Cloistear leagan den chaint seo go minic nuair a chuireann scéal mór nuachta alltacht, fearg nó náire ar an bpobal.
‘Caithfear gníomhú anois chun a dheimhniú nach dtarlóidh a leithéid arís.’ (Na meáin, urlabhraithe an fhreasúra, saineolaithe éagsúla, cainteoirí ar chlár Joe Duffy srl.)
‘Breithneofar cibé gníomh atá riachtanach, chomh luath agus is féidir, chun a dheimhniú, chomh fada agus is féidir, nach dtarlóidh a leithéid arís.’ (Airí agus urlabhraithe eile rialtais.)
Tá ráitis den dá chineál cloiste arís eile ó ghearr an Chúirt Choiriúil Chuarda naoi mbliana go leith ar Matthew Horan Dé hAoine seo caite. Ciontaíodh Horan i ndúshaothrú gnéasach a dhéanamh ar chailíní óga agus i ndáileadh íomhánna pornagrafacha ar an idirlíon.
Dúradh leis an gcúirt go ndearna Horan teagmháil ar líne le beirt chailíní naoi mbliana d’aois agus gur chuir sé brú orthu íomhánna gáirsiúla a sheoladh chuige. Bhagair sé ar chailín aon bhliain déag grianghrafanna di féin, nocht, a chur chuige fiú tar éis di a rá leis go raibh sí ag beartú lámh a chur ina bás féin.
Rinne Coimisinéir Cúnta an Gharda Síochána Pat Leahy cur síos simplí ar an riachtanas a léirigh an cás:
‘We must police the internet the same way we police the streets.’
Ní hionann na modhanna ar ndóigh, ach teastaíonn dhá chineál gnímh leis an aidhm sin a chur i gcrích:
1. Gníomhú éifeachtach chun bac a chur ar choirpigh, chomh fada agus is féidir, sara ndéantar coireanna.
2. Gníomhú éifeachtach chun coirpigh a aimsiú agus a thabhairt os comhair cúirte, tar éis dóibh coireanna a dhéanamh.
Ba léir díograis an Gharda Síochána agus coireanna Horan á bhfiosrú acu. Ní féidir a bheith chomh cinnte go bhfuil an Rialtas chomh díograiseach agus beartais á meá acu chun daoine a chosaint ó bhrú agus ó bhagairt ar líne.
Tá an tAire Cumarsáide Denis Naughten ag beartú oifigeach a cheapadh a bheadh freagrach as sábháilteacht dhigiteach. Níl cumhacht ná cúraimí an té a cheapfar (má cheaptar é/í) socraithe aige fós.
Dúirt an tAire, a ceapadh ocht mí ó shin, go rachadh sé i gcomhairle le daoine abhus agus thar lear agus sonraí an phoist nua á ndréachtú aige.
Reáchtálfar comhdháil ar an 8 Márta chun beartais a neartódh cosaint ar líne a phlé. I láthair ansin beidh tuismitheoirí, múinteoirí, na Gardaí, agus ionadaithe ó eagrais éagsúla, ina measc comhlachtaí móra na meán sóisialta (Facebook, Twitter, srl.).
Tá go maith. Más maith is mithid, agus mar sin de. Ach ní inniu ná inné a tharraing cás cúirte aird ar chontúirt ar líne ná ar an ngéarghá cur ina coinne.
Mhol an Coimisiún um Athchóiriú an Dlí go gceapfaí Coimisinéir a bheadh freagrach as sábháilteacht dhigiteach i dtuairisc a d’fhoilsigh siad i Meán Fómhair 2016. Bheadh an té a cheapfaí freagrach as cód cleachtais a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm.
Chuir an Coimisiún moltaí faoin bpost nua agus faoi mhaoirseacht níos láidre ar na meáin shóisialta faoi bhráid an rialtais bliain go leith ó shin, beagnach.
Tugadh le fios ina dhiaidh sin gur aontaigh an rialtas i mí na Nollag 2016 príomhphointí bille a chuirfeadh moltaí an Choimisiúin i bhfeidhm. Níl bille ná beartas ar bith foilsithe fós.
Ni cóir rialtas a cháineadh i gcónaí toisc nár bhrostaigh siad polasaí nó dlí nua ar léir a riachtanas. Teastaíonn breithniú staidéarach agus dréachtú cúramach ionas nach dtiocfaidh laigí i gcóras nua chun solais ar ball.
Sin ráite, tá ábhar imní soiléir sa chás seo. Dúirt saineolaí dlí a choinníonn súil ghéar ar na cúrsaí seo leis an gcolún seo nach léir fós toil a bheith sa rialtas leis an earnáil chumarsáide a rialú go héifeachtach, agus gur léir an tionchar atá ag cúrsaí fostaíochta ar an neamhthoil.
Tá 2,200 fostaí ag Facebook sa tír seo faoi láthair, mar shampla. Nuair a chuaigh an Taoiseach chun cainte le príomhfheidhmeannach an chomhlachta Mark Zuckerburg i Silicon Valley mí na Samhna, tugadh le fios go raibh Facebook ag beartú suas le 800 oibrí breise a earcú abhus.
“Nuair a chuimhním ar an bhfostaíocht,” arsa an saineolaí dlí, “agus nuair a chuimhním ar an gcáin a íocann comhlachtaí móra na meán sóisialta, ní bhíonn aon amhras orm faoin seans atá ann go mbeidh siad toilteanach comhoibriú dáiríre le beartais a neartódh cosaint ar líne.”
Caolseans, dar léi, toisc nach ngéillfidh siad do dhlí ná do mhaoirseacht a laghdóidh brabach.
Beidh a fhios againn sara i bhfad an bhfuil amhras dá leithéid réasúnta nó nach bhfuil.
léitheoir
Airgead airgead airgead agus tuilleadh airgid, sin uile a chomhairíonn. Ní mheánn an daonnacht brobh sna cùrsaí sin. Tá fórsaí an oilc in uachtar. Thugtaí/ tugtar an ‘diabhal’ air sin in áiteanna mar a maireann simpleoirí. Tá an t-áibhirseoir ag feannadh is ag fuirseadh leis ach ní aithnítear é mar sin. Tugtar ‘psychosis’ nó deilín chainte den sórt sin air. Mura bhfuil coinsias ag duine ní duine a thuilleadh é ach éarlais. Branar ag an drochbhuachaill. Gan aon bheann aige ar cheart ná ar mhícheart a dhéanamh. Níl sé faiseanta a leithéid a rá ach ní fhágann san nach fíor é. Táimid i ngreim ag an diabhal.