‘Na Gorta Glasa’ le déanamh de ‘Pairceanna na Glas’ – ainm conspóideach eastát tithíochta sa Ghaeltacht le hathrú

Bhí conspóid ann mí an Mhárta nuair a tháinig sé chun solais go raibh ainm nach raibh aon chiall leis tugtha ar fhorbairt nua 20 teach sa Daingean i nGaeltacht Chorca Dhuibhne

‘Na Gorta Glasa’ le déanamh de ‘Pairceanna na Glas’ – ainm conspóideach eastát tithíochta sa Ghaeltacht le hathrú

Tá ‘Na Gorta Glasa’ le déanamh de ‘Pairceanna na Glas’ an Daingin i gCiarraí.

Tá sé deimhnithe ag Comhairle Contae Chiarraí go bhfuil ainm nua le tabhairt ar eastát tithíochta sa Ghaeltacht a bhí go mór i mbéal an phobail le mí anuas.

Bhí conspóid ann mí an Mhárta nuair a tháinig sé chun solais go raibh ainm nach raibh aon chiall leis tugtha ar fhorbairt nua 20 teach sa Daingean in iarthar Chiarraí.

Cáineadh Comhairle Contae Chiarraí as an ainm ‘Pairceanna na Glas’ a thabhairt ar an bhforbairt agus pléadh an scéal go forleathan sna meáin agus sa Dáil le roinnt seachtainí anuas.

Tá deimhnithe anois ag an gComhairle Contae go bhfuiltear chun ainm nua, ‘Na Gorta Glasa’, a thabhairt ar an eastát.

Nuair a fiosraíodh an scéal ar dtús ar an gclár An Saol Ó Dheas ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Comhairle Contae Chiarraí ag an am nach raibh rún acu an t-ainm a athrú. Géilleadh go luath ina dhiaidh sin go rachfaí i dteagmháil le Clúid, forbróirí an eastáit, maidir leis an ainm conspóideach a athrú, áfach.

Dúirt an Teachta Dála ó Chiarraí Pa Daly gur masla don teanga agus do phobal na Gaeilge sa cheantar a bhí san ainm míchruinn agus d’ardaigh sé an scéal sa Dáil le linn an phlé ar an mBille Teanga.

Mar thoradh ar an gconspóid, bhunaigh Comhairle Contae Chiarraí coiste nua chun athbhreithniú a dhéanamh ar roinnt ainmneacha áite Gaeilge a bhí roghnaithe ag an gComhairle agus chun comhairle a thabhairt d’fhorbróirí maidir le hainmneacha nua.

Tá oifigigh pleanála teanga agus eagraíochtaí Gaeltachta i gCiarraí ag éileamh ar Chomhairle Contae Chiarraí Oifigeach Forbartha Gaeilge a cheapadh gan mhoill. Tá folúntas d’oifigeach Gaeilge ag an gComhairle le bliain anuas.

Fág freagra ar '‘Na Gorta Glasa’ le déanamh de ‘Pairceanna na Glas’ – ainm conspóideach eastát tithíochta sa Ghaeltacht le hathrú'