Ní bheathaíonn na briathra na bráithre – créacht gan chneasú ‘Ollscoil Dhoire’

Tá tascfhórsa nua bunaithe chun plean forbartha a chur i bhfeidhm le freastal ar 10,000 mac léinn ar champas Choláiste Mhic Aoidh i nDoire, ach is iomaí gealltanas a tugadh cheana

Ní bheathaíonn na briathra na bráithre – créacht gan chneasú ‘Ollscoil Dhoire’

Buille trom do Dhoire i 1965 ab ea an cinneadh gur i gCúil Raithin agus nach sa dara cathair i gColáiste Mhic Aoidh a bhunófaí ollscoil nua Uladh. Buille é atá beo sa chaint agus i gcroí na ndaoine fós. Leatrom ab ea é ar an bpobal taobh thiar den Bhanna agus é ar cheann de na cúiseanna a spreag gluaiseacht chearta sibhialta Thuaisceart Éireann.

An tseachtain seo caite d’fhógair Aire Eacnamaíochta Stormont, Conor Murphy Shinn Féin, tascfhórsa nua chun plean forbartha a dhearadh agus a chur i bhfeidhm le freastal ar 10,000 mac léinn ar champas Choláiste Mhic Aoidh.

Beart riachtanach, a dúirt an t-aire, chun an éagothroime i bhforbairt eacnamaíochta a chur ina ceart taobh thiar den Bhanna. Liosta le háireamh iad na tuarascálacha anailíse agus na pleananna polaitiúla a léirigh le fada go mbeadh forbairt na hollscoile lárnach i bhfás eacnamaíoch na cathrach agus an iarthuaiscirt fré chéile.

Táthar ag feachtasaíocht le trí scór bliain chun ollscoil neamhspleách a fháil sa chathair nó forbairt ar Choláiste Mhic Aoidh. Rinneadh comhcholáiste d’Ollscoil nua Uladh de Magee mar a thugtar air i 1970.

Tá amhras ar mhórán i nDoire ó shin go mbeadh sé in áit na leathphingine i gcónaí mar gurb é leas na hinstitiúide nua ba chás leis an ollscoil sin agus le móramh de pholaiteoirí aontachtacha. Is iomaí geallúint tugtha le cúig bliana déag go ndéanfaí forbairt ar an gcampas i nDoire chun an sprioc 10,000 mac léinn a bhaint amach ach níor comhlíonadh iad. Timpeall 5,000 atá ar na rollaí.

Is ar fhorbairt an champais mhóir ghléinigh i mBéal Feirste a chaith Ollscoil Uladh an chuid ba mhó dá buiséad. Bhí drogall ar cheannairí acadúla chomh maith le baill den DUP, an páirtí ba mhó faoin am sin, campas eile a fhorbairt a bheadh in iomaíocht le Cúil Raithin agus Béal Feirste. Níl 10,000 uaillmhianach in aon chor mar líon na mac léinn do Dhoire.

Dá mbeifí chun iarracht a dhéanamh a bheith ar comhchéim le Gaillimh nó Luimneach, abair, bheadh 20,000 mar aidhm acu. Sin é a theastaíonn ó bhuíon eile sa chathair a bhfuil ollscoil uathu a bheadh neamhspleách ar Ollscoil Uladh. Sheas Garbhán Downey, urlabhraí an ghrúpa sin, mar iarrthóir don bhfeachtas sna toghchán Seanaid deiridh.

Ní hiontas an scoilt i bhfianaise an tarraingt na gcos go dtí seo. Leagadh síos an sprioc 10,000 in 2011. Maítear go háitiúil nach sroichfí é go dtí an céad seo chugainn mura n-athrófaí cúrsa. Bíodh an tomhas sin ceart nó mícheart admhaíonn Conor Murphy gur deineadh faillí agus go bhfuil gá le cur chuige nua. Rinne an roinn ar a bhfuil seisean i gceannas infheistíocht £18 milliún i nDoire i gcomparáid le £370 milliún i mBéal Feirste sna deich mbliana seo caite.

Rinne rialtas na hÉireann infheistíocht i Magee, i gcúrsa leighis go háirithe, agus tá suim ag a lán i gcomhghuaillíocht trasteorann idir institiúidí tríú leibhéal. Rinne Acadamh Ríoga na hÉireann scrúdú ar sholáthar agus ar mhúnlaí éagsúla don iarthuaisceart ó Ghaillimh go Doire. Tá dúil mhór ag an bhfeachtas d’ollscoil neamhspleách i gconclúidí an Acadaimh.

Tá téarmaí tagartha an tascfhórsa teoranta do shocrú a bhaineann le hOllscoil Uladh áfach agus ní léir go mbeadh scóip acu chun breathnú ar mhúnlaí eile. Buiséad £385 milliún atá luaite leis an togra ach déanfaidh an tascfhórsa taighde ar mhaoiniú agus foinsí maoinithe.

Deir Cathaoirleach an tascfhórsa, Stephen Kelly, príomhfheidhmeannach Manufacturing NI, go bhfuil rún aige tuarascáil eatramhach a sholáthar i mbliana. Is de bhunadh Dhoire é agus cónaí air sa chathair agus é diongbháilte go bhfuil ollscoil rathúil riachtanach le haghaidh forbairt gheilleagrach an réigiúin. Ní uasteorainn é 10,000, ar sé, agus d’aontaigh an tAire Murphy leis.

Chífimid. Is iomaí rud a gealladh cheana. Ba dheacair é a thógáil ar dhaoine i nDoire a dúirt ‘ní bheathaíonn na briathra na bráithre’. Dúshlán do Stormont é a chruthú an t-am seo go bhfuil siad ábalta cuid den fhaillí san iarthar a chur ina ceart agus créacht stairiúil a chneasú.

Fág freagra ar 'Ní bheathaíonn na briathra na bráithre – créacht gan chneasú ‘Ollscoil Dhoire’'