Nach deas é? Bhí an pósadh beag déanta aige…

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Nach deas é? Bhí an pósadh beag déanta aige…

‘Bhí an pósadh beag déanta aige’  a deirtí i gCois Fharraige fadó faoi fhear a bhí tar éis comhriachtain a dhéanamh leis an mbean áirithe a bhí sé le pósadh ar ball.

Gnéas réamhphósta a thabharfaí inniu air.

‘Níl ansin ach pósadh leic an teallaigh,’  a deirtí faoi chaint i dtaobh pósadh nach ndéanfaí.

‘Shílfeá go bpósfá, a Mhicil,’ a dúradh le fear as Conamara a bhí crua ar an airgead.

‘Cé le haghaidh a bpósfainn?’ ar seisean.

‘Mura ndéanfadh sí dhuit ach cáca,’ a dúirt an té a bhí ag caint.

‘M’anam dá ndéanfadh,’ a dúirt Micil, ‘go n-íosfadh sí a leath.’

Chuirtí drochmhisneach go minic ar an té a bhí ag brath ar an bpósadh dlisteanach a dhéanamh. Bhíodh leaganacha mar seo ann:

‘Ní céasta go pósadh.’

‘An chéad bhliain ag pógadh,

An dara bliain ag scóladh.’

Ba mhinic milleán á chur ar na mná ach chuirtí comhairle orthusan corruair freisin:

‘Is fearr amadán macánta a phósadh ná sclamhadóir aithiseach.’

‘Is fearr dhuit a bheith i do pheata ag seanfhear ná i do sclábhaí ag fear óg.’

Bhí an pósadh beag déanta aige. Nach deas é?

Fág freagra ar 'Nach deas é? Bhí an pósadh beag déanta aige…'

  • leitirmór

    Pósadh inniu picil amárach!

  • Jackie Mac Donncha

    Pósadh is céasadh air! freisin: Ní céasadh go pósadh!

  • Aine Ni Fhiannusa

    Comhairle taréis phósta, nó aithrí taréis bháis! (níl aon mhaith iontu)

  • Lillis Ó Laoire

    Giota beag anois agus pósfaimid arís!