NACH DEAS É? Nach mór an smál atá air…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Nach mór an smál atá air…

Nach mór an smál atá air a déarfaí faoi dhuine a bheadh ag déanamh mísce nó ag tabhairt faoi bheart eicínt nach mbeadh sé in ann chuige. Cén smál an diabhail atá air?

Tá smál eicínt orm inniu—na rudaí aisteacha atá mé a dhéanamh.

Bíonn smál ar intinn daoine freisin, ar ndóigh, agus d’fhéadfadh sé gurb é sin an míniú a bheadh ar an scéal.

Tá smál an pheaca ann a deirtear linn. Muire gan smál a thugtar ar mháthair Chríost.

Cheapadh na filí nach raibh aon smál ar chuid de mhná an tsaoil ach an oiread.

A bhruinneall gan smál a bhfuil dealramh deas i do ghrua, a dúradh faoi Bhean an Fhir Rua.

Dúirt Cearbhallán an méid seo faoi Mhairéad Nic tSuibhne:

Céad míle fáilte romhat, a chló na scéimhe,

A choinneal gan smál mar dhealramh na gréine,

Aon tseachtain déag gan bhréag is dá fhichead lá,

Chaith Mac Dé a’ cur scéimh ar dheilbh na mná,

Gan cham, gan chlaon gan smál peaca ó Ádhamh,

Ach mar bheadh sé féin mar chéile a’ brath air a fáil.

Bhí file eile fós ann a dúirt:

Do leaca bhí gan smál ba ghile ná an eala ar an toinn,

Is ná sneachta á charnadh ar shléibhte.

Bhíodh corrfhile ag moladh do dhaoine aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí: Má tá peaca nó smál ort, is fearrde thú d’anam a ní.

Seo cuid den chaoineadh a rinneadh ar fhear darbh ainm Aodh Óg Ó Ruairc:

Tá smúit ar an spéir

Agus ní éiríonn an ghealach gan smál,

Níl teas ins an ngréin,

Agus ní féidir le meas ar bith fás.

Ní ghoirfidh an chuach

Faoi bhruach an leasa go brách,

Ó cailleadh Ó Ruairc,

A raibh an bua aige ar fheara Chrích Fáil.

Smál dubh a thugtar scaití ar dhúchan na bprátaí.

Smál grís is ea an clúdach luaithe a bheadh ar smeachóid dhóite.

D’fhéadfadh smál a bheith ar an gcraiceann, ar an ngealach, ar do chuid súile, ar mhiotal, ar an mballa, ar iarann nó ar pháipéar.

Tharlódh sé go mbeadh duine faoi smál – buartha, cráite.

Is minic a chuirtear smál ar chlú duine.

Ainm eile ar an gcrónachán, an contráth, is ea smál na hoíche.

An té ar a mbíonn an t-ádh ní air a bhíonn an smál.

Tá smál ar an gcoinneal sin—iomarca teasa ar thaobh amháin ionas go mbeadh ruainnín de sholaisín de leataobh uirthi. Bheadh taobh amháin leáite níos scafánta ansin. Ar an mbuaiceas a bhíonn an smál.

An smál dubh a bhíodh ar thaobh an phota sin é an snas a chuiridís ar na bróga fadó, an súiche ó dheatach na tine.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Nach mór an smál atá air…'