Tá cáineadh láidir déanta ar chinneadh na Roinne Pobal ó thuaidh deireadh a chur leis an scéim sparánachta Líofa, scéim a thug deis do 100 duine freastal ar ranganna Gaeilge samhraidh i nGaeltacht Dhún na nGall.
Ba i ríomhphost a seoladh tráthnóna ó oifig Líofa a chuir an Roinn Pobal an cinneadh in iúl do lucht na gcoláistí Gaeltachta a chuir na ranganna ar fáil faoin scéim.
“Mar gheall ar choigilteas éifeachtúlachta ní bheidh an Roinn ag soláthar Scéim Sparánachtaí Líofa i 2017. Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise daoibh,” a dúradh sa ríomhphost.
Deireadh curtha ag @paulgivan @duponline @CommunitiesNI le Sceim scolaireachtai #Gaeilge #Gaeltachta – we need those we elected to stand up pic.twitter.com/Ncy8DserPb
— Paddy Tierney (@ptierney89) 23 Nollaig 2016
Dúirt Niall Comer ó Chonradh na Gaeilge gur “ionsaí soiniciúil” ar an nGaeilge a bhí sa chinneadh agus go raibh “leithcheal soiléir” i gceist.
Dúirt sé go mbeadh na céadta gasúr atá faoi mhíbhuntáiste thíos le cinneadh an Aire Pobal Paul Givan (DUP) deireadh a chur leis an scéim.
Seán Mag Leannáin
Is díol spéise é gurb é an tAire céanna Paul Givan (DUP), a deir go bhfuil sé go mór ar son athfhorbairt a dhéanamh ar Pháirc Mhic Easmuinn i mBéal Feirste , a rinne an cinneadh slíomach sprionlaithe seo agus, chun an tarcaisne a chur i mullach na héagóra, a sheol an teachtaireacht maslach seo ag aimsir na Nollag. “Mar gheall ar choigilteas éifeachtúlachta ní bheidh an Roinn ag soláthar Scéim Sparánachtaí Líofa i 2017. Nollaig mhaith agus bliain úr faoi mhaise daoibh.” Is léir go bhfuil Givan ar son athfhorbairt a dhéanamh ar Pháirc Mhic Easmuinn mar thacaíocht don iarracht cluichí móra rugbaí de chuid chorn an domhain a thabhairt go Béal Feirste agus ní ar son an athmhuintearais nó an chomhionnanais. Spreagtar an cheist cén fáth go gcuirfeadh cúpla céad páiste ón Tuaisceart ag iarraidh an Ghaeilge a fhoghlaim mar chuid dá bhféiniúlacht chultúrtha an oiread sin oilc agus alltachta air? Aghaidh nua na hóige san DUP deirtear, ach an seanphort biogóideach i gcónaí, tá brón orm a rá.
Liam Mac Lochlainn
Teachtaireacht an-mhaslach atá ann, gan amhras. Tá an tAire ag iarraidh airgead a choigilt. Cuireann sin iontas orm. De réir cosúlachta, tá talladh airgid ag Stormont. Beidh Rialtas an Tuaiscirt ag íoc níos mó ná £490 milliún sa bhreis sa scéim RHI. Agus bíonn an figiúr ag éirí an t-am ar fad, mar aon leis an toit. (Ba chóir ‘ Beidh Pobal Thuaisceart Éireann ag íoc’ a rá, ar ndóigh.) Aimsir na Nollag atá ann agus tá Scrooge beo beathach i Stormont. Agus níl an bhiogóideacht marbh ach oiread. Nollaig mhaith duitse, a Aire. Agus codladh sámh.
Liam Mac Lochlainn
Tá brón orm -botún cló: ‘talladh’ in áit ‘dalladh’. ‘Talladh’ : sin ‘lifting,taking, stealing,cutting, lopping, spoiling’ ( Dinneen). Nuair a smaoiníonn tú air, sin focal maith fosta….