Nach mba éirimiúil an té a cheap ‘camógaíocht’

Bhí díospóireacht bhríomhar ar leathanaigh litreacha an Irish Times tráth faoi cé acu is cirte ‘hurl’ nó ‘hurley’ ach fágfaidh muid sin faoi lucht an Bhéarla

Nach mba éirimiúil an té a cheap ‘camógaíocht’

Nach mba éirimiúil an té a cheap ‘camógaíocht’ mar ainm ar an spórt a sroichfidh a shéasúr idirchontae clabhsúr i bPáirc an Chrócaigh inniu – tá fáil i gcónaí ar an bhfocal ‘camog’ i gcuid d’fhoclóirí an Bhéarla agus ‘cammock’ i gcuid eile acu.

‘Cambock’ a thugtar air sa Middle English Dictionary ina bhfuil focail a bhí in úsáid ag scríbhneoirí an Bhéarla idir an 12ú agus 15ú haois. Ní hamháin sin ach sa bhfoclóir tá sé ráite gur ‘camóg’ an leagan Gaeilge de.

‘A curved or crooked stick, especially: a field-hockey stick’ an cur síos atá ag Webster air – an foclóir is aitheanta sna Stáit, a deir freisin gur as Albain a tháinig sé. Níl a fhios agam céard a bheadh le rá ag an gCumann Camanachda faoi sin, nó go deimhin ag Cumann Camógaíochta na nGael.

Dála an scéil, tugaim faoi deara gur athraigh an eagraíocht sin a hainm cúpla bliain ó shin agus gurb é ‘An Cumann Camógaíochta’ atá anois orthu. Feicim freisin gurb é an leagan Béarla de sin a fhaigheann tús áite ar an suíomh gréasáin atá acu, www.camogie.ie.

Ní chuireann sin a dhath iontais orm. Ní raibh de Ghaeilge i gclár Chluiche Ceannais na Sraithe, Roinn 1, ag tús an tsamhraidh seo caite ach an teideal ‘Fáilte ón Uachtarán’ mar aon le hainmneacha na n-imreoirí agus na gcontaetha a bhí san iomaíocht. ‘The Camogie Association’ amháin a bhí ar an mana ar chlúdach an chláir. Bheifeá ag súil le níos mó ná sin.

Deir na húdair liom gur as an mbriathar ‘tiomáin’ a tháinig ainm chluiche na bhfear agus diabhal cailleadh a bhí ar an té a chum sin ach an oiread. Ach ar chuma éicint is do cheapadóir na ‘camógaíochta’ a thabharfainn an duais. Is iomaí rud seachas an sliotar is féidir a ‘thiomáint’ – tairní, beithígh agus gluaisteáin ar chuid acu. Chomh maith leis sin d’uireasa na camóige ní bheifí in ann an ‘tiomáint’ a dhéanamh!

Ós ag caint air sin mé, bheadh an-suim agam tuilleadh eolais a fháil ar an tsanasaíocht a bhaineann leis an liathróidín bheag chruinn a ndéantar an ‘tiomáint’ uirthi. Chonaic mé ráite in áit éicint é go mba é Cú Chulainn féin ba chionsiocair leis an bhfocal ‘sliotar’ agus go mbaineann sé le hócáid inar thiomáin sé a leithéid thar bhinn sléibhe – ‘sliabh-thar’.

B’fhéidir ach ní móide.

Chinn orm aon tagairt a fháil don sliotar céanna in Webster ná san Oxford, ach dar m’anam ach go bhfuil sé ag foclóir Cambridge. Déantar í a thiomáint, a deir siad, le ‘wooden, axe-shaped sticks called hurleys’!

Cosamar dhá bhliain ó shin bhí díospóireacht bhríomhar ar leathanaigh litreacha an Irish Times faoi cé acu is cirte ‘hurl’ nó ‘hurley’ a thabhairt ar na ‘axe-shaped sticks’ ach fágfaidh muid sin faoi lucht an Bhéarla.

Ba ag tús an chéid seo caite a tháinig an chamógaíocht chun cinn i dtosach – i 1904 a bunaíodh Cumann Camógaíochta na nGael, ceithre bliana tar éis do mhná a bheith páirteach sna Cluichí Oilimpeacha den chéad uair. Leis sin féin ní bhfuaireadar cead iomaíochta in imeachtaí lúthchleasaíochta go dtáinig Cluichí 1928 i bPáras. Roimhe sin bhíodar taobh le leadóg, seoltóireacht, boghdóireacht agus imeachtaí ealaíne, a mbíodh boinn le fáil astu ag an am.

Bhí baint mhór ag Craobh an Chéitinnigh de Chonradh na Gaeilge le tús na camógaíochta agus meastar go raibh cluiche idir iad féin agus Cúchulainn, a imríodh mar chuid d’fhéile i gContae na Mí ar an 17 Iúil 1904, ar an gcéad chluiche dá leithéid a imríodh riamh.

Ina leabhar The GAA In Its Time, deir Pádraig Puirséal: ‘In 1903 there was a new development when the lady members of the Keating branch of the Gaelic League, keen to provide some form of outdoor exercise for girls, founded the first camogie club. Máire Ní Chinnéide was the originator of the move.’

Bhí ball eile den Chraobh, Cáit Ní Dhonnchadha, mar chrann taca aici agus idir iad féin agus deartháir le Cáit a raibh Tadhg air, leagadar amach rialacha na himeartha.

 

Ní in Éirinn amháin ach ar fud an domhain a tharla sé gur go righin réidh a glacadh leis an tuairim go mba rud é an spórt a d’fheil do mhná. Anseo bhí eagraíocht stiúrtha na camógaíochta bunaithe le hocht mbliana sular imríodh an cluiche idirchontae ba thúisce a facthas – Áth Cliath in aghaidh Lú ar Pháirc Bhóthar Mhic Seoin i 1912. Bhí 1932 tagtha sular cuireadh tús le Craobhchomórtas Sinsearach na hÉireann.

Seághan Ua Dubhthaigh as Cill an Bhaile in aice le Cathair na Mart in Iarthar Mhaigh Eo a bhronn an corn a fhaigheann buaiteoirí an chomórtais sin. Poblachtach agus sóisialach ab ea é a bhí páirteach in agóid Jim Larkin i 1913 agus a throid in Éirí Amach na Cásca 1916.

Bhí sé mar Riarthóir Onórach ar Chumann Camógaíochta na nGael ó 1924 go dtí 1980.

Is é a chorn siúd a bhronnfar ar an gcaptaen buacach i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Fág freagra ar 'Nach mba éirimiúil an té a cheap ‘camógaíocht’'

  • Tiomáin í!

    Léigh mé áit éigin gur as ‘shoe leather’ (leathar bróige) a tháinig ‘sliotar’; ach ní shílim go bhfuil mórán craicinn air sin mar scéal!

  • Eoghan

    Sliotar cf Breathnais llithro= slide; Brla ‘slither’.r
    ‘Liathróid’?

  • Peadar Mac Mághnais

    Is dóigh liom gur Sceilg (J.J.O’Kelly) a cheap an téarma “camogaíocht”.

  • Micheál

    Oiread agus focal amháin Gaolainne ní raibh i gclár chluichí ceannais an Domhnaigh seo caite ach chomh beag. Náireach amach agus amach . Ní amháin san acu ba i mBéarla amháin a bhí ainm an chumainn ar an gclúdach.