Ní bheidh cogadh sa Ghraonlainn ach d’fhéadfadh go mbeadh géarchéim do NATO ann

Níl fianaise ar bith ann go bhfuil longa Rúiseach ná longa Síneacha ag cur brú ar an nGraonlainn

Ní bheidh cogadh sa Ghraonlainn ach d’fhéadfadh go mbeadh géarchéim do NATO ann

Tar éis do na Meiriceánaigh ruathar a dhéanamh ar Veiniséala ní raibh moill ná drogall ar bith orthu aird an domhain mhóir a dhíriú ar an nGraonlainn agus ar ndóigh bhí an domhan mór sásta glacadh lena n-iarracht.

Luaigh an tUachtarán Donald Trump gurb é ceann de na cúiseanna go bhfuil suim ag na Meiriceánaigh seilbh a ghlacadh ar an oileán ollmhór ná go bhfuil longa Rúiseacha agus Síneacha thart timpeall chósta na Graonlainne agus nach féidir leis an Danmhairg í a chosaint.

Mar gheall air seo, tá sé ráite ag Trump gur chóir an t-oileán a bheith faoina sheilbh féin chun leasanna straitéiseacha na Stát Aontaithe a chosaint agus deir sé go mbainfidh sé an sprioc seo amach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile.

Ní hamháin gur chuir sé lena chéad ráiteas ar an ábhar níos déanaí sa tseachtain, ach chuir roinnt urlabhraithe dá chuid leis an éileamh chomh maith.

Ach tá roinnt deacrachtaí le ráitis an Uachtaráin agus a chuid urlabhraithe. Ar an gcéad dul síos, níl fianaise ar bith ann go bhfuil longa Rúiseach ná longa Síneacha ag cur brú ar an nGraonlainn.

Mar gheall ar an athrú aeráide, tá suim ag na Rúisigh i limistéir an Artaigh mar bhealach a bheadh saor ón oighear an bhliain ar fad. Seans freisin go bhfuil suim ag an dá thír, an Rúis agus an tSín, in acmhainní an Artaigh agus go mbainfeadh siad tairbhe as bunáiteanna ar an oileán chun na hacmhainní sin a shaothrú, ach ní hionann sin agus a rá go bhfuil suim acu seilbh a ghlacadh ar an oileán.

Ar an dara dul síos, dá mbeadh an Ghraonlainn i mbaol mar gheall ar ghníomhartha na Rúise ná na Síne sa réigiún, bheadh NATO in ann dul i ngleic leis na bagairtí seo, dá n-imeodh rudaí ó smacht.

Tá cosaint na Graonlainne clúdaithe faoi fhorálacha NATO toisc go bhfuil an Danmhairg freagrach as cúrsaí cosanta an oileáin agus chiallaíonn sé sin go bhfuil NATO, na Stáit Aontaithe san áireamh, freagrach go hindíreach as a cosaint cheana féin.

Tá loighic an Uachtaráin ag teacht salach ní hamháin ar an gcúis ar bunaíodh an chomhghuaillíocht ach ar fhreagrachtaí bhallstáit na comhghuaillíochta chomh maith.

Ar an tríú dul síos, má tá cosaint na Stát Aontaithe, ó thaobh córas aerchosanta de, clúdaithe sna ráitis faoi leasanna straitéiseacha a bhaineann leis an oileán, is féidir leis na Meiriceánaigh cur leis an mbunáit mhíleata atá acu ar an oileán gan mórán deacrachtaí.

Ina theannta sin, dá mbeadh suim acu cur lena gcosaintí diúracáin d’fhéadfadh siad roinnt bunáiteanna, a dúnadh tar éis an Chogaidh Fhuair, a athoscailt i gcomhaontú leis an Danmhairg chun áiseanna idircheaptha breise nó áiseanna monatóireachta a bhunú.

Cé go bhfuil aird an domhain mhóir dírithe ar an nGraonlainn le déanaí mar gheall ar mhianraí tearcithreacha, níl fuadar ar bith ann chun mianadóireacht a dhéanamh orthu mar gheall ar an aimsir agus toisc nach bhfuil an t-infreastruchtúr ann chun iad a thochailt. Mar thoradh air seo, má tá acmhainní mianracha an oileáin clúdaithe sna ráitisd’fhéadfadh na Meiriceánaigh teacht ar chomhaontú leis an oileán agus an Danmhairg ar an ábhar seo.

Tar éis cainteanna idir airí gnóthaí eachtracha na Danmhairge agus na Graonlainne agus státrúnaí agus leasuachtarán na Stát Aontaithe, tá sé ráite ag na Danmhargaigh nach bhfuil na Meiriceánaigh chun éirí as a n-éilimh maidir leis an oileán.

Ach ní bheidh cogadh idir Meiriceá ar thaobh amháin agus an Danmhairg agus tíortha eile NATO ar an taobh eile mar thoradh ar na héilimh seo.

Bunaíodh NATO mar chomhghuaillíocht chosanta i gcoinne bagairtí seachtracha agus chun an fhoráil maidir le cosaint a chur i gcríoch bheadh sé riachtanach go dtiocfadh na ballstáit ar chomhaontú d’aon ghuth sula rachadh siad i mbun cogaíochta. Ní fhéadfaí an fhoráil seo a chomhlíonadh i gcás ionsaí ag ballstát amháin ar bhallstát eile.

Is deacair a shamhlú go ndéanfadh na Meiriceánaigh ionsaí foréigneach ar an oileán ach oiread. Ach is féidir iad a shamhlú ag cur leis an mbunáit atá acu ar dtús nó ag cur aerárthaí breise chuig an aerfort ina bhfuil eitleáin lonnaithe cheana féin. Is féidir a shamhlú chomh mhaith iarrachtaí chun na bunáiteanna eile a athoscailt de réir a chéile gan cead a fháil ón Danmhairg.

Dá dtarlódh sé sin, chruthófaí géarchéim do NATO, géarchéim a mbeadh sé thar a bheith deacair dul i ngleic léi. Rud a fhíoródh tuar Phríomh-Aire na Danmhairge go mbrisfeadh an chomhghuaillíocht as a chéile.

Ach ní chuirfeadh sé sin isteach ar Uachtarán Trump bealach amháin nó bealach eile.

Fág freagra ar 'Ní bheidh cogadh sa Ghraonlainn ach d’fhéadfadh go mbeadh géarchéim do NATO ann'

  • Breathnóir1

    ´´Is deacair a shamhlú go ndéanfadh na Meiriceánaigh ionsaí foréigneach ar an oileán ach oiread. ´´´

    Tá Trump ó smacht, agus tá SAM ó smacht. Ní dóigh liom go bhfuil sé deacair ar chor ar bith a shamhlú go ndéanfaidh na Meiriceánaigh ionsaí foréigneach ar an Ghraonlainn, nó ar go leor áiteanna eile, de réir mar a oireann dóibh, ar an drochuair.