‘Neamart iomlán ar pharóiste Gaeltachta’ – oifig poist Ghort an Choirce le dúnadh amárach

Deir Séamus Ó Briain, Cathaoirleach Choiste Pobail Ghort an Choirce go bhfuil ‘neamart iomlán’ á dhéanamh ar an pharóiste Gaeltachta.

‘Neamart iomlán ar pharóiste Gaeltachta’ –  oifig poist Ghort an Choirce le dúnadh amárach

Pictiúr: Coiste na mBailte Slachtmhara Ghort a' Choirce

Dúnfar oifig poist Ghort an Choirce i nGaeltachta Dhún na nGall amárach.

Bhí oifig poist Ghort an Choirce ar cheann de na cheithre oifig an phoist i nGaeltacht Dhún na nGall ar an liosta 159 oifig poist atá le dúnadh faoin scéim dheonach iomarcaíochta An Post.

Is iad oifig an Bhuna Bhig, oifig Dhún Fionnachaidh. agus oifig Mhín an Lábáin na trí oifig poist eile i nGaeltacht Dhún na nGall atá le dúnadh faoin scéim iomarcaíochta.

Ag labhairt dó ar an chlár Barrscéalta ar Raidió na Gaeltachta le déanaí, dúirt Séamus Ó Briain, Cathaoirleach Choiste Pobail Ghort an Choirce, gur “buille crua” don pharóiste Gaeltachta é an scéala go mbeidh deireadh ag teacht le seirbhísí poist sa cheantar.

“Más amhlaidh go bhfuil sé caillte ar fad, sílim go bhfuil sé náireach. Is neamart iomlán é ar pharóiste Gaeltachta, a bhfuil an líon is airde de chainteoirí Gaeilge ar bhonn laethúil sa tír ann,” ar sé.

Dúirt Ó Briain gur chuir Coiste Pobail Ghort an Choirce aighneacht isteach chuig An Post ag iarraidh go leanfaí leis na seirbhísí nó go mbogfaidh an oifig poist chuig gnó áitiúil eile nuair a foilsíodh liosta na-oifigí a d’fhéadfadh a bheith ag dúnadh mí Lúnasa seo caite.

Dúirt sé nár fhreagair An Post aon cheann de na ceisteanna a chuir an coiste orthu, ina measc ceist faoi na dualgais atá ar an tseirbhís poist faoin straitéis fiche bliain don Ghaeilge.

Chun go nglacfaí le hiarratas ar scéim dheonach An Post, chaithfeadh oifig poist eile a bheith i bhfoisceacht 15 ciliméadar den cheann a bhí ag iarraidh dúnadh.

Deir An Post go mbeidh fáil ag pobal Ghort an Choirce ar sheirbhísí poist in oifig an Fháil Charraigh, atá 3.2 ciliméadar ar shiúl ó oifig Ghort an Choirce.

An tseachtain seo caite, d’fhógair An Post go rabhthas ag dul siar ar an chinneadh oifig poist Bhaile an Sceilg i nGaeltachta Chiarraí a dhúnadh i mí Eanáir.

Dúirt An Post go ndearnadh cinneadh go leanfaí leis an chonradh d’oifig poist i mBaile an Sceilg tar éis dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar aighneachtaí ón phobal agus ó pholaiteoirí i gcoinne dhúnadh na seirbhíse. Tá ráite ag An Post go bhfógrófar an conradh nua go luath do sheirbhís Bhaile an Sceilg.

Sa Choireán, beagnach 15 ciliméadar ó Bhaile an Sceilg, atá lasmuigh den Ghaeltacht, atá an oifig poist is cóngaraí dóibh.

Fágann an cinneadh faoi Bhaile an Sceilg gur 13 oifig poist Gaeltachta atá i measc an 159 oifig poist atá le dúnadh faoi scéim dheonach iomarcaíochta An Post.

Fág freagra ar '‘Neamart iomlán ar pharóiste Gaeltachta’ – oifig poist Ghort an Choirce le dúnadh amárach'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Sean ghrianghraif amach is amach atá ansin!!

    ‘Deir An Post go mbeidh fáil ag pobal Ghort an Choirce ar sheirbhísí poist in oifig an Fháil Charraigh, atá 3.2 ciliméadar ar shiúl ó oifig Ghort an Choirce.’

    Ach an mbeidh seirbhís trí mheán na Gaeilge ar fáil san oifig poist ar An Fál Carrach?? Nach bhfuil daoine gan Ghaeilg ag obair san oifig sin? Oifig, dála an scéil, atá faoi réigiún ‘Gaeltachta’ ach a deirtear gur ‘breacghaeltacht’ atá ann. Baile a thagann faoin scéim ‘pleanála teanga’ ach an mbeidh iarracht ar bith an Ghaeilg a chuir chun cinn san oifig seo do bhunadh na Gaeltachta – nó an nglacfar le seirbhís trí Bhéarla mar a dhéanann go leor sa ‘Ghaeltacht’ anois?

    Agus an oifig poist i nDún Fionnachaidh le druid gan mhoill amach anseo – oifig atá suite i mbaile taobh amuigh den ‘Ghaeltacht’ – cá bhfágfaidh seo an t-aon oifig ‘Gaeltachta’ (nó breacgaeltachta) agus Béarlóirí ag teacht isteach lena ngnóithe a dhéanamh leis An Post i mBéarla…?

  • Liam Mac Lochlainn

    Is lárionad tábhachtach í i mbaile beag ar bith oifig an phoist. In áit oifigí a dhúnadh, nach féidir cur leis na seirbhísí agus éagsúlú a thabhairt isteach? Mar shampla, tá fadhb mhór ann maidir le dáileachán leabhar Gaeilge. Nach dtiocfadh le Foras na Gaeilge gréasán de stórais leabhar Gaeilge a bhunú taobh istigh de na hoifigí poist?

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Ar fiú moladh a dhéanamh oifigí poist PÁIRTAIMSEARTHA a bhunú sa Ghaeltacht?? An mbeadh a leithéid indéanta agus forchostais, rátaí, srl le cuir san áireamh?

    (dála an scéil, tógadh an ghrianghraif thuas tá 5 bliana ó shoin – bhí ceann níos sine leis an t-alt roimhe seo).