Ná tabhair aon aird ar na pobalbhreitheanna – ní féidir toradh an reifrinn seo a thuar

Dúisíonn ginmhilleadh tuairimíocht bhunúsach faoi leas an phobail, faoi mhná agus páistí, faoin bheatha agus an bás, faoin tsláinte agus an tsaoirse, agus faoi roghanna móra morálta

Ná tabhair aon aird ar na pobalbhreitheanna – ní féidir toradh an reifrinn seo a thuar

Dá mbeadh muinín ag an bpobal as polaiteoirí, bheadh cúis réasúnta dóchais ag Leo Varadkar go vótálfaí i bhfabhar leasú an rialtais sa reifreann ar ghinmhilleadh.

Níl, ar ndóigh.

Is féidir an “dá” sa chéad abairt thuas a chur i leataobh agus an ghluaiseacht chun reifrinn eile ar ghinmhilleadh á meá. Is beag muinín atá ag an bpobal as polaiteoirí maidir le hábhar ar bith.

Is doimhne an mhímhuinín sa chás áirithe seo agus ceist dá leithéid á plé. Dúisíonn ginmhilleadh tuairimíocht bhunúsach faoi leas an phobail, faoi mhná agus páistí, faoin bheatha agus an bás, faoin tsláinte agus an tsaoirse, agus faoi roghanna móra morálta.

Ainneoin gach pobalbhreith a léiríonn meon níos liobrálaí maidir le srianta ar ghinmhilleadh, níl cinnteacht ar bith ann gur de réir an mheoin sin a vótálfar.

Dúirt an Taoiseach le gairid go raibh súil aige go reáchtálfaí reifreann (an séú reifreann ar an ábhar seo in imeacht 35 bliain) i mBealtaine nó i Meitheamh 2018. Fiú sula ndéantar cinneadh faoin rogha a chuirfear os comhair an phobail, ní foláir don Taoiseach a bheith cáiréiseach.

Is leor cuimhneamh ar athrú intinne na vótóirí maidir le dhá chonradh Eorpacha – Conradh Nice, ar vótáladh ina choinne in 2001 agus ina fhabhar an bhliain dár gcionn, agus Conradh Liospóin, ar vótáladh ina choinne in 2008 agus ina fhabhar an bhliain dár gcionn.

Mar shampla den tslí ina dteipeann ar pholaiteoirí a chur ina luí ar go leor vótóirí gur chóir an Bunreacht a athrú, ní gá ach féachaint ar an gcéad reifreann a reáchtáladh ar Chonradh Nice.

Mí sular vótáladh in 2001, léirigh pobalbhreith go raibh móramh láidir (58/21%) i bhfabhar an chonartha sin. Sa reifreann, i Meitheamh 2001, vótáil 56% i bhfabhar agus 46 faoin gcéad ina aghaidh.

Cuirfidh coiste uilepháirtí moltaí faoin reifreann ar ghinmhilleadh, chomh maith le beartais éagsúla a bhaineann le hábhar, faoi bhráid an rialtais an tseachtain seo chugainn. Tá príomh-mholtaí bunúsacha an choiste ar eolas cheana féin:

(a) Reifreann ar leasú an Bhunreachta a scriosfadh amach an tOchtú leasú ar ghinmhilleadh (a ritheadh i 1983).

(b) Dlí nua a cheadódh ginmhilleadh gan srian ar bith go mbeidh bean 12 seachtain torrach.

Má tá an meon a léiríonn moltaí an choiste, chomh maith le moltaí a rinne an Tionól Saoránach, ag teacht le meon athraithe an phobail, beidh cúis réasúnta dóchais ag an rialtas nuair a fhógrófar dáta an reifrinn. Ach beidh orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin mhóra idir an dá linn. Trí cinn, ar a laghad.

Chaith an coiste uilepháirtí agus an Tionól Saoránach araon tréimhsí fada agus athruithe ar fhorálacha an Bhunreachta agus ar an dlí a bhaineanna le ginmhilleadh á mbreithniú agus á bplé acu. Ní bheidh dianphlé dá leithéid á dhéanamh ag formhór na vótóirí sula ndéanfaidh siad a rogha sa reifreann.

Glactar leis ar gach aon taobh i nDáil Éireann nach mbeidh aon dul as ag an rialtas ach an reachtaíocht a thabharfar isteach, má vótáiltear i bhfabhar leasú an Bhunreachta, a fhoilsiú roimh ré. Beidh sonraí na reachtaíochta sin ina gcnámh spairne mhór le linn an fheachtais.

Bí cinnte go ndéarfaidh daoine a bheidh in aghaidh an leasaithe, mar a dúirt an Seanadóir Rónán Mullen agus Maria Steen Dé hAoine, nár chóir a bheith muiníneach as polaiteoirí. Dúirt Steen gur dheimhnigh an tOchtú Leasú smacht na vótóirí ar pholaiteoirí –  ní fhéadfaí a bheith cinnte, dar léi, céard a dhéanfaidís sin amach anseo dá uireasa.

Tá meon an phobail athraithe, gan dabht. Ach ní hionann athrú intinne agus toil chun bunreacht nó dlí a athrú dá réir.

Fág freagra ar 'Ná tabhair aon aird ar na pobalbhreitheanna – ní féidir toradh an reifrinn seo a thuar'

  • Tomas

    Ní thugann éinne aird orthu (na pobalbhreitheanna), chomh fada lem eolas, ach sibhse sna meáin@