‘Ní bhíonn fadhb acu le Sergio Agüero, cén fáth nach féidir leo Brian Ó Beaglaoich a rá i gceart?’

Tá aird tarraingthe ag iriseoir aitheanta ar chás na n-imreoirí CLG a bhfuil ainmneacha Gaeilge orthu…

‘Ní bhíonn fadhb acu le Sergio Agüero, cén fáth nach féidir leo Brian Ó Beaglaoich a rá i gceart?’

Imreoir Chiarraí, Brian Ó Beaglaoich. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Údar sásaimh é do chumann caide na Gaeltachta go bhfuil aird tarraingthe ag iriseoir aitheanta ar an nós atá ann gan a ainm ceart a thabhairt ar laoch óg idirchontae an chlub, Brian Ó Beaglaoich.

Tharraing Kieran Cunningham Príomhiriseoir Spóirt an Irish Daily Star aird an tseachtain seo ar theip chuid dá chomhghleacaithe sna meáin ainm Uí Bheaglaoich a litriú i gceart.

Is minic a dhéanann tráchtairí ‘Brian Begley’ nó ‘Brian O’Begley’ d’ainm an chosantóra óig cé nach údar iontais é sin d’Oifigeach Caidreamh Poiblí Chumann Caide na Gaeltachta Dara Ó Cinnéide ar údar mór díomá aige é.

“Bíonn ana-dhíomá orm aon uair go gcím sna meáin é agus é litrithe mícheart nó go gcloisim é á rá mícheart. Cuid mhaith de na daoine céanna ní bhíonn aon fhadhb acu ó thaobh na foghraíochta agus an litrithe de le himreoirí ar nós Sergio Agüero, Georginio Wijnaldum nó Toby Alderweireld.

“Táim ana-shásta gur tharraing iriseoir atá ag saothrú sna meáin Bhéarla aird ar an gceist seo agus tá súil agam go dtógfaidh daoine eile ceann dó,” arsa OCP na Gaeltachta, Dara Ó Cinnéide.

Deir an Cinnéideach, iarchaptaen ar Chiarraí, gur minic a bhí air féin a chur ar a súile do dhaoine go raibh a ainm mícheart acu agus is minic deacrachtaí ag tráchtairí agus iriseoirí le hainmneacha imreoirí Gaeltachta.

Ar ndóigh, is minic freisin iriseoirí ag brath ar an gclár oifigiúil d’ainmneacha imreoirí agus ní i gcónaí a bhíonn siad ceart ansin ach oiread. Bhí ainm Uí Bheaglaoich litrithe mícheart, mar shampla, i gclár oifigiúil an chluiche idir Ciarraí agus Áth Cliath sa tsraith náisiúnta Dé Sathairn seo caite.

Ar na himreoirí aitheanta eile a mbíonn deacrachtaí ag tráchtairí agus iriseoirí leo tá Odhrán Mac Niallais, gaiscíoch Ghaoth Dobhair agus Dhún na nGall.

Tuairiscíodh cúpla bliain ó shin, gur scaipeadh meamram inmheánach ar fhoireann nuachta RTÉ ag insint dóibh conas ainm Mhic Niallais a fhoghrú i gceart.

Fág freagra ar '‘Ní bhíonn fadhb acu le Sergio Agüero, cén fáth nach féidir leo Brian Ó Beaglaoich a rá i gceart?’'

  • Concubhar

    Is cinnte nár bhfuair Ger Ceannaigh aon meamram mar bhí seisean – agus is iar mhúinteoir é – ag rá ainm Uí Bheaglaíoch mí cheart go minic le linn a theachtaireacht ar an sár chluiche ag an deireadh seachtaine.

  • Gearóid Ó Laoi

    Ní bhíonn siad ceart nuair adeirid Kevin De Broyne, ach an oiread mar Kevin De Brown, nó Kevin De Breune a bheadh ceart. Cruyff. Níl croyfe ceart ach Krauff.
    Sé deacracht a bhíonn ag roinnt iriseoirí ná nár tógadh le Gaoluinn iad, agus is deocair acu na fuaimeanna a rá. Tógadh le Gaoluinn mé féin agus tuigim conas daoine a mhúineadh ionas gur féidir leo na fuaimeanna a rá. Mar shampla, chun Dáil a rá i gceart brútar an teanga i gcoinnibh na fiacla tosaigh agus tú a’ rá an fhocail. Sin rud simplí. Na défhoghair, anois, sin deacracht níos mó. Chun iad sin a mhúineadh abair go han-mhall ar dtúis. Tá an t-eolas seo agam mar Tomás Ó Laoi ab ea m’athair agus mhúineadh sé an stuif so sa Teanglann i gColáiste na hOllscoile i gCorcaigh tar éis dó éirí as mar chigire scoileanna. An focal is deacra dar liom don mBéarlóir ná caifé a rá mar adéarfhadh Gaeilgeoir dílis agus nílim a’ caint i dtaobh an dream adéarfadh coffee an Bhéarla.

  • Peadar

    Deir scoláire de mo chuid, Aoibhinn, go measann cuid de na tráchtairí go bhfuil an rogha acu Béarla a chur ar na sloinnte Gaeilge, rud nach bhfuil acu i dtaobh na sloinnte ar nós Wijnaldum ( níl a fhios agam cé acu atá an litriú ceart agam nó nach bhfuil mar nach gcuirim mórán spéise sa tsacar).
    Níl leithscéal aR bith ag tráchtaire a bíos ag plé leis na cluichí Gaelacha gan a bheith ábalta sloinneadh Gaelach a fhuaimniú mar is ceart. Suimiúil go leor, ní raibh leisce orthu Ó Cinnéide a fhuaimniú mar is ceart in am at bith- creidim féin nach dímheas atá I gceist anseo ach falsacht.

  • Seán

    Feiceann tú leithidí O’Baoill agus O’Cinneide go minic ar scáileán RTÉ. Ní fiú leo an leagan ceart a úsáid. Measann siad nach mbaineann tábhacht leis.

  • Aonghus

    Freagra na ceiste sa teideal? Náire an t-iarchoilíneachais!

  • Séamus Mac Gearailt

    Go hainnis.Sean thaithí agam fhéin ar Mac Gearailt litrithe mí cheart agus an dála céanna leis an bhfoghraíocht.Ní haon iontas go raibh STEVE (McGARRETT) mar leasainm agam

  • Niall Comer

    Is deacracht mhór í seo. Is measa i bhfad nuair a bhíonn meascán i gceist. Cuirim i gcás muintir Uí Chaiside a imríonn le foireann camógaíochta Shleacht Néill. Is O’Cassidy a chluintear go minic. Síleann daoine gurb ionann O a chur leis an sloinne chun é a Ghaelú.