Ní bheidh tada réchúiseach faoi chur chuige Chúige Mumhan anocht

Is iad na Muimhnigh atá sa dara háit ar an tábla faoi láthair le deich bpointe ach iad ceithre phointe taobh thiar de Treviso na hIodáile

Ní bheidh tada réchúiseach faoi chur chuige Chúige Mumhan anocht

Pictiúr: INPHO/Laszlo Geczo

Cé go bhfuil cluichí fós le himirt i mBabhtaí 4, 5 agus 6 de réamhbhabhtaí Chorn an Bhogha Ceatha, níl ach dhá chluiche an taobh le himirt ag na Cúigí mar go bhfágann srianta Covid-19 go bhfuil cosc taistil chuig an limistéar seo ar fhoirne na hAfraice Theas go dtí go n-imreofar an cluiche ceannais ar an 19 Meitheamh.

An lá sin, beidh pé foireann a bheas ar bharr thábla an limistéir seo ag imirt i gcoinne pé foireann ón Afraic Theas a cháileoidh.

Fágann sin na Laighnigh, dream atá sa gcúigiú háit ar an tábla le naoi bpointe, gan aon chluiche acu an deireadh seachtaine seo agus iad ag súil go ndéanfaidh foirne eile atá níos ísle ná iad gar dóibh trí bhuachan ar fhoirne atá chun tosaigh orthu.

Is cinnte go mbeidh an-suim ag Leo Cullen agus a fhoireann sa gcluiche idir Cúige Mumhan agus Caerdydd i Luimneach anocht. Is iad na Muimhnigh atá sa dara háit ar an tábla faoi láthair le deich bpointe ach iad ceithre phointe taobh thiar de Treviso na hIodáile, foireann atá ar bharr an tábla le ceithre phointe dhéag. Ba cheart go mbeadh na Muimhnigh sách láidir le bua a fháil agus b’fhéidir ceann le pointe bónais agus iad ag imirt sa mbaile. Ach sin a cheap muid roimh chuairt na gConnachtach ar Luimneach coicís ó shin. Bhí bua stairiúil ag fir na Gaillimhe an lá sin,  24-20. Seans gurb é an bualadh sin an rabhadh a chinnteoidh nach mbeidh tada réchúiseach ag baint le cur chuige na Mumhan anocht agus iad ar thóir bua a d’fhágfadh fós sa rás iad, ag brath freisin ar a dtarlóidh i gcluichí eile.

Seans gurb é cluiche an lae amárach san Iodáil idir Treviso, foireann atá ar bharr an tábla, agus Cúige Chonnacht, atá sa seachtú háit, an ceann is tábhachtaí de na cluichí eile. Má bhíonn an lá le foireann an bhaile beidh sé beagnach dodhéanta breith orthu sa rás chuig barr an tábla. Is cinnte freisin gur buntáiste ollmhór do na hIodálaigh a bheith ag imirt sa mbaile, an áit chéanna ina mbeidh an cluiche ceannais á imirt.  Nach iontach mar spreagadh é sin dóibh?

Fós féin, níl na Connachtaigh gan údar misnigh agus iad lán de mhuinín tar éis an bhua iontach sin i gcoinne na Mumhan. Ní bheidh sé éasca acu, áfach.

Is ar éigean gur fiú an cluiche amárach idir na hUltaigh agus na Scarlets i mBéal Feirste a lua. Tá na hUltaigh ar íochtar an tábla agus chuile chluiche caillte acu go dtí seo. Fiú má bhíonn an lá leo amárach ní bheidh tionchar ar bith aige ar bharr an thábla.  Tá rás na nUltach rite.

Fág freagra ar 'Ní bheidh tada réchúiseach faoi chur chuige Chúige Mumhan anocht'