Na himreoirí ag fáil na gcluichí rialta a bhí uathu ar deireadh

Agus an séasúr club scartha amach ina aonar anois tá an tuairim ann go bhfuil sé níos éasca an dá chód a fhreastal

Na himreoirí ag fáil na gcluichí rialta a bhí uathu ar deireadh

Club Shuí an Róin, atá ar theorainn Thiobraid Árann, a ghnóthaigh na ceannlínte i saol na hiománaíochta in Uíbh Fhailí an Domhnach seo caite agus corn Seán Robbins buaite acu, corn sinsir an chontae den chéad uair riamh. Fanacht fada do chumann a théann siar chomh fada le bliain bhunaithe CLG in 1884 . Ba é sin an dara huair riamh acu a bheith ag imirt sa chluiche ceannais (1960 an uair dheireanach). Luath sa chluiche Dé Domhnaigh seo caite bhí gach seans ann go ndéanfaí slad orthu ach cé go raibh an freasúra, Cill Chormaic/Cill Achaidh, i bhfad níos fearr ná iad níor éirigh leo na deiseanna scórála a chruthaíodar a thapú. Ach léirigh Suí an Róin mianach agus miotal chun smacht a fháil ar an imirt agus bearna dhá chúilín a oscailt faoin am gur tháinig leath ama. Bhí ardtaispeántas acu ó laoch an chluiche Ciarán Cleary, duine de cheathrar deartháireacha a bhí ar fhoireann Shuí an Róin. Sa dara leath thugadar taispeántas iontach ar fad agus bhí siad ocht gcúilín chun tosaigh agus an méid céanna nóiméad fágtha. 0-26 i gcoinne 2-13, an scór deiridh.

Dar ndóigh ní raibh mórán daoine ag tuar go mbuafaidís i gcoinne ceann de na foirne is láidre agus is rathúla in Uíbh Fhailí sa mhílaois seo, cumann a bhfuil ceithre chraobh buaite acu agus dhá cheann caillte acu ó 2012. Is dóigh go raibh oíche go maidin sa chlub beag tuaithe seo agus gur lean an ceiliúradh ar feadh cúpla lá eile ina dhiaidh sin.

Dar ndóigh tá am acu chun ceiliúradh ceart a dhéanamh mar nach mbeidh a gcéad chluiche acu i gcraobh Laighean go ceann míosa. Sin i gcoinne sheaimpíní Chill Dara, Nás na Rí.

Tá roinnt clubanna ar fud na tíre fós san iomaíocht sa dá chód sna sinsir. I gCúige Mumhan tá Éire Óg in Inis ,Cumann Barra Chorcaí agus an Teampall Uachtarach-An Drom Bán i dTiobraid Árann ar thóir an dá chorn is tábhachtaí sa chontae. Is amhlaidh an scéal do Nás na Rí i gCill Dara, Ráth Tó i gcontae na Mí agus Cill Mochuda agus na Fianna i mBaile Átha Cliath. Dar ndóigh tá ríthe na gclubanna in Ulaidh Sleacht Néill ag iarraidh an dá chorn a bhuachan agus craobh na hiománaíochta buaite cheana acu.

Agus an séasúr club scartha amach as féin anois tá an tuairim ann go bhfuil sé níos éasca an dá thrá a fhreastal agus caithfidh go bhfuil mar is maith le himreoirí a bheith ag imirt gach deireadh seachtaine seachas fanacht mór a bheith orthu idir cluichí. Bhíomar fada go leor ag éisteacht le scéalta faoi imreoirí a bheith ag lorg níos mó cluichí. Tá siad ag fáil na gcluichí anois agus taitneamh á bhaint acu astu. Tá leantóirí anseo i gCorcaigh thar a bheith sásta leis an gcóras atá i bhfeidhm sa chontae agus cé go bhfuil corrghearán á dhéanamh faoi phocanna pionóis a bheith á n-úsáid ag deireadh cluichí a chríochnaíonn ar comhscór i ndiaidh am breise, tá ardmholadh á fháil ag bord an chontae. Ó ainmníodh é mar phríomhoifigeach feidhmiúcháin ar an mbord cúpla bliain ó shin, bhí Caoimhín Ó Donnabháin ag síorchaint faoi cluichí rialta a sholáthar d’imreoirí club sa chontae. Tá sé sin ag tarlú anois agus formhór na n-imreoirí ag baint taitnimh astu .

Tá cluiche beo againn ar RTÉ 2 anocht agus Crócaigh Chill Mochuda i gcoinne Bhaile Buadáin i gceann de chluichí leathcheannais Átha Cliath. An caitheamh isteach ag 7pm.

Fág freagra ar 'Na himreoirí ag fáil na gcluichí rialta a bhí uathu ar deireadh'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Suí an Róin’? Agus gan aon radharc ar aon stráice farraige in aon bhall sa chontae intíre sin? Nár mhíorúilteach an gaisce aige é!

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Shinrone’ an Béarla a leagadh ar ‘Suí an Róin’. Sin scéal truacánta na hÉireann agat ansin in aon logainm amháin.