugh, Charlie Flanagan, Simon Coveney, Pascal Donohoe, Helen McEnree, Brendan Howlin, Alan Kelly, Jan O’Sullivan, Catherine Martin, Eamon Ryan, Catherine Murphy, Paul Murphy, srl. buartha faoin ábhair seo!