FÍSEÁN: ‘Tá sé de cheart agat fada a bheith i d’ainm, faigh é’ – feachtas nua tosaithe

Tá léiritheoir teilifíse aitheanta i mbun feachtais faoi cheart na nGael ar an síneadh fada ina n-ainm, feachtas atá bunaithe ar rialacháin nua a bhaineann le cosaint sonraí pearsanta

FÍSEÁN: ‘Tá sé de cheart agat fada a bheith i d’ainm, faigh é’ – feachtas nua tosaithe

Tá feachtas Faigh do ‘fada’ seolta inniu ag an léiritheoir scannáin aitheanta Ciarán Ó Cofaigh agus Gaeil á spreagadh aige le héileamh a dhéanamh ar chomhlachtaí agus eagrais stáit a gcuid ainmneacha a litriú go cruinn agus na sínte fada a chur isteach. 

Deir Ó Cofaigh i bhfíseán nua ina bhfuil míniú tugtha aige ar an fheachtas go bhfuil sé “cráite” ag ceist na sínte fada “chomh fada is atá sé ag plé le comhlachtaí”.

“Fiú ó tháinig Acht Teanga tá muid fós cráite aige seo,” ar sé.

Dúirt sé go mbíonn an cás á throid aige ar son na sínte fada le comhlachtaí agus eagrais stáit ar bhonn rialta agus gan mórán dul chun cinn á dhéanamh aige go dtí le déanaí.

“Ar a laghad uair amháin in aghaidh na seachtaine nó b’fhéidir níos minice, tá mise ar an nguthán nó ag scríobh ríomhphoist ag impí ar dhuine éicint fada a chur le m’ainm agus m’ainm agus mo sheoladh a bheith i nGaeilge,” a deir sé san fhíseán.

Dúirt sé nár chreid sé an chéad uair é nuair a mhínigh urlabhraí de chuid Oifig an Choimisinéara Teanga dó nach raibh sé de cheart ag duine faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, a ainm a bheith litrithe go cruinn, agus sínte fada san áireamh ann.

Agus roinnt eolais faighte aige faoi chúrsaí bogearraí tar éis dó gearán a dhéanamh le heagrais stáit mar gheall ar an síneadh fada ina ainm a bheith ar lár, chuaigh Ó Cofaigh i mbun comhairle leis an saineolaí ríomhaireachta ó Ollscoil Missouri, Kevin Scannell.

Tharraing Scannell aird Uí Chofaigh ar rialacha nua atá tagtha i bhfeidhm faoi Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR), a fhágann gur gá go mbeadh eolas agus sonraí pearsanta a bhíonn á gcoinneáil ag eagraíochtaí stáit, bancanna agus comhlachtaí eile cruinn beacht.

Faoi Airteagal 16, ‘An ceart go ndéanfaí ceartúcháin’, den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí deirtear:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go gceartóidh an rialaitheoir sonraí pearsanta míchruinne a bhaineann leis nó léi gan aon mhoill mhíchuí. Agus na críocha dár ndearnadh an phróiseáil á gcur san áireamh, beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go ndéanfar sonraí neamhiomlána a chomhlánú, lena n-áirítear de bhíthin soláthair ráitis fhorlíonta.’

“Mura bhfuil fada le d’ainm, níl sé beacht agus mar gheall air sin creidim go bhfuil bealach isteach an doras againn anois chun an ceart seo a dhaingniú agus é a dhéanamh soiléir do chuile dhuine go gcaithfidh siad sínte fada a chur ar fáil dár gcuid ainmneacha agus dár gcuid seoltaí,” a deir Ó Cofaigh san fhíseán.

Deir Ó Cofaigh go bhfuil sé ag feitheamh ar scéala maidir le haighneacht a chuir sé faoi bhráid an Choimisinéara Cosanta Sonraí maidir le ceist na sínte fada agus rialacha nua an GDPR.

Idir an dá linn, deir Ó Cofaigh go bhfuil dea-scéala faighte aige ó chomhlacht árachais a chuir na sínte fada lena ainm tar éis dó litir a sheoladh chucu ag tagairt d’Alt 16 den GDPR.

“Má tá gearán amháin agamsa in aghaidh comhlacht amháin, ní leor sin. Dá mbeadh péire, trí cinn nó níos mó ann, d’fhéadfadh fíneáil suas le €10 milliún a bheith i gceist, agus sin an t-aon rud a athróidh an meon sa tír seo i mo thuairimse, brú a chur orthu é a chur ar fáil dúinn,” a deir sé san fhíseán.

Tá Ó Cofaigh ag impí ar dhaoine anois teagmháil a dhéanamh le comhlachtaí agus tagairt a dhéanamh d’Airteagal 16 den GDPR.

