Ní achar fada seachtain sa pholaitíocht in Éirinn na linne seo

Dá fhad a chuireann Fianna Fáil athrú ceannaire ar an méar fhada, is lú an seans atá acu téarnamh de shaghas éigin a dhéanamh

Ní achar fada seachtain sa pholaitíocht in Éirinn na linne seo

An Taoiseach Micheál Martin. Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Deirtear gur achar maith sa bpolaitíocht é seachtain. Sin é ar ndóigh mar gheall ar na rudaí beaga is móra a d’fhéadfadh tarlú in aon seachtain amháin. 

Ach in Éirinn na linne seo ní cosúil go dtarlaíonn tada aon seachtain. Tá na géarchéimeanna céanna ann, i gcúrsaí tithíochta, sláinte, oideachais, forbartha is pleanála is a bhí riamh, is gan dóchas ag éinne go bhfuil réiteach na bhfadhbanna sin ag an rialtas. 

Agus ó thaobh na bpobalbhreitheanna de, tá cúrsaí níos seasmhaí ná a bhí riamh: Sinn Féin ag timpeall 30%, Fine Gael ag 25% Fianna Fáil ag 15%, agus na Glasaigh agus Páirtí an Lucht Oibre ag timpeall 4%. Is mar sin a bhí a bheag nó a mhór sna 22 pobalbhreith a foilsíodh i mbliana. 

Bíonn athrú beag ann ó am go chéile, ardú nó laghdú pointe anseo nó ansiúd, ach is é an scéal céanna a bhíonn ann i gcónaí. 

Is é a léiríonn an grianstad polaitíochta seo ná nach bhfuil an t-údarás ag an rialtas fanacht in oifig, ach go dtuigeann siad – Fianna Fáil go háirithe – go bhfuil tubaiste i ndán dóibh má bhíonn toghchán luath ann. Go deimhin d’fhéadfadh Fianna Fáil deich suíochán ar a laghad a chailliúint faoi mar a sheasann cúrsaí faoi láthair. 

Ach ós fearr a bheith crochta amárach ná inniu, coinneoidh siad a ngreim ar an gcumhacht chomh fada agus is féidir. 

Ach ná bíodh aon duine róbhuartha fúthu. Nár fhógair Micheál Martin go bhfuil an páirtí níos aontaithe ná riamh i ndiaidh seisiúin mhachnaimh an pháirtí parlaiminte ar na mallaibh. Ait go leor, bhí an port céanna ag Leo Varadkar i ndiaidh sheisiúin Fhine Gael. 

Nach mór an faoiseamh é sin, nó an é go maireann siad i saol atá éagsúil ón gceann ina maireann an chuid eile againn? 

Ar ais sa saol mar atá, féach go bhfuil cás Sláintecare ag dul chun donais agus duine mór le rá eile, an tOllamh Geraldine McCarthy, ag éirí as mar chathaoirleach ar Ghrúpa Ospidéal an Deiscirt is an Iardheiscirt mar gheall ar an easpa dul chun cinn i dtaobh athchóiriú na seirbhíse sláinte. Ar ndóigh, d’imigh Laura Magahy is Tom Keane ó Sláintecare roimpi. 

Agus nach ceap magaidh é tost Darragh O’Brien, atá chomh cinnte sin dá pholasaí tithíochta nach bhfuil sé sásta díospóireacht a dhéanamh le hEoin Ó Broin faoi? 

Agus an fiú bheith ag caint ar chor ar bith faoi fhorbairt na heacnamaíochta, go háirithe faoin tuath? 

D’fhiafraigh mé an tseachtain seo caite an raibh oiread is duine amháin as páirtithe an rialtais a déarfadh nach bhféadfaí glacadh a thuilleadh leis an bpraiseach atá againn. Agus, go deimhin, sheas Marc MacSharry an fód. 

Ar ndóigh bhí sé deacair gan gáire os ard nuair a mhaígh sé gur poblachtach sóisialach a bhí ann, agus tá tuairim láidir ann go bhfuil sé buartha anois faoi staid an pháirtí toisc nár tugadh post dó sa rialtas. 

Ach é sin ráite, tá an ceart aige sa mhéad is go bhfuil prionsabail bhunaithe Fhianna Fáil tréigthe acu faoi cheannas Mhicheál Martin. Ghlac Martin le treoir lucht na hArdoifige a mhaígh riamh go raibh sé riachtanach freastal ar an meánaicme ar mhaithe lena dtacaíocht siúd a fháil ar ais. 

Ach chaill siad tacaíocht an lucht oibre mar gheall air sin. Agus maidir leis an meánaicme, bhí a dtacaíocht siúd do Fhianna Fail bunaithe ar an tuiscint go raibh siad níos ábalta agus níos gairmiúla ná Fine Gael. 

Bhain tubaiste ghéarchéim na heacnamaíochta an buntáiste sin d’Fhianna Fáil, agus tá an chosúlacht air go bhfuil an páirtí anois ag cailliúint vótóirí ar an dá thaobh. 

Ach más drochscéal atá sna pobalbhreitheanna d’Fhianna Fáil, is measa fós an scéal nuair a scrúdaíonn muid dearcadh na ndaoine atá faoi 35 bliain d’aois. 15% an leibhéal tacaíochta atá ag Fianna Fáil ar an meán, ach i measc an aoisghrúpa sin níl ach 9-10% faoin gcéad ag tacú leo. 

I mBaile Átha Cliath, tá tacaíocht 8% ag Fianna Fáil, ceantar ina raibh siad chun tosaigh ar gach páirtí eile tráth. I measc an aosa óig, níl ach 4% ag tacú leo. 

Níl aon fhreagra ag an bpáirtí ar an gceist faoi cad ina thaobh gurb ann dóibh, nó cén ról atá le bheith acu sa pholaitíocht. Dá uireasa sin níl ag éirí leo tacaíocht an aosa óig a mhealladh. 

Ach sé an rud nach dtuigtear, is cosúil, ná dá fhad a chuireann siad athrú ceannaire ar an méar fhada, is lú an seans atá acu téarnamh de shaghas éigin a dhéanamh i ndiaidh na tubaiste polaitiúla atá ag tarlú dóibh. 

An é MacSharry an t-aon duine sa bpáirtí a thuigeann é sin? 

Fág freagra ar 'Ní achar fada seachtain sa pholaitíocht in Éirinn na linne seo'