NACH DEAS É? Ná lig thar d’anáil é…

Mír rialta faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

NACH DEAS É? Ná lig thar d’anáil é…

Ná lig thar d’anáil é a déarfá le duine a mbeifeá ag iarraidh air scéala a choinneáil ina rún.

Níl tarraingt m’anála ionam a déarfá dá mbeifeá ag aireachtáil lag.

Seo leaganacha eile cainte a bhfuil an focal anáil iontu:

Baineadh an anáil díom—bhain an scéala an chaint díom, bhain an scéala stangadh asam, bhí mé i mo bhalbhán ag an scéala.

Tá a anáil i mbarr a ghoib, i mbéal a chléibh, ina dhorn, aige – saothar anála air.

Labhair faoi d’anáil—i gcogar, faoi d’fhiacail.

Chuaigh an bia le m’anáil—ba bheag nár thacht sé mé.

Tá anáil bhreá ag an teach—teach aerach fairsing.

Tá anáil mhaith ag an simléar sin—ag tarraingt an deataigh go breá.

Faoi anáil an Bhéarla—faoi thionchar an Bhéarla.

Bhí anáil gabhair iontu (slata sailí) – bhíodar fabhtach toisc gur theagmhaigh gabhar leo, á n-ithe.

Thabharfadh sé anáil dhuit – cairde le fiacha a íoc.

Giorra anála—easpa anála.

Bhí sé ag tarraingt na hanála go hanacrach—bhí saothar air.

D’fhág a anáil é—d’imigh an tséideog as, fuair sé bás.

As anáil—séidte.

Gaoth mhór is í ag tarraingt a hanála—í ag séideadh ina soinneáin. Deirtear gurb í an stoirm is measa ar bith í.

Ní dheachaigh an pláta thart don phíobaire ariamh gan a anáil a shéideadh – chaithfeadh sé an t-airgead a thuilleamh.

Bhí an méid seo in amhrán:

Ag gabháil anoir ag Gleann Seabhac nár chlaon é mo scéal,

Bhí m’anáil féin briste is mo theanga thar mo bhéal.

Sionnach a raibh na gadhair sa tóir air a bhí in ainm is a bheith ag caint.

Fág freagra ar 'NACH DEAS É? Ná lig thar d’anáil é…'

  • Séamus Caomhánach

    A Sheosaimh, a chara,
    Is maith liom na nathanna cainte a thugann tú dúinn sna colúin ‘Nach deas é’.
    Tá siad an-deas ar fad!
    Nár laga Dia do fhoinse gan teorainn!