‘Liam’ agus ‘Aoife’ fós ar na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar leanaí, ach ‘Fiadh’, ‘Ciara’ agus ‘Rónán’ ag dul sa treis

‘Eoghan’, ‘Sadhbh’ agus ‘Aoibheann’ bocht imithe ón liosta i 2015 ach dul chun cinn á dhéanamh ag ‘Fiadh’, ‘Ciara’ agus 'Rónán'

Irish Passport copy

Ba iad ‘Liam’ agus ‘Aoife’ na hainmneacha Gaeilge is coitianta a tugadh ar leanaí na hÉireann i 2015.

Tá bliain eile imithe tharainn agus tá a gcuid staitisticí don bhliain 2015 eisithe ag lucht na bpasanna ar Shráid Theach Laighean. Arís eile i mbliana, is iad Aoife agus Liam an dá ainm Gaeilge is coitianta a thugtar ar leanaí na hÉireann, de réir staitisticí na Roinne Gnóthaí Eachtracha.

D’eisigh Oifig na bPasanna, rannóg de chuid na Roinne, liosta na n-ainmeacha is coitianta ar phasanna a tugadh do shaoránaigh faoi bhun trí bliana d’aois i 2015 an tseachtain seo.

Ní raibh ach ainm Gaeilge amháin i measc na ndeich n-ainm is coitianta ar bhuachaillí anuraidh ach tá an deichiú háit sciobtha leis anois ag ‘Cillian’, a bhí ag uimhir 24 ar liosta 2014. Is ag uimhir a sé atá ‘Liam’ i mbliana.

Níor éirigh le haon ainm Gaeilge áit a bhaint amach i measc na ndeich n-ainm is mó tóir do chailíní i 2015, cé gur ag uimhir a sé a bhí ‘Aoife’ an bhliain seo caite. Tá an t-ainm sin tite go huimhir 11 ar an mórliosta anois.

 

Buachaillí Áit ar an mórliosta Cailíní Áit ar an mórliosta
1.Liam 6 1.Aoife 11
2. Cillian 10 2.Saoirse 21
3.Fionn 16 3.Ciara 24
4.Cian 21 4.Cara 41
5.Oisín 29 5.Fiadh 43
6.Seán 30 6.Caoimhe 49
7.Oscar 34 7.Niamh 58
8.Tadhg 35 8.Róisín 63
9.Eoin 45 9.Éabha 78
10.Rónán 60 10.Aisling 85

Liosta na ndeich n-ainm Gaeilge is coitianta do bhuachaillí agus do chailíní faoi bhun trí bliana d’aois i 2015

Bhí 200 ainm ar an mórliosta a chuir Oifig na bPasanna amach agus ba iad ‘Daniel’, ainm Eabhraise, agus ‘Emily’, ainm Laidine, a bhí ar bharr an liosta sin. San iomlán, bhí 18 ainm Gaeilge do bhuachaillí agus 14 ainm Gaeilge do chailíní ar an mórliosta 200 ainm.

Is beag an t-athrú atá tagtha ar liosta na n-ainmneacha Gaeilge in imeacht bliana agus tá na hainmneacha céanna nach mór le feiceáil ar liosta 2015 is a bhí le feiceáil ar liosta 2014, cé go bhfuil ord difriúil orthu in áiteacha. Tá ‘Eoghan’ imithe ón liosta ó bhí 2014 ann ach tá ‘Rónán’, nach raibh ar liosta na bliana seo caite, anois ar an deichiú hainm Gaeilge is coitianta ar bhuachaillí.

Tá ‘Sadhbh’ agus ‘Aoibheann’ imithe ó liosta na gcailíní ó anuraidh ach tá ‘Fiadh’ agus ‘Ciara’ anois tagtha ina n-áit. Arís eile tá ‘Saoirse’ sa dara háit ach tá an t-ainm sin – atá go mór i mbéal an phobail faoi láthair mar gheall ar an aisteoir Saoirse Ronan – tite ó uimhir 18 go 21 ar mhórliosta na gcailíní.

Tá leaganacha Béarla d’ainmneacha Gaeilge ar an liosta freisin – Clodagh, Maeve agus Conor, cuir i gcás – nár cuireadh san áireamh agus anailís á déanamh ag Tuairisc.ie.

Mheabhraigh Oifig na bPasanna do mhuintir na hÉireann bailíocht a bpas a sheiceáil agus cur isteach ar cheann nua roimh ruathar an tsamhraidh.

Fág freagra ar '‘Liam’ agus ‘Aoife’ fós ar na hainmneacha Gaeilge is coitianta ar leanaí, ach ‘Fiadh’, ‘Ciara’ agus ‘Rónán’ ag dul sa treis'