Nach deas é? Tá sí chomh leitheadach leis na cuacha…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Tá sí chomh leitheadach leis na cuacha…

Tá sí chomh leitheadach leis na cuacha a déarfaí faoi bhean a mbeadh barúil ró-mhór aici di féin. Déarfadh daoine mailíseacha go raibh sí a cheapadh gurbh í féin a rug í féin. Bean a bheadh mór as a háilleacht a bheadh inti ar chuma ar bith.

Scubaide bheag leitheadach a déarfadh an dream is géire a bheadh á cáineadh. Tharlódh sé go dtabharfaí ruidín uallach uirthi nó giodróg, b’fhéidir: girseach a bheadh ar bharr na gaoithe.

Ar ndóigh d’fhéadfaí cáineadh den chineál céanna a dhéanamh ar fhear. Bheadh seisean chomh postúil le cat siopa nó le cat a mbeadh póca air. Bheadh sé díomasach, mórchúiseach, mustrach. Go deimhin tharlódh sé gur dailtín de ghaigín críochnaithe a bheadh ann.

Fág freagra ar 'Nach deas é? Tá sí chomh leitheadach leis na cuacha…'