Na hainmneacha Gaeilge is coitianta? ‘Seán’ agus ‘Aoife’ fós chun tosaigh, ach ‘Niamh’, ‘Fionn’ agus ‘Fiadh’ sna sála orthu

Laghdú beag tagtha ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu, de réir anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar eolas nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh

baby-20339_1920

laghdú beag tagtha ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu le bliain anuas, dar le hanailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar eolas nua atá curtha amach ag an bPríomh-Oifig Staidrimh.

Tugadh ainm Gaeilge ar 6,994 gasúr sa stát sa bhliain 2014 ach thit an méid sin go 6,960 sa bhliain 2015 – laghdú de 34 gasúr. Thit líon na mbuachaillí ar tugadh ainm Gaeilge orthu ó 4,457 in 2014 go 4,337 in 2015 ( -120) ach tháinig méadú ar líon na gcailíní ar tugadh ainm Gaeilge orthu (+86) cé gur mó i bhfad líon na mbuachaillí ar a raibh ainm Gaeilge (4,337 buachaill agus 2,823 cailín).

Murab ionann agus an liosta a eisíonn Oifig na bPasanna gach bliain, cuirtear san áireamh ar an liosta seo gach gasúr a cláraíodh sa stát le linn na bliana 2015. Ní bhíonn ar liosta Oifig na bPasanna ach na hainmneacha is coitianta i measc na ngasúr atá faoi bhun 3 bliana d’aois a chuireann isteach ar phas.

Is beag athrú atá tagtha ar an dá liosta, liosta na n-ainmneacha Gaeilge ar chailíní agus liosta na n-ainmneacha Gaeilge ar bhuachaillí, le blianta beaga anuas, cé go bhfuil ainmneacha nua tar éis teacht isteach ar liosta na n-ainmneacha Béarla – George ar bhuachaillí agus Maisie ar chailíní, agus tráchtairí áirithe ag maíomh go bhfuil tionchar George, Prionsa Cambridge i Sasana, agus Maisie Williams, a bhíonn i ról ‘Arya’ sa chlár Game of Thrones le brath sna hainmneacha nua sin.

Is iad Seán agus Aoife, arís eile, an dá ainm Gaeilge is coitianta ar ghasúir na hÉireann. Tá na hainmneacha céanna ar liosta na mbuachaillí agus a bhí anuraidh, ach amháin go bhfuil athrú beag tagtha ar an ord. Tá a n-áit ag barr an liosta coinnithe ag Seán, Oisín agus Cian ach tá Fionn, Tadhg agus Eoin tar éis dul chun cinn a dhéanamh fad is atá Liam, Cillian, Oscar, Tadhg agus Rian tite síos an liosta beagán.

Níl Aisling ná Áine i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar chailíní i mbliana, mar a bhí anuraidh, agus tá áit ar an liosta sin bainte amach den chéad uair ag ‘Niamh’ agus ‘Fiadh’. Bhí Fiadh ar an 80ú ainm is coitianta ar chailíní ar mhórliosta na Príomh-Oifige Staidrimh in 2014 ach tá méadú as cuimse tagtha ar líon na gcailíní a bhfuil an t-ainm sin orthu in imeacht bliana agus é dulta suas chomh fada le huimhir 35 ar an liosta sin.

leaganacha Béarla d’ainmneacha Gaeilge ar mhórliosta na Príomh-Oifige Staidrimh freisin – ‘Clodagh’, ‘Maeve’ agus ‘Conor’, cuir i gcás  – nár cuireadh san áireamh agus an anailís seo á déanamh ag Tuairisc.ie. Tá leaganacha Gaelaithe d’ainmneacha eachtrannacha – ‘Éabha’ agus ‘Seán’ san áireamh, áfach.

Fág freagra ar 'Na hainmneacha Gaeilge is coitianta? ‘Seán’ agus ‘Aoife’ fós chun tosaigh, ach ‘Niamh’, ‘Fionn’ agus ‘Fiadh’ sna sála orthu'