‘Ná ligimis an bua le laochra na gceaintíní spréphéinte’ – 58 comhartha ‘Gaeilge’ loite

Scriosadh 58 comhartha poiblí dátheangach i gceithre cheantar comhairle ó 2015 agus £8,188 a caitheadh le deisiú na gcomharthaí agus le crochadh comharthaí nua ina n-áit

‘Ná ligimis an bua le laochra na gceaintíní spréphéinte’ – 58 comhartha ‘Gaeilge’ loite

Bhí ar chomhairlí ó thuaidh nach mór 60 comhartha a loiteadh toisc Gaeilge a bheith orthu a dheisiú nó a chrochadh athuair le trí bliana anuas.

De réir figiúirí nua scriosadh 58 comhartha poiblí dátheangach i gceithre cheantar comhairle ó 2015 agus £8,188 a caitheadh le deisiú na gcomharthaí agus le crochadh comharthaí nua ina n-áit.

De réir figiúirí a fuair an Irish News ba i gceantar Lár Uladh, mar a ndearnadh díobháil do 27 comhartha, is mó a bhí loitiméirí frith-Ghaeilge i mbun díobhála.

24 comhartha a scriosadh i gceantar Chomhairle an Iúir, Mhúrn agus an Dúin, cúig cinn a scriosadh i gceantar Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí agus rinneadh díobháil do dhá chomhartha i gceantar Chomhairle Dhoire agus an tSratha Báin.

Le péint agus graifítí a scriosadh formhór na gcomharthaí ach dódh cinn eile agus baineadh roinnt acu anuas ar fad.

Tuairiscíodh an tseachtain seo caite féin gur bhain lucht loitiméireachta frith-Ghaeilge anuas dhá chomhartha do na seirbhísí éigeandála, seirbhísí otharchairr san áireamh, in Áth na Long i gcontae an Dúin.

Dúirt an Comhairleoir neamhspleách aontachtach Henry Reilly gurb amhlaidh go raibh an Ghaeilge anois “nimhiúil” mar go raibh sí á húsáid mar “uirlis chatha” ag poblachtánaigh sa cheantar sin.

Mhaígh Reilly nach mbíonn ach fíorbheagán comharthaí dátheangacha i gceantair náisiúnacha amhail deisceart Ard Mhacha agus nach gcuirtear suas iad ach amháin in áiteanna in bhfuil cuid mhór aontachtaithe. “Ní bheadh aon ghlacadh go deo agam le scrios maoine de chuid na comhairle ach caithfidh an chomhairle a bheith tuisceanach nuair a chuirtear suas comharthaí Gaeilge gur i sochaí scoilte a mhairimid,” a dúirt Henry Reilly.

Tá cáineadh géar déanta ag polaiteoirí ó Shinn Féin agus an SDLP agus ag eagraíochtaí Gaeilge ar an ionsaí ar an nGaeilge atá ar bun ag lucht loite na gcomharthaí.

Dúirt ball tofa tionóil an SDLP i Lár Uladh, Patsy McGlone gur chruthúnas ar an ngá le hacht Gaeilge a bhí sa loitiméireacht.

“Is údar díomá é 20 bliain i ndiaidh shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta go bhfuil an bhiogóideacht sheicteach seo agus an deargaineolas seo fós beo beathach inár sochaí.

“Sin an chúis go bhfuil sé ríthábhachtach an Ghaeilge a chosaint agus a chur chun cinn trí reachtaíocht, lena chinntiú go n-aithnítear í mar chuid nádúrtha dár sochaí agus dár n-oidhreacht chomónta.

“Níl áit ar bit sa tsochaí seo do laochra na gceaintíní spréphéinte a bhfuil fúthu sin muid a tharraingt ar ais go laethanta na claontachta. Tá sé ráite go soiléir riamh ag an SDLP gur chóir meas a léiriú ar gach teanga, an Ghaeilge agus an Ultais san áireamh,” a dúirt Patsy McLone ón SDLP.

Dúirt Colm Gildernew, ball tionóil de chuid Shinn Féin d’Fhear Manach agus Tír Eoghain Theas, gur léirigh an loitiméireacht a rinneadh ar na comharthaí bóthair sa cheantar an gá le reachtaíocht a thabhairt isteach leis an teanga a chosaint.

Dúirt sé gur beart in aghaidh mhianta mhuintir na háite atá sna hionsaithe seo.

“Téann comharthaí fríd dianphróiseas pobail sula gcrochtar iad, mar sin is beart in aghaidh thoil mhuintir na háite atá sna hionsaithe,” a dúirt Gildernew.

Tá teannas ar leith faoi chúrsaí teanga ó thuaidh faoi láthair mar gheall ar theip na gcainteanna polaitiúla de bharr easaontais faoi acht Gaeilge.

Dúirt David McNarry, iarcheannaire UKIP ó thuaidh níos túisce i mbliana nach mbeadh aon leisce air féin “an dlí a bhriseadh” agus aon chomhartha i nGaeilge a chuirfí suas ar a shráid féin “a tharraingt anuas”.

Dúirt McNarry nach raibh faoi daoine eile a ghríosú chun an dlí a shárú ach gurb amhlaidh go raibh seasamh á thógáil aige chun a chuid “Briotanachais féin a chosaint”.

“Glacaim leis gur sárú ar an dlí a bheadh ann comhartha a tharraingt anuas, ach tá sé in am d’aontachtaithe a rá ‘sin sin, sin ár ndóthain’,” a dúirt McNarry.

Fág freagra ar '‘Ná ligimis an bua le laochra na gceaintíní spréphéinte’ – 58 comhartha ‘Gaeilge’ loite'