“Ná labhair ar bhonn cearta teanga, labhair ar bhonn GDPR,” an teachtaireacht atá ag Ó Cofaigh.

“Faigh do fhada ar ais, is libhse é agus tá sé de cheart agaibh é a bheith agaibh!”

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: ‘Tá sé de cheart agat fada a bheith i d’ainm, faigh é’ – feachtas nua tosaithe'

  • Ciarán Ó Meachair

    Maith thú féin a Chiaráin – bóthar fada romhainn anois!

  • Seanán Ó Coistín

    Tá an ceart ar fad aige. Cuid den fhadhb sílim ná nach bhfuil a fhios ag lucht an Bhéarla, agus uaireanta, Gaeilgeoirí, conas síntí fada a chur ar ghutaí. Is é méarchlár an Bhéarla atá i réim in Éirinn agus níl cnaipí ar leith do na gutaí le síntí fada ar an méarchlár sin.

    Tá méarchlár don Ghaeilge ann – http://www.nascanna.com/p3/mearchlar/ Tá cnaipe faoi leith air do gach guta le síneadh fada. Ba cheart do Rialtas na hÉireann an méarchlár sin a aimniú mar mhéarchlár na hÉireann. Lena chois sin, ba cheart go bhfógródh sé (an rialtas) go bhfuil sé de cheangal ar gach scoil, ollscoil, coláiste, gníomhaireacht stáit, comhairle áitiúla agus aon fhoras stáit eile an méarchlár a bheith acu le go mbeidh daoine atá ag obair sna háiteanna sin síntí fada a chlóscríobh gan dua. Ní bheadh trácht ar bith ar an bhfadhb áirithe sin a thuilleadh dá ndéanfaí sin.

    Molaim go mór an feachtas seo. Táim ar gor chun teagmháil a dhéanamh le heagraíochtaí agus le cuideachtaí nach bhfuil síntí fada curtha acu ar m’ainm.

  • Annette Mhic Ardaíl

    Aontaím go hiomlán. Tá mé tinn tuirseach de chomhluchtaí ag diúltú m’ainm ceart a aithint

  • Carraig

    Sin é an chúis go n-úsáidim féin ‘Ua’ in áit ‘Ó’ im shloinne, eadhón ‘Ua Raghallaigh’. An té nach bhfuil láidir ní foláir dó bheith glic.

  • Ciarán

    An ligeann Google nó Yahoo nó comhlucht eile duit fada a úsáid i do sheoladh ríomhphoiste?

  • Ciarán eile

    Maith thú Ciarán. Tá an ceart ar fad agat.

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    ‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí…’

    Ní daoine/saoránaigh muid níos mó ach ‘ábhair sonraí’ (data subject)!! Ar tús chonaic mé ‘custaeiméir’ á úsáid ag eagraisí stáit, anois tá muid inár ‘ábhair sonraí’…. Go sábh’l’aí muid!

    Tchím an t-ainm ‘Sinead’ agus ‘Ronan’ go minic – daoine gan Ghaeilg agus na hainmneacha seo acu agus gan tuigbheál ar bith acu ar an tábhacht a bhíonn leis an fada.

    Le blianta fada tá eagraisí stáit – Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go háirithe – ag tabhairt ‘Marie’ ar ‘Maire’ (Máire – ní bhíonn an fada in úsáid acu) – ainm mo mháthair!! Bíodh is go bhfuil sé litrithe leis an ‘i’ roimh an ‘r’ ar chúis amháin nó ar chúis eile ní fheiceann na hamadáin seo an difear!!???

    Ceann eile a tchím; O’Domhnaill. Tá comhairleoir contae abhus anseo i dTír Chonaill agus úsáideann sé an leagan Gaeilg dá shloinneadh – ach minic uair bíonn sé scríofa míchruinn (mar atá anseo) ag an rialtas áitiúil – agus is cosúil nach gcuireann sé isteach ná amach air nó níor cheartaigh sé riamh é!!! Duine eile nach bhfuil tuigbheál aige ar thábhacht an fada…?

    Leis an fada a chlóscríobh brúigh an cnaipe ‘altgr’ leis an ghuta – chomh simplí sin.

  • uinseann mac thÓmais

    I dtéarmaí pleanála teanga agus go deimhin féiniúlacht teanga, tá sé tábhachtach an síneadh fada a chaomhnú agus a chosaint. Mar dhuine a d’éiligh cláruimhir Ghaeilge ar charranna i 1988, aontaím leis an bhfeachtas seo. Gach rath air!

  • Pádraig

    Bhí an feachtas seo curtha ar an mhéar fhada …ró-fhada.
    Is fada liom uaim é ..mo fhada!
    Creidim go raibh aird tugtha ag Rossa Ó Snodaigh ar an scéal seo le deireannas fosta.
    Maith sibh!