Pé is maith leat nó nach maith leat é, tá dualgas ar chraoltóirí gan tuairimí áirithe a fhágáil ar lár

Tá níos mó brú á chur ar chraoltóirí le blianta beaga anuas an prionsabal go mbíonn cead cainte ag daoine ar an dá thaobh de scéal a chur ar leataobh

Pé is maith leat nó nach maith leat é, tá dualgas ar chraoltóirí gan tuairimí áirithe a fhágáil ar lár

Go gairid roimh reifreann an ghinmhillte in 2018 rinne polaiteoir áirithe (a bhfuil an-mheas agam air) muid a cháineadh ar an gclár raidió Cormac ag a Cúig mar go raibh sé fógartha againn go mbeadh máthair páiste ar a raibh Siondróm Down ag labhairt i gcoinne an ghinmhillte ar an gclár. Dúirt sé go raibh an eagraíocht Down Syndrome Ireland tar éis iarraidh cheana ‘gan cás páistí le Siondróm Down a phlé i gcomhthéacs an 8ú Leasú’.

Ina ráiteas siúd cháin Down Syndrome Ireland go háirithe an úsáid a bhain lucht feachtais as íomhánna de pháistí le Siondróm Down ar phaimphléidí.

‘We are respectfully asking both sides of the campaign debate, all political parties and any other interested groups to stop exploiting children and adults with Down syndrome to promote their campaign views.’

Tá amhras orm i ndáiríre an bhféadfaí an bhrí a bhaint as ráiteas Down Syndrome Ireland a bhain an polaiteoir as. D’iarr siad – go measúil – ar ghrúpaí feachtasaíochta agus páirtithe polaitiúla srian áirithe a chur ar an méid a bhí á rá acu agus ar na híomhánna a bhí á n-úsáid acu, ach níor iarr siad ar na meáin chumarsáide cinsireacht a dhéanamh ar dhaoine nó ar thuairimí áirithe. Agus tá amhras orm nach í an mháthair leis an bpáiste le Siondróm Down a bhí ar intinn acu nuair a bhí siad ag trácht ar ‘feachtasóirí’ ar an dá thaobh.

Ach is cuma ar shlí mar ní hé Down Syndrome Ireland nó aon tríú páirtí eile a chinneann cé na tuairimí agus cé na daoine a bhfuil cead cainte acu ar na haerthonnta náisiúnta. Caithfear na cinntí sin a dhéanamh de réir Acht Craolacháin 2009, cóid chleachtais Údarás Craolacháin na hÉireann, agus cóid chleachtais RTÉ fhéin.

Deirtear i gcód Iriseoireachta RTÉ go gcuirtear “éagsúlacht peirspictíochtaí i láthair sa chaoi nach mbíonn, le himeacht ama, aon snáithe suntasach smaointeoireachta ná creidimh a fhágáil ar lár go comhfhiosach ná a léiriú go leatromach”.

Deirtear freisin nach dtugtar “buntáiste míchuí do dhearcadh nó meon faoi leith seachas a mhalairt”.

Feictear dom go bhfuil níos mó brú á chur orainn le blianta beaga anuas mar iriseoirí agus mar chraoltóirí na prionsabail sin a chur ar leataobh, ná mar a cuireadh in am ar bith eile ó thosaigh mé ag obair sa ghairm seo. Feictear é seo go háirithe sna díospóireachtaí faoi cheisteanna éagsúla a bhaineann le féiniúlacht inscne agus inscne bhitheolaíoch.

Ar chóir go mbeadh cead ag mná trasinscneacha páirt a ghlacadh i spórt na mban? Ar chóir tús áite a thabhairt do ghnéas bitheolaíoch nó d’fhéiniúlacht inscne? Ar chóir ionaid aon-ghnéis do mhná agus do chailíní (leithris, seomraí gléasta, agus áiteanna ar leith in ospidéil agus i bpríosúin) a choimeád? Ar chóir go mbeadh cead ag daoine faoi 18 a n-inscne a athrú de réir dlí? Cén aois ar chóir go mbeadh cead ag duine tosú ar theiripe athsholáthair hormón?

Cuirtear an tuairim in iúl go fórsúil nár chóir ardán a thabhairt do dhaoine ar thaobh amháin de na hargóintí seo mar gur fuathchaint agus trasfóibre atá ann a leithéid de thuairim a nochtadh. Chonacthas é seo sa chonspóid a bhí ann le déanaí faoi alt le Cathal Mac Coille ar an suíomh seo, agus i gcinneadh mhodhnóirí Mastadon.ie cuntais scata Gael aitheanta a chur ar fionraí as ucht tagairt a dhéanamh don alt.

Is saghas club é Mastadon.ie agus cead acu a rialacha fhéin a bheith acu, ach mar chraoltóirí seirbhíse poiblí is sárú ar ár ndualgais dhlíthiúla a bheadh ann gan ardán a thabhairt do dhaoine ar an dá thaobh de na díospóireachtaí seo.

Níl an t-uafás taighde cainníochtúil ar fail dúinn faraor faoi dhearcadh an phobail ar na ceisteanna seo, ach an méid atá againn léiríonn sé go bhfuil sciar mór den phobal, nó fiú tromlach, ar an taobh a bhfuiltear ag iarraidh a chur ina luí orainn gan cead cainte a thabhairt dóibh.

D’aontaigh 45% de na daoine i bpobalbhreith Sunday Independent/Ireland Thinks i mí Iúil i mbliana leis an ráiteas ‘Is bean í bean trasinscneach’ i gcomparáid le 29% nár aontaigh leis an ráiteas. Ach shíl 68% nár chóir cead a bheith ag mná trasinscneacha dul san iomaíocht i spórt na mban i gcomparáid le 17% a dúirt gur chóir agus 15% nach raibh cinnte.

