‘I gcás éigeandála, cuir ort do mhasc ocsaigine féin ar dtús sula ndéanfaidh tú iarracht teacht i gcabhair ar éinne eile.’
Ní fios cá mhéad uaire a chuala mé an abairt sin, agus ó tháinig galar Alzheimer ar mo mháthair, is minic a chloisim moladh den chineál ceannann céanna: ‘Tabhair aire duit féin ar dtús.’
Ar an gcéad radharc, b’fhéidir go mbíonn cuma an leithleachais ar chomhairle den chineál sin: do riachtanais féin a chur roimh riachtanais dhaoine níos óige, níos sine nó níos laige ná thú; daoine, i bhfocail eile, atá ag brath ortsa.
Ach má smaoiníonn tú faoi i gceart, ar ndóigh tá críonnacht ag baint léi mar chomhairle. Ní féidir leat masc ocsaigine a chur ar pháiste mura mbíonn tú féin in ann anáil a tharraingt, agus ní féidir leat aire a thabhairt i gceart do dhuine tinn nó scothaosta má bhíonn tú féin chomh traochta tuirseach sin go mbíonn tú de shíor ag druidim le cliseadh meabhrach.
Ar ámharaí an tsaoil ní fhaca mé na mascanna ocsaigine ag teacht anuas fós agus mé ag taisteal ar eitleán, ach ní dóigh liom go mbeadh aon deacrachtaí rómhóra agam mo cheann féin a chur orm sula dtiocfainn i gcabhair ar aon pháiste a bheadh in aice liom.
Agus tá ciall cheannaithe agam maidir le haire a thabhairt do dhuine scothaosta agus tinn: an té nach gcuirfidh greim cuirfidh sé dhá ghreim agus an té nach dtógfaidh sosanna tráthrialta ón gcúram do dhuine eile, is gearr go mbeidh cúram ag teastáil uaidh féin.
Ach ar chúis éigin níor rith sé liom go dtí le fíorghairid go mbínn ag sárú na comhairle críonna sin maidir le haire a thabhairt duit féin ar dtús i réimse eile, réimse na scríbhneoireachta.
‘An litríocht über alles’, ba é sin an cur chuige a bhíodh agam ar feadh na mblianta. Má bhí scéal le hinsint, ní bhaininn mo pheann den pháipéar sula mbíodh an chéad dréacht scríofa. Má bhí eagarthóireacht le déanamh, ní bhíodh cead agam dul go dtí an t-ionad aclaíochta sula mbíodh sprioc an lae bainte amach. Agus go bhfóire na Béithe orm má bhí an dréacht deiridh le cur ar fáil don fhoilsitheoir: d’oibrínn seacht lá na seachtaine agus tríd an oíche dá mba ghá.
Bhí mé mórtasach as an disciplín sin agus is iomaí seanmóir a thug mé uaim ar na leathanaigh seo síos tríd na blianta faoin tábhacht a bhaineann le díograis agus dúthracht.
Ach cé go gcreidim fós gur obair chóir a bheith naofa atá sa litríocht, agus go dtagann fórsaí rúndiamhracha i gcabhair ar an scríbhneoir agus é ar a dhícheall scéal a thabhairt isteach sa saol seo ó shaol eile, tuigim anois nach leas na litríochta a dhéanfaidh an scríbhneoir a dhéanas neamhaird dá riachtanais féin.
Is ea, bíonn draíocht ag baint le dánta, le scéalta, le hamhráin mhaithe: an chumhacht cáithníní a chur ar chraiceann an léitheora nó an lucht éisteachta. Ach dá chumhachtaí iad, níl ar a gcumas teacht isteach sa saol seo leo féin. Scríbhneoir a thabharfas scíth dó féin go tráthrialta a theastaíonn uathu, seachas sclábhaí spíonta.
Fág freagra ar 'Ná cuir riachtanais do scéil roimh do chuid riachtanas féin'