Ná smaoinigh agus ná ceistigh agus beidh ‘A’ agat in Ardteist na hAithrise

An miotas seo go bhfuil an Ardteist mar a bhíodh cothrom agus trédhearcach, tá sé thar am é a nochtadh mar chur i gcéill

Ná smaoinigh agus ná ceistigh agus beidh ‘A’  agat in Ardteist na hAithrise

Tá an tír uilig ar tinneall ag fanacht le torthaí na hArdteiste ar an 7 Meán Fómhair go bhfeicfidh siad cé chomh cruinn, dar leosan, a bheidh na torthaí caighdeánaithe a gheobhaidh a gclann agus a gcairde.

Tá na sceana á ngéarú le tabhairt faoi na múinteoirí sin uilig a raibh fabhar acu don bheainín mhánla nár chuir aon chantal orthu le sé bliana nó cloch sa muinchille acu don Banksy bán a rinne graifítí ealaíonta sa leithreas sa gcéad bhliain.

Díreofar ansin ar an éagóir a dhéantar ar na fir óga bhochta nach dtagann in inmhe go mbíonn siad amach sna fichidí agus a bhí á marcáil ag múinteoirí in aghaidh mná óga a bhí stuama staidéartha ag teacht as an mbroinn dóibh agus ar tháinig an staidéar leo gan dua ná dúshlán.

Ní hé amháin sin ach nach bhfuil a fhios ag an saol go mbíonn na dualgais spóirt is traenála a bhíonn ar na fir óga sin i bhfad níos troime agus níos tábhachtaí ná ar na mná óga a imríonn dá scoil, dá gclub, dá gcontae agus dá dtír.

An chéad ghoin eile a mbainfear fuil arís aisti na fir agus na mná óga as pobail is teaghlaigh nach bhfuil go maith as agus a théann ag scoileanna nach bhfaigheann cual A san Ardteist de ghnáth.

An leatrom a dhéanfaidh torthaí réamhthuartha ar na créatúir seo agus próifíliú scoile curtha sa mullach air sin, an t-olagón a bheas ag cosantóirí chothrom na Féinne.

Seachas an fuarchaoineachán seo ar fad tá leigheas an-simplí air.

Tugtar isteach measúnú leanúnach sna scoileanna.

Níl duine is fearr aithne ar na gasúir seo ná a múinteoirí gairmiúla ranga agus iad féin is a muintir is mó a bhfuil a leas ag déanamh imní dóibh.

Tá rudaí ar eolas ag oidí faoina saol, faoina n-aislingí, faoina n-ualaí agus faoina gcumas nach eol dóibh féin fós.

Nach bhfuil a fhios ag an saol má tá tacaíocht agat sa mbaile, bia i do bholg, seomra ciúin teolaí agat agus gan tinneas, imní ná faitíos do leanacht abhaile go ndéanfaidh tú níos fearr ná an té atá dá n-uireasa?

Má tá tuiscint ag do mhuintir ar an staidéar agus ar thábhacht an oideachais nach bhfuil leath an chatha buaite agat? Má tá siad in acmhainn íoc as do chuid leabhar agus ranganna breise a íoc má bhíonn tú ag loiceadh nó ag déanamh imní, nach buntáiste eile é sin?

Nach ndéanfaidh tú níos fearr ná an duine sa rang atá ag caoineadh na marbh, istigh san ospidéal ar cuairt ar thuismitheoir, amuigh á chuartú agus é bailithe ar an téar, nó ag maireachtáil i dtearmann do theaghlaigh atá i mbaol báis ón tuismitheoir céanna?

An miotas seo go bhfuil an Ardteist mar a bhíodh cothrom agus trédhearcach, tá sé thar am é a nochtadh mar chur i gcéill.

Níl cothrom na Féinne sa gcóras oideachais. Is fearr a dhéanann clann an dream atá ina suí go te agus is suarach an tacaíocht a fhaigheann na múinteoirí agus na príomhoidí a chuireann a gcaid amach ag iarraidh an leatrom sin a chúiteamh chuile lá.

Tuigeann an múinteoir an iarracht agus an cumas nach bhfuair deis borradh go fóill agus tugann an measúnú leanúnach deis don chumas sin bláthú gan strus scrúduithe fada in aon choicís amháin i mí an Mheithimh. Is cinnte nach é dalta na ngrinds is na peataireachta is mó a mbeadh barúil agamsa de.

Achoimriú agus dea-chuimhne an dá chumas a bhíonn á dtástáil san Ardteist – agus is léir gur dona an uirlis ceachtar acu i saol na teicneolaíochta ná an tríú leibhéal.

Ag fleá chairde na cúirte ar an gClochán an oíche cheana bhí an dream a tháinig i dtír ar an tsean-Ardteist – céimithe, baincéirí, lucht dlí, feidhmeannaigh, polaiteoirí agus lucht gnó.

Ach léiríodar ar fad go soiléir an locht is mó ar an Ardteist – nach bhfuil aon áit ann don mheabhair, don stuaim ná don fhéinbhreithiúnas.

‘Dúradh liom go raibh chuile shórt ceart agus mar sin ar nós caora sháigh mé mo smut i dtrach na flúirse.’

Ní raibh duine amháin den dream seo ar fad a chruthaigh go maith sa tsean-Ardteist in ann a mbreithiúnas féin a dhéanamh faoi rialachán a cheap siad féin. Mise i mbannaí go bhfaca a gcuid múinteoirí an laige sin blianta fada ó shin, ach bua a bhíodh ann faoin seanchóras réamhtheicneolaíochta.

Sin ceann d’iarmhairtí Ardteist na haithrise, ná smaoinigh, ná ceistigh, déan a ndeirtear leat agus faigh A agus ballraíocht i gcumann gailf.

Fág freagra ar 'Ná smaoinigh agus ná ceistigh agus beidh ‘A’ agat in Ardteist na hAithrise'