Naíonáin Ghaelscoile le fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin a shiúl chun airgead a thiomsú

Tá sé mar sprioc ag daltaí Ghaelscoil Áine €1,000 a thiomsú chun acmhainní riachtanacha a cheannach don scoil, scéim léitheoireachta grádaithe ina measc

Naíonáin Ghaelscoile le fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin a shiúl chun airgead a thiomsú

Tá daltaí ranganna na naíonán i nGaelscoil nua i mBaile Átha Cliath ag siúl fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin chun airgead a bhailiú dá scoil.

Siúlfaidh Naíonáin bheaga agus mhóra Ghaelscoil Áine, atá lonnaithe i nDroim Conrach, 2,500km ar fad an mhí seo agus iad ag tabhairt faoin dúshlán ollmhór seo.

Tá sé mar sprioc ag na daltaí €1,000 a bhailiú chun acmhainní riachtanacha a cheannach don scoil, scéim léitheoireachta grádaithe ina measc.

“Tá Slí an Atlantaigh Fhiáin á tabhairt go Baile Átha Cliath ag ár ndaltaí iontacha don dúshlán seo,” a deir príomhoide na scoile, Niamh Nic Dhiarmada.

“Ní fhéadfaimis a bheith níos bródúla as an 43 dalta atá cláraithe i nGaelscoil Áine, a thaistealóidh 2,500km, an fad céanna ó Chionn Mhálanna go Cionn tSáile, le linn mhí na Bealtaine.”

“Is iad tuismitheoirí na ndaltaí atá ag coinneáil taifid ar an méad ciliméadar a thaistealaíonn na daltaí gach lá. Tá airgead á thiomsú ag na daltaí d’acmhainní riachtanacha scoile.”

“Is dúshlán spraíúil, taitneamhach, folláin é dár ndaltaí agus táimid faoi chomaoin go héag ag na daltaí, ag a gcuid tuismitheoirí agus ag an bpobal i gcoitinne as ucht a gcuid tacaíochta don dúshlán seo,” arsa Nic Dhiarmada.

Bunaíodh Gaelscoil Áine i mí Mheán Fómhair 2019 chun freastal ar an éileamh d’oideachas lán-Ghaeilge, ilchreidmheach i gceantar Dhroim Conrach/Marino. Is é an Foras Pátrúnachta patrún na scoile.

Tá an scoil lonnaithe go sealadach ar shuíomh Choláiste Chaoimhín ar Bhóthar Mobhí agus beidh go dtí go bhfógróidh an Roinn Oideachais suíomh buan don scoil.

Tá 43 dalta cláraithe sa scoil faoi láthair agus tá an-éileamh ar áiteanna scoile don chéad scoilbhliain eile. Faoi na pleananna reatha, tiocfaidh méadú ar an scoil gach bliain go dtí go mbeidh ocht rang inti.

 – Is féidir síntiús a thabhairt anseo

Fág freagra ar 'Naíonáin Ghaelscoile le fad Shlí an Atlantaigh Fhiáin a shiúl chun airgead a thiomsú'