Na mílte ag triall ar Chill na Martra do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024

Thart ar 800 imreoir agus 31 foireann a ghlacfaidh páirt i gComórtas na bliana seo agus súil á caitheamh ag Tuairisc orthusan a bheidh san iomaíocht chun na coirn a thabhairt leo ar an Luan

Na mílte ag triall ar Chill na Martra do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024

Naoi mbliana déag ó bhí sé ann go deireanach, tá Comórtas Peile na Gaeltachta ag filleadh ar Chill na Martra agus na sluaite ó cheann ceann na tíre ag triall ar Mhúscraí d’fhéile mhór peile na nGael.

Deirtear gur i gCill na Martra in 2005 a cuireadh ollphuball in airde den chéad uair ag an gComórtas Peile, áras atá anois chomh lárnach in imeachtaí an deireadh seachtaine leis na cluichí féin, feicfimid an gcruthófar aon nós nua an uair seo thíos ar Pháirc Uí Chuana.

Thart ar 800 imreoir ó 31 foireann a bheidh ag glacadh páirt i gcluichí na bliana seo idir chomórtais na bhfear agus na mban agus an Comórtas imithe i méid go mór ó 2005. Dhá ollphuball a bhí acu ar na Méillte anuraidh, ceann don bhia agus ceann don deoch agus na Conallaigh ag iarraidh dúshlán a thabhairt do na Corcaígh, is léir!

Dá fheabhas í an chraic, ní bheadh na Gaeil ag bailiú i gCill na Martra an deireadh seachtaine seo murach an pheil agus cé gur dóigh go mbeidh cúpla greadadh aisteach ann mar a bhíonn i gcónaí, beidh neart coimhlintí suimiúla ann freisin le linn na gceithre lá.

Ní raibh aon rath ar an bhfoireann baile in 2005 nuair a fuair Naomh Abán an ceann is fearr orthu sna babhtaí leathcheannais den chraobh shinsir. Thug fir Bhaile Bhuirne Corn an Aire leo an bhliain chéanna agus beidh dóchas acu i gCill na Martra go bhféadfadh siad an gaisce céanna a dhéanamh i mbliana.

Bliain dhochreidte a bhí ag an gcumann in 2023. Tar éis dóibh cliseadh sna babhtaí deireanacha roinnt uaireanta sna blianta roimhe sin, thug Cill na Martra leo Príomhchraobh Idirmheánach Chorcaí anuraidh le bua drámatúil i gcoinne Bheanntraí i bPáirc Uí Chaoimh agus chuaigh siad ar aghaidh chun Craobh na Mumhan a thabhairt leo roimh an Nollaig.

Údar díomá a bhí sa taispeántas a thugadar i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh sheaimpíní Ard Mhacha, Naomh Pádraig, nuair a scaoil fir na Gaeltachta slám iarrachtaí ar strae ach bhí gaisce déanta acu an lá sin a bhaint amach.

Tá cuma na maitheasa ar an bhfoireann i láthair na huaire chomh maith agus trí chluiche as a chéile buaite acu i Roinn 1 na sraithe i gCorcaigh, rud a fhágann sa cheathrú háit ar an tábla iad. Cé go raibh Tadhg Ó Corcora agus Dan Ó Duinnín istigh le peileadóirí Chorcaí le blianta beaga anuas, bhí an bheirt ag imirt sa chluiche a bhuaigh Cill na Martra ar Dhúglas an tseachtain seo caite agus cuireann siad go mór leis an bhfoireann.

Dan Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Ábhar suntais eile ón mbua sin ná go raibh Micheál Ó Deasúna, fear a bhfuil gaiscí scórála déanta aige do Chill na Martra ó lár na páirce, ón líne leatosaithe agus ón líne lántosaithe, ag imirt sa chúl. Níor chuir sin as do na gaiscí, áfach, agus 1-2 aimsithe ag an Deasúnach mór, cúl ó chic éirice agus dhá phointe ón imirt agus é ag teacht amach ón gcúl go rialta. Ruaim eile ar shlat Chill na Martra a bheidh ann má choinníonn siad leis an tseift sin.