Léirigh pobalbhreith Behaviour and Attitudes do The Sunday Times in Eanáir 2019 gur chreid 54% de vótóirí nár chóir go mbeadh cead ag daoine faoi 18 inscne a athrú i gcomparáid le 29% a shíl gur chóir.

Léirigh suirbhé a rinne an comhlacht Red C don ghrúpa The Countess i mí Iúil 2021 go raibh 62% den tuairim gur chóir go mbeadh ar lucht foirgneamh poiblí, ar nós scoileanna, leithris aon-ghnéis a sholáthar. D’aontaigh 77% gur chóir go mbeadh sé de cheart ag daoine éileamh gur duine den inscne chéanna ó bhreith a dhéanfadh scrúdú leighis dlúthphearsanta orthu.

Tá clár oibre áirithe ag The Countess sna díospóireachtaí seo ach is eagraíocht taighde gairmiúil é Red C. Fiú mura mbeadh i gceist ach leath den chéatadán daoine atá le tuiscint ó na figiúirí seo is ó chuid de na figiúirí, bheadh tú fós ag caint ar chéatadán níos mó daoine ná mar a vótáil do Shinn Féin nó d’Fhianna Fáil nó d’Fhine Gael san olltoghchán deireanach.

Seans go ndéarfaidh daoine áirithe nár chóir ardán a thabhairt do ‘fuathchaint’ nó ‘trasfóibe’ is cuma cé mhéad duine a thacaíonn léi, agus gur fuathchaint agus trasfóibe is ea gach argóint a dhéanann daoine atá ar thaobh amháin de na ceisteanna seo.

Tá tairseach an-ard riachtanach chun fuathchaint a chruthú agus ní hionann caint atá maslach do dhream áirithe agus fuathchaint. Agus fiú an reachtaíocht nua ar fhuathchaint atá os comhair an Oireachtais faoi láthair, deir an Roinn Dlí agus Cirt nach gcuirfidh sí cosc mar shampla ar sheanmóir eaglasta ag cáineadh ginmhillte nó gníomhartha homaighnéasacha. Ní bheidh cosc ach an oiread ar dhiúltú leas a bhaint as an bhforainm is mian le duine trasinscneach go n-úsáidfí ina leith féin.

Tá rudaí ann ar fuathchaint iad dar liom féin go pearsanta ach a bhfuil comhairle dlí faighte a deir nach dócha gurb ea.

Maidir leis an líomhain go bhfuil duine ‘trasfóibeach’, líomhain a dhéanann a lán go minic sa díospóireacht seo, níl an bhrí atá leis an bhfocal seo sainmhínithe sa dlí. Measaim gur le cás clúmhillte sa chúirt a chríochnóidh an scéal luath nó mall. Ansin is breithiúnas dháréag den phobal a chinnfidh an raibh sé ceart an téarma sin a úsáid faoi dhuine.

Más aon treoir iad na figiúirí ó na pobalbhreitheanna a luaigh mé roimhe seo, is beag seans go n-aontódh tromlach de ghiúiré ar bith go raibh – mar shampla – alt Chathail Mhic Coille ar Tuairisc le déanaí ‘trasfóibeach’. Mar a déarfadh mo léachtóir sochtheangeolaíochta linn fadó: Meaning is social.

Measaim gur beag duine atá á léamh seo ar mhaith leo go mbeadh na srianta céanna ar shaoirse cainte a fheictear faoi láthair san Iaráin, sa Rúis agus sa tSín. Ar an dtaobh eile den scéal, is beag duine atá i ndáiríre i bhfabhar saoirse iomlán cainte gan srian ar bith. Ach beidh tuairimí difriúla againn ar cén áit is cóir an líne sin a tharraingt. Uaireanta bíonn na cearta a chreidtear a bheith ag dream amháin ag teacht salach go pointe ar na cearta a chreideann daoine eile a bheith ag dream eile.

Bíonn tuairimí difriúla fiú i measc iriseoirí agus craoltóirí éagsúla faoi na cúrsaí seo. Sin cuid den chúis go bhfuil cóid chleachtais agus reachtaíocht ann a rialaíonn na cúrsaí seo agus nach iad ár gclaonta pearsanta féin amháin a stiúrann cé na tuairimí a dtabharfar ardán dóibh.

Faoi mar a sheasann cúrsaí níl rud ar bith sa dlí nó sna treoirlínte craoltóireachta sa tír seo a deir gur chóir cosc a chur ar na príomhargóintí a dhéantar ar thaobh amháin den díospóireacht faoin bhféiniúlacht inscne agus inscne bhitheolaíoch. Go deimhin, leagtar dualgas ar chraoltóirí gan na tuairimí sin a fhágáil ar lár. Má cheapann tú nach bhfuil na treoirlínte agus an dlí sásúil ar shlí éigin déan feachtasaíocht chun iad a athrú.

Ach idir an dá linn, ná bí dár n-ionsaí as ucht ár ndícheall a dhéanamh cloí leis na treoirlínte.

Fág freagra ar 'Pé is maith leat nó nach maith leat é, tá dualgas ar chraoltóirí gan tuairimí áirithe a fhágáil ar lár'

  • Áine Durkin

    @ Ach idir an dá linn, ná bí dár n-ionsaí as ucht ár ndícheall a dhéanamh cloí leis na treoirlínte.

    Áiméan.