Ná dein nós agus ná bris nós – Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne

Thar aon ní eile, b'é an t-ábhar cainte ba mhó againne mar leanaí óga agus an Nollaig ag druidim linn ná Lá an Dreoilín

Ná dein nós agus ná bris nós – Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne

Agus sinn ag déanamh suas ar an Nollaig bhíodh na nósanna san á gcur i gcrích againn ina slaodaibh mar nárbh Nollaig cheart in aon chor í gan dílseacht a thaispeáint dóibh.

Bhíodh an taobh amuigh don dtigh le seiftiú agus scriosadh le déanamh laistigh, cuileann le caora dearga dá mb’fhéidir é le fáil le crochadh ar fuaid na háite, turcaí nó gé le marú is le priocadh i gcomhair dinnéar Lá Nollag, an císte bácálta aige mo mháthair, langa leasaithe nó maicréal buí le prátaí agus anlann bán i gcomhair Oíche Nollag agus gan amhras, oíche na draíochta móire, sinn ag dul go dtí’n aifreann oíche Nollag ag meán oíche agus mar bharr air sin, dos na páistí, bhí daidí na Nollag chughainn agus ba dhiail é fhéin.

Ach is dóigh liom thar aon ní eile, b’é an t-ábhar cainte ba mhó againne mar leanaí óga agus an Nollaig ag druidim linn ná Lá an Dreoilín.

Is i dteannta Tomaisín Sheán Mhicil, ár gcomharsa béal dorais, a chuas fhéin an dreoilín an chéad lá riamh. Bhíos róbheag ró-óg chun dul amach leis an gcuid eile acu. Ní rabhas a déarfainn ach sé nó seacht mbliana d’aois ag an am agus bhí Tomaisín ag teannadh suas go maith leis na seachtóidí nó os a chionn. Fear macánta ciúin ab ea é a raibh ana-mheas air agus a chneasta is bhí sé. Is dóigh liom go raibh orgán béil agam fhéin, gan aghaidh fidil ar éinne againn ach ag siúl isteach ins na tithe, Tomaisín mar fhear na lice, ag bualadh cos ar leac mhór cloiche a bhí os comhair na tine agus seana-chorcán nó blaosc bó nó capaill thíos fé chun fuaim bhalbh a thabhairt don rinceoir aonair agus é i mbun a cheirde.

Gheobainnse píosa chíste Nollag nó rud éigin agus ghealadh croí Thomaisín ach a síntí leathghloine fuiscí nó fíona chuige.

Dheineamar Baile na bPoc agus Baile Reo agus chasamar abhaile tar éis na nGrafaí mar bhí eagla ar fhear na lice ná bainfeadh sé an baile amach tráthnóna ar a raibh de thomhaiseanna beaga caite siar aige.

Gan amhras na dreoilíní cearta bhí cuma is dealramh orthu súd. Bhíodar eagraithe le seachtainí roimis sin. Bhíodh ceoltóir, amhránaí, steipeadaí nó fear na lice, seit nó leathsheit acu, agus ana-thábhachtach ar fad an ‘Cashier’! Bhí aghaidh fidil ar na héinne acu agus gan aon aithniúint orthu. An dream a bhí eagraithe i gceart bhíodh Capall Bán acusan chomh maith.

Bhídíst ag siúl ó thigh go tigh, timpeall an pharóiste, uaireanta suas le fiche duine. Dreoilíní móra a tugtaí orthusan agus chuiridíst sceoin ar na dreoilíní beaga mar bhí teist na robála ar chuid acu agus is minic a fágadh an dream is óige dealbh tar éis an t-airgead ar fad a bheith goidte ó ‘chashier’ an dreoilín bhig. Nárbh ghránna! Tá aithne agam ar fhear ná chuaigh an dreoilín riamh a thuilleadh tar éis dó san tarlú dhó agus tá na trí fichid glanta anois aige.