Ar ndóigh ní bheidh an fhoireann baile amuigh sa chraobh shinsir go dtí tráthnóna Dé Domhnaigh, agus cluiche crua a bheidh i ndán dóibh, pé foireann a bheidh rompu. Beidh an lucht eagraithe agus mórán eile ag súil gurb iad Béal Átha an Ghaorthaidh a bheidh ann agus go bpacálfar slua ollmhór isteach i bPáirc Uí Chuana do chath na gcomharsan.

Níl sé ach cúpla bliain ó bhuaigh Béal Átha an Ghaorthaidh an comórtas seo go cumasach thiar i Leitir Móir agus tá siad ag déanamh go maith i Roinn 2 na sraithe i gCorcaigh faoi láthair agus cúig chluiche as ocht gcinn buaite acu agus ceann eile críochnaithe ar comhscór.

Bhuadar ar Fhánaithe na Claise an deireadh seachtaine seo caite agus 1-1 aimsithe ag sárimreoir an Chomórtais dhá bhliain ó shin, Ben Seartan, tar éis dó teacht isteach mar ionadaí. Imreoir den scoth é an fear mór Conchúir Ó Loingsigh chomh maith agus fágann a chumas, cumas Sheartain agus imreoirí eile Bhéal Átha go mbeifear ag súil go bhfuil an-seans acu an corn a thabhairt leo arís.

Ethan O’Donnell, Naomh Conaill, agus Cian Ó Duinnín, Béal Átha an Ghaorthaidh ag Comórtas Peile na Gaeltachta 2023. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Caithfidh Béal Átha an Ghaorthaidh an ceann is fearr a fháil ar Bhéal an Mhuirthead ar dtús sa réamhbhabhta ceathrú ceannais. Is le dua a sháraigh Béal an Mhuirthead Cill tSéadhna i gcluiche ceannais Mhaigh Eo ag tús na míosa agus níl ag éirí thar cionn leo i Roinn 1 de shraith an chontae agus trí chluiche as a chéile caillte acu tar éis dóibh an chéad bhabhta a bhuachan.

Imreoidh buaiteoirí an réamhbhabhta sin in aghaidh dream eile a bheidh go láidir i measc roghanna na coitiantachta, Cill Charthaigh. Bíonn na Conallaigh láidir i gcónaí ag an gComórtas agus mheasfá go mbeidh an scéal céanna acu i mbliana agus an ceann is fearr faighte ag Cill Charthaigh ar Naomh Conaill i gcluiche ceannais Dhún na nGall.

Bhain fir na nGleanntach díoltas amach le bua cuimsitheach i Roinn 1 an chontae an deireadh seachtaine seo caite ach níl ansin ach an dara cluiche a chaill Cill Charthaigh as seacht gcinn agus iad fós sa cheathrú háit.

Tá an laoch Michael Hegarty anois mar bhainisteoir ar an gcumann agus tá foireann láidir acu go fóill agus leithéidí Mark McHugh, Ciarán McGinley, Eoin McHugh, Stephen McBrearty agus Matthew McClean suntasach i gcónaí.

Ar an taobh eile den tarraingt, mheasfá gurb iad Bhulf Tón is mó a bhfuil deis acu an cluiche ceannais a bhaint. Thug fir mhóra na Mí Corn an Aire leo ó na Méillte anuraidh chun cur leis an mbua a bhí acu in 2018.

Captaein Bhulf Tón, Seán Mac Fhloinn agus Brughach Ó Fionnagáin tar éis dóíbh ag glacadh le Corn an Aire anuraidh. Pic; Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Níl siad ag dul rómhaith sa tsraith i gcontae na Mí i láthair na huaire agus ceithre chluiche caillte acu théis seacht mbabhta, ach le leithéidí mhuintir Uí Fhionnagáin agus Ward, tá an mianach iontu. Thug teacht Adam O’Neill an-spreagadh don fhoireann anuraidh ach beidh an t-imreoir contae gafa le foireann na Mí go dtí oíche Dé Domhnaigh agus iad ag imirt in aghaidh Chiarraí sa chraobh.

