Ní bhíonn dhá thaobh le gach scéal, ach tá dualgas ann i leith na cothromaíochta

Níl tada sa reachtaíocht nó sna treoirlínte craoltóireachta a deir go gcaithfear dhá thaobh a thabhairt do gach scéal

Ní bhíonn dhá thaobh le gach scéal, ach tá dualgas ann i leith na cothromaíochta

Dúirt roinnt daoine a léigh alt liom a foilsíodh ar an suíomh seo níos túisce an mhí seo Tuairisc de bharr m’alt go raibh Tuairisc ag rá go bhfuil ‘dhá thaobh le gach scéal’. Mar shampla dúirt léitheoir amháin: ‘Bréag é seo amach is amach. Níl dualgas ar bith oraibh tuairimí seicteacha nó sceimhlitheoireachta a scaipeadh. Ní dóigh liom go bhfoilseodh sibh tuairim gur cheart an Vatacáin a bhuamáil.’

Tá trí rud ba chóir a rá faoi sin. An chéad rud ná nach ionann gach tuairim a fhoilsítear i Tuairisc agus tuairim Tuairisc. Níor iarr eagarthóir Tuairisc orm scríobh faoin ábhar a bhí i gceist – ceist na hoibiachtúlachta i gcúrsaí craoltóireachta – agus níor phléamar roimh ré é.

An dara rud ná gur bhain an t-alt go sonrach le cúraimí reachtúla craoltóirí agus ní le foilseacháin ar nós Tuairisc.

An tríú rud nár dúradh san alt go bhfuil ‘dhá thaobh le gach scéal’. Bhain an t-alt go sonrach le cásanna ina bhfuil tuairimí áirithe ag sciar suntasach de phobal na hÉireann agus leis na dualgais atá ar chraoltóirí sna cásanna sin.

Thagair mé go sonrach don dualgas in RTÉ go gcuirtear ‘éagsúlacht peirspictíochtaí i láthair sa chaoi nach mbíonn, le himeacht ama, aon snáithe suntasach smaointeoireachta ná creidimh á fhágáil ar lár go comhfhiosach ná á léiriú go leatromach”. [Liomsa an cló Iodálach.)

Ansin rinne mé tagairtí do shuirbhéanna chun fianaise a sholáthar go bhfuil sé doshéanta go bhfuil sciar suntasach nó fiú tromlach den phobal a bhfuil tuairimí áirithe acu i dtaca le cúrsaí inscne, agus dá bharr sin go bhfuil dualgas ar chraoltóirí, faoi mar a sheasann cúrsaí, ardán a thabhairt do na daoine sin.

Rinne mé argóint nach dtagann na tuairimí sin faoin sainmhíniú sa dlí ar ‘fuathchaint’ agus mar sin nach mbeadh aon bhunús ag craoltóirí an coincheap sin a úsáid mar bhunús chun ardán a dhiúltú dóibh.

Pé is maith leat nó nach maith leat é, tá dualgas ar chraoltóirí gan tuairimí áirithe a fhágáil ar lár

Ach níl tada sa reachtaíocht nó sna treoirlínte craoltóireachta a deir go gcaithfear dhá thaobh a thabhairt do gach scéal. Mar a tharlaíonn sé, thug Údarás Craolacháin na hÉireann soiléiriú díreach ar an gceist chéanna sin ag Coiste Comhshaoil agus Aeráide an Oireachtais ar an 6 Nollaig. Is i gcomhthéacs na géarchéime aeráide a bhíothas ag cur na ceiste agus cé acu an bhfuil dualgas ar chraoltóirí ‘dhá thaobh’ a thabhairt sa scéal sin. Dúirt Declan McLoughlin, bainisteoir sinsearach san Údarás Craolacháin: ‘Sa chás nach bhfuil aon mhalairt tuairime, sa chás seo maidir leis an eolas bunúsach faoin athrú aeráide agus an éifeacht gás ceaptha teasa, níl aon riachtanas cothromaíocht a sholáthar.’ Dúirt sé gur ‘modh í an chothromaíocht (balance) chun cothroime (fairness) agus oibiachtúlacht a bhaint amach i gcásanna áirithe, ach nach riachtanas é i ngach cás.’ Dúirt sé gur gá ‘cothromaíocht ar mhaithe le cothromaíocht’ a sheachaint ar chláracha raidió agus teilifíse.

Mar sin, de réir mar a thuigim an scéal, bíonn dualgas de ghnáth ar chraoltóirí tuairimí atá ag sciar suntasach de phobal na tíre a chur i láthair. Ach ní hionann sin agus a rá go gcaithfear ardán a thabhairt don argóint gur cur i gcéill atá san athrú aeráide nó gur ionann Covid 19 agus an gnáthfhliú nó nár tharla sléacht riamh ag Sandy Hook (mar a mhaígh Alex Jones) nó don bhréagaisnéis gur mharaigh na hÚcránaigh 14,000 sibhialtach sa Donbass idir 2014-2022, mar a mhaítear go minic ar na meáin shóisialta.

Sin é mo thuiscint ar an scéal. Más féidir le duine éigin argóint a dhéanamh bunaithe ar fhianaise ón reachtaíocht agus na treoirlínte atá ann faoi láthair go bhfuil léamh iomlán mícheart agam bheadh spéis agam sin a léamh. Agus dar ndóigh is féidir le daoine argóint a dhéanamh go bhfuil na treoirlínte agus an reachtaíocht fhéin lochtach nó éagórach.

Tuigim go bhfuil tuairimí agus mothúcháin fíorláidre ag daoine maidir le cúrsaí féiniúlacht inscne. Tuigim go ngortaítear daoine sa phlé seo agus gur dócha go ngortóidh an t-alt seo roinnt daoine. Tuigim go bhfuil daoine ann nach nglacfaidh leis gur iarracht mhacánta é seo uaimse na dualgais atá orm mar chraoltóir, de réir mar a thuigim iad, a mhíniú agus a chreidfidh go bhfuil fuath nó drochthoil nó fóibe nó rud gránna éigin eile mar bhunús leis.

Tuigim go bhfuil daoine ann nach gcreidfidh mé nuair a deir mé go ngoilleann sin orm, gurb é an rud is measa liom faoin ngnó ina bhfuilim.

Ach an té nach bhfuil sásta cur suas leis an míchompord sin, níor chóir dó a bheith sa ghnó seo.

Fág freagra ar 'Ní bhíonn dhá thaobh le gach scéal, ach tá dualgas ann i leith na cothromaíochta'