Is cuimhin liom dreoilín uachtar an pharóiste a ghabháil chughainn isteach an tigh, suas le cúigear déag acu, Páid Dan Beag ag seimint ceol bríomhar rithimiúil agus an tigh a bhí ciúin folamh go dtí san, bhí sé anois lán de dhaoine, iad ag rince seite agus na haon liú fiáin acu le gliondar agus le háthas. Sceimhlíodar mé! Ritheas isteach fén mbord uathu agus b’fhada liom go n-imeoidíst, ach má tá, bhí cumhacht éigin fiáin ag baint leo ná beadh le braistint aon lá eile agat ach Lá an Dreoilín.

Bhíodh port aige Seán Coughlin go dtugadh sé Port an Bhand air nó Port An Dreoilín, a sheimtí mar phort máirseála ag dul ó thigh go tigh agus ansan an port céanna cuirtí luas leis i dtreo is go bhféadfaí rínce leis. Ansan aríst mháirseáltaí an doras amach é go dtí an gcéad tigh eile.

Lá fada tuirsiúil ab ea é agus thuig na daoine é sin agus ba mhinic iad ag tabhairt píosa chíste Nollag dúinn nó píosa turcaí chun an t-anam a chur thar n-ais aríst ionainn.

B’in é dreoilín na tuaithe, sinn i measc ár muintir fhéin, ag dul isteach i dtithe ná rabhais riamh istigh iontu cheana nó le bliain roimhe sin, ag cleachtadh nós a d’fhág fite fuaite dlúth mar phobal sinn.

Bhí meon eile ar fad i mbaile an Daingin mar a raibh is mar a bhfuil ceithre bhuíon neamhspleách ar a chéile agus iad in iomaíocht lena chéile chomh maith mar a bheifeá ag súil leis i mbaile dlúth mar é. Tá an Green and Gold ann agus fífeanna agus drumaí a bhíonn acusan. Dreoilín Shráid na nGabhar, Dreoilín an Ché agus Sráid Eoin is feadóga agus drumaí a bhíonn acu.

Go deimhin fhéin ní dócha go bhfuil na bannaí seo préamhaithe go hiomlán i gcultúr na hÉireann ach go bhfuil a gcuid fhéin déanta anois acu dhó agus é Gaelaithe acu agus píosaí breátha ceoil mar ‘Cnoc an Chairn’ á sheimint acu. Leis an méid sin liútar léatar ar fuaid an bhaile ní chuirfeadh sé faic i gcuimhne dhuit ach an Mardi Gras a bhíonn acu i New Orleans. Saghas ainriail phágánach san aer agus san ceadaithe aige ráitisí mar ‘Sí an Nollaig í’ a mhaitheann mórán peacaí.

Is mó achrann a lean an lá céanna. Agus cuid acu i bhfolach laistiar den aghaidh fidil, an chiall amuigh is an deoch istigh go láidir, bhíodh fiántas an lae le feiscint ina n-iompar. Téitear thar fóir uaireanta agus dearúdtar ‘nár bhris focal maith fiacail riamh’ ach ní go rómhinic é, agus ná mór an ní an méid sin!

Tá an traidisiún láidir go maith fós fén dtuath ach ná chíonn tú éinne ag siúl a thuilleadh ach na dreoilíní beaga á dtiomáint aige na tuismitheoirí agus dreoilíní na ndaoine fásta i gcúpla cairt go dtí go dteipeann duine éigin ar a dhualgas gan fanacht ar céalacan fé bhráid tiomána!

Tá sé ana-láidir sa Daingean i gcónaí ach go bhfuil na turasóirí ag teacht ina gcéadta agus caithfear a rá, á lot, mar ní hamháin go mbíonn an iomarca acu ann ag trasnaíl ar mhuintir an Daingin is na dreoilíní, ach bíonn siad á thaifeadadh is a sheoladh timpeall na cruinne de gheit ach is dócha gurb é an rud ar fad ná go bhfuil sé sa tsiúl i gcónaí agus gura fada a bheidh.

‘Ná deinimíst nós agus ná brisimíst nós!’

Fág freagra ar 'Ná dein nós agus ná bris nós – Lá an Dreoilín i gCorca Dhuibhne'