Méadú ó 2004 ar líon na ngasúr le hainmneacha Gaeilge

Tugadh ainm Gaeilge ar 29% de ghasúir a cláraíodh in Éirinn sa bhliain 2013, le hais 17% i 2004

26/365 - Hah!

Tháinig méadú ar líon na ngasúr ar tugadh ainm Gaeilge orthu sa tréimhse deich mbliana idir 2004 agus 2013, de réir eolais ón bPríomh-Oifig Staidrimh. Claraíodh 53, 926 gasúr sa bhliain 2004 agus tugadh ainm Gaeilge ar 9, 289 (17%) acu sin. Deich mbliana níos deireanaí tugadh ainm Gaeilge ar 29% de na 31,766 gasúr a cláraíodh.

Léiríonn an t-eolas na hathruithe atá tagtha ar choitiantacht na n-ainmneacha in imeacht na mblianta. Níor tháinig mórán athruithe ar na hainmneacha ag barr an liosta ach tháinig athrú suntasach ar líon na n-ainmneacha Gaeilge éagsúla a tugadh ar ghasúir.

Maidir le hainmneacha buachaillí, tháinig méadú ar líon na ngasúr ar tugadh Rian, Oscar agus Feidhlim orthu, mar shampla, agus i measc na gcailíní bhí ardú ar líon na ngasúr darb ainm Fiadh, Cadhla agus Neasa.

Thit líon na ngasúr ar tugadh cuid de na hainmneacha Gaeilge is coitianta orthu, ar nós Seán, Eoin agus Ciarán, Eimear, Órla agus Sinéad.

Rinne Tuairisc.ie anailís ar an liosta de os cionn 3,800 ainmneacha a tugadh don Irish Times an tseachtain seo caite agus feicfear thíos torthaí na hanailíse sin chomh fada is a bhaineann sé le hainmneacha Gaeilge. 334 ainm Gaeilge a bhí ar an liosta.

Níor cuireadh san áireamh leaganacha Gallda d’ainmneacha Gaelacha ar nós Renagh agus Rory ach tá leaganacha Gaelaithe d’ainmneacha Gallda le feiceáil ann ar nós Tomás agus Peadar.

Ní raibh sínte fada ar ainm ar bith ar an liosta a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh agus mar sin glacadh leis gur ainmneacha Gaeilge a bhí i leithéidí Seán agus Cáit.


 

Ainm is coitianta i 2004:

Ainm Ainm
Seán 928 Aoife 534
Cian 544 Caoimhe 357
Eoin 429 Róisín 236
Oisín 384 Aisling 217
Liam 310 Áine 190
Ciarán 252 Caitlín 189
Cathal 209 Saoirse 176
Cillian 176 Eimear 135
Fionn 172 Sinéad 127
Brian 165 Órla 116

Ainm is coitianta i 2013


 

Ainm Ainm
Seán 609 Aoife 424
Oisín 392 Caoimhe 292
Cian 368 Saoirse 264
Liam 365 Róisín 178
Cillian 322 Cara 160
Fionn 304 Aisling 132
Rian 208 Éabha 130
Eoin 194 Aoibhinn 126
Oscar 184 Áine 116
Tadhg 116 Sadhbh 108

Ainm is mó méadú 2004 – 2013


 

Ainm Méadú Ainm Méadú
Lógán 32% Fiadh 25%
Daithí 6.6% Cadhla 4.25%
Nioclás 5.3% Saibh 3.25%
Donncha 3% Fia 2.8%
Caelan 3% Aoibhinn 2.8%
Feidhlim 3% Siún 2.6%
Donnacha 2.6% Caoilinn 2.5%
Rian 2.5% Róise 2.1%
Oscar 2.4% Neasa 1.8%
Séimí 2.3% Aifric 1.6%

Ainm is mó laghdú 2004 – 2013


 

Ainm Laghdú Ainm Laghdú
Ciarán 57% Caitríona 85%
Eoin 54% Dara 66%
Fionnán 53% Máire 66%
Brian 50% Bríd 66%
Éamonn 50% Gráinne 64%
Niall 42% Deirdre 63%
Diarmuid 41% Sinéad 62%
Ruaidhrí 40% Eimear 62%
Seán 34% Aibhe 57%
Colm 32% Órla 55%

Ainm is coitianta thar thréimhse 10 mbliana


 

Ainm Ainm
Seán 8543 Aoife 4750
Lógán 4857 Caoimhe 3453
Cian 4773 Saoirse 2655
Oisín 4086 Róisín 2342
Liam 3749 Aisling 1880
Eoin 3160 Áine 1569
Cillian 3090 Caitlín 1392
Fionn 2401 Cara 1194
Cathal 2017 Éabha 1187
Ciarán 1863 Eimear 1098

Fág freagra ar 'Méadú ó 2004 ar líon na ngasúr le hainmneacha Gaeilge'

  • Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)

    “’ainmneacha Gallda le feiceáil ann ar nós Tomás agus Peadar.”?

    Ainmneacha ón mBíobla iadsan, atá i ngach teanga Eorpach!

    N’fheadar an Gallda an téarma cuí mar sin.

  • Seán Mag Leannáin

    “Ní raibh sínte fada ar ainm ar bith ar an liosta a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh” – faillí eile de chuid an Stáit. Dochreidte !

  • Léitheoir nach maith leis fílíocht leamh

    Nach aisteach gurb iad na daoine le hainmneacha “Gaelacha” is lú a labhrann an teanga dúchais. Tá na Mary Joe Steves na Mickey Simons agus na paddy Joe Toms ag caint I nGaeilge chuile lá, ní hionann is na Sorrchas agus na Clíanas ar fud “deiscurt” BAC. Bíonn críocha na Dartaíse lán leo agus Ross O’Carrol san Irish Times ag cur le fios go bhfuil ainmneacha Gaelacha “de rigeur”
    Dúirt Ó Cadhain gur fearr gan bacaint le hainmneacha Gaelacha mar comhartha go raibh daoine taobh le hathghabháil na Gaeilge.

  • Niamh

    An darna ainm fireann is coitianta le 10 mbliana – Lógán ????? Níor chas mise le Lógán riamh i’m shaol! Cá bhfuil siad uilig?