Nach deas é? Thug sé níochán na lachain dá éadan

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Thug sé níochán na lachain dá éadan

Dá ndéarfaí faoi dhuine gur thug sé níochán na lachan dá éadan chiallódh sé sin go raibh a éadan salach fós. 

Is iomaí cineál lacha ann: lacha bhadánach, lacha dhubh, lacha bhreac, lacha chriosrua, lacha iascán, lacha mhásach, lacha rua, lacha stiúrach, lacha Lochlannach, lacha bhinn, lacha tí, lacha fhiáin. 

Thugtaí lacha nó lachóigín ar chailín deas. 

Thugtaí lachain Mhionlaigh ar mhuintir na háite sin de bharr chomh mear agus chomh scioptha is a bhídís ag caint. 

Bíonn lachaghunna ann agus grán lacha. 

Tá planda ann ar a dtugtar rós lachan.  

I linn lachan a bhíonn lachain ag snámh. 

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal lacha iontu: éadach sleamhain ar an lacha. 

Ní bheidh sé ina lá sula labhraí an lacha –ní chuireann sí aon ghráig aisti go mbíonn sé ina lá. 

Éirigh agus téigh bainne dó, 

Maraigh cearc is lacha dó, 

Téirigh chun an mhargaidh is tabhair abhaile feoil—rud a déarfaí faoi dhuine beadaí. 

Ní meáchan ar cholainn ciall, 

Ní meáchan ar bholg bia, 

Ní meáchan ar chaora a holann, 

Ní meáchan ar loch lacha. 

Is é dúchas na lachan snámh. 

Ní dírí a fhásas droim sa lacha ná Lá Fhéile Pádraig i lár an earraigh.
Is é lá na báistí lá na lachan. 

I leaba a chéile a thógtar na caisleáin is nuair a ghortaítear na lachain beireann siad bogáin. 

Dá mba lachain san uisce na cailíní deasa, bheadh sciatháin ar bhuachaillí ag eiteall ina n-aice. 

San áit a mbíonn mná bíonn caint agus an áit a mbíonn lachain bíonn salachar. 

Gach dalta mar do hoiltear agus an lacha ar an uisce. 

Is é mo léan géar gan mé i mo lacha bheag, a dúradh in amhrán. 

Dúradh é seo in Amhrán na mBréag: 

‘Dá bhfeicfeá an lacha uisce is í ag seinm ar chláirseach cheoil/Is naoi gcinn de choiníní ar meisce th’réis branda ‘ól.’ 

Nach deas é? Thug sé níochán na lachain dá éadan. 

 

Fág freagra ar 'Nach deas é? Thug sé níochán na lachain dá éadan'

  • alan titley

    Agus tá ‘slogadh na lachan’ ann chomh maith, is é sin, bia a shluaisteail siar go mear…