Fágann sin nach bhfuil An Rinn gan seans sa chluiche ceathrú ceannais eatarthu ach beidh níos mó ag teastáil ó na Déisigh ná mar atá taispeánta acu sa tsraith i bPort Láirge agus na ceithre chluiche a bhí acu i Roinn 1 go dtí seo caillte acu, cé go raibh Caolán Mc Craith agus Conor Ó Cuirrín in easnamh orthu agus an bheirt ag imirt le foireann an chontae.

D’éirigh leis an Rinn dul chomh fada leis na babhtaí leathcheannais an uair dheireanach a raibh an Comórtas i gCorcaigh in 2016 nuair a bhuaigh An Ghaeltacht, a thug leo an chraobh, orthu. Daingean Uí Chúis a bheidh ag déanamh ionadaíochta ar Chiarraí i mbliana tar éis dóibh an comórtas cáilithe a bhuachan.

Bhí an Daingean lag go maith i Roinn 1 na sraithe i gCiarraí i mbliana, gan ach cluiche amháin buaite acu as ocht gcinn, ach thuigfeá dóibh agus Tom O’Sullivan, Paul Geaney, Dylan Geaney agus Barry Dan O’Sullivan uile istigh le foireann Chiarraí. Deireadh seachtaine gnóthach é ceann na Cincíse i gCorca Dhuibhne freisin agus ní i gcónaí go mbíonn teacht ag foirne na leithinse ar gach duine don Chomórtas, go háirithe don chéad chúpla cluiche.

Maiteas Eoin Bairéad. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Bhí an Daingean ag imirt ag leibhéal níos airde sa tsraith ná mar a imríonn Naomh Anna, Leitir Móir, a chasfaidh orthu i gcluiche ceathrú ceannais, ach beidh seaimpíní na Gaillimhe lán de mhuinín agus iad i mbarr a maitheasa i láthair na huaire.

Níl Naomh Anna ach ag imirt i Roinn 3A i nGaillimh ach tá sé chluiche as sé cinn buaite acu agus scóranna móra aimsithe acu i roinnt cluichí. Nuair a bhíonn gearradh maith faoi Mhaitias Eoin Bairéad, Warren Seoige agus Fionn agus Oisín Mac Donnacha, is deacair fir Cheantar na nOileán a stopadh.

Níl ach dhá fhoireann ag glacadh páirt i gcraobh shinsir na mBan i mbliana agus buaiteoirí na bliana seo caite, An Tearmann, ag imirt i gcoinne Bhaile Chláir na Gaillimhe Dé Luain.

Bhí an Tearmann i bhfad, i bhfad chun cinn ar aon dream eile i gcluiche ceannais na bliana seo caite agus gaisce ar leith déanta ag Geraldine McLaughlin, a d’aimsigh 4-3 sa chéad leath den chluiche ceannais. Dream cumasach iad Bhaile Chláir, a bhfuil cluiche ceannais na Gaillimhe bainte amach acu cúpla uair le blianta beaga anuas.

Geraldine McLaughlin, captaen an Tearmainn anuraidh, leis an gcorn agus gradam laoch na himeartha. Pic: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Braitheann go leor ar na foirne a thugann an dá chumann ó dheas leo ach má bhíonn an Tearmann aon chuid chomh maith is a bhí anuraidh, beidh sé fíordheacair iad a shárú.

D’fhéadfadh go mbeadh comórtas iomaíoch againn i gcraobh idirmheánach na mban má thugann Naomh Conaill, Naomh Anna agus Naomh Abán foirne láidre leo.

Fágann na caighdeáin éagsúla go mbíonn sé deacair na comórtais shóisir a thuar ach i gcraobh na bhfear, ba cheart go mbeadh Cill Chomáin, Clann na nGael. Naomh Muire agus Carna-Caiseal i measc na bhfoirne is láidre agus d’fhéadfadh Micheál Breathnach, Clann na nGael agus Corca Dhuibhne a bheith san iomaíocht i gcomórtas na mban.

Fág freagra ar 'Na mílte ag triall ar Chill na Martra do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2024'