Na Cúigí in adharca a chéile le linn Fhéile na Nollag

Agus an tástáil dheiridh sula bhfógrófar painéal na Sé Náisiún rompu is cinnte go mbeidh imreoirí ar a míle dícheall ag iarraidh iad féin a bhrú chun cinn

Na Cúigí in adharca a chéile le linn Fhéile na Nollag

Ní mórán de shaoire ná scíth atá á fháil ag ár gcuid imreoirí rugbaí gairmiúla an Nollaig seo. Níl ach seachtain caite ó d’imir na ceithre chúige i mBabhta 2 de Chorn na gCuradh, comórtas ina bhfuil Cúigí Chonnacht agus na Mumhan fós ar thóir bua. D’éirigh le Cúige Uladh na deacrachtaí a tháinig chun solais i mBabhta 1 den chomórtas sin a cheartú an deireadh seachtaine seo caite agus bhí dhá bhua iontacha ag Cúige Laighean go dtí seo inar aimsigh siad pointe bónais luachmhar freisin.

Tá siad ar fad ar ais ag an URC anois, comórtas a n-imreofar Babhta 8 de thar thréimhse na Nollag.

Tá an-mhí-ádh ar na Connachtaigh, foireann nár bhuaigh cluiche ón 18 Samhain seo caite, go bhfuil orthu taisteal go Béal Feirste anocht le tabhairt faoi Chúige Uladh, foireann a bheas breá muiníneach tar éis sárimirt an deireadh seachtaine seo caite.  Ní haon ábhar iontais gurb iad foireann an bhaile rogha na coitiantachta don choimhlint seo.

Mar sin féin, ní scarann ach áit amháin agus pointe amháin na foirne seo ar thábla an URC.  Cúige Uladh atá in uachtar sa seachtú háit le scór pointe. Ag an am céanna, is cinnte freisin go mbeidh an bua le dhá phointe a bhí ag Cúige Chonnacht ar Chúige Uladh i mBabhta 3 mar spreagadh ag foireann na Gaillimhe.

Ach is fiú a mheabhrú gur acu a bhí buntáiste an bhaile ar an ócáid sin, ní hionann an cás anocht.   Dála an scéil, bhuail Cúige Chonnacht Cúige Uladh (15-10) i mBéal Feirste i mí Bealtaine seo caite. Seans mar sin féin go mbeidh gá le hathrú suntasach in imirt agus i gcur chuige na gConnachtach más leo toradh dearfach a thabhairt abhaile leo anocht.

Ar Lá Fhéile Stiofáin caithfidh Cúige Laighean, foireann atá ar bharr thábla an URC agus ar bharr a ngrúpa féin i gCorn na gCuradh chomh maith, agus foireann nár chaill ach cluiche amháin go dtí seo an séasúr seo, taisteal go Luimneach le tabhairt faoi fhoireann an bhaile sin, Cúige Mumhan.

D’imir na foirne seo a chéile i mBabhta 6 den chomórtas seo ar an 25 Samhain i gcluiche a imríodh i Staid Aviva.

Foireann an bhaile a bhuaigh ar an ócáid sin 21-16. Ní hamháin go mbeidh Cúige Mumhan ag iarraidh an toradh sin a athrú agus an bhearna sé phointe atá idir iad féin (sa gceathrú háit ar an tábla) agus Cúige Laighean a laghdú ach mar gurb é an cluiche seo an tástáil dheiridh sula bhfógrófar painéal na Sé Náisiún is cinnte go mbeidh imreoirí ar a míle dícheall ag iarraidh iad féin a bhrú chun cinn.

Tá an-ábhar do chluiche iontach fisiciúil againn don Mháirt seo chugainn.  Is iad Cúige Laighean rogha na coitiantachta roimh an imirt, ach is fiú a mheabhrú go bhfuil fíor-bhrú ar Chúige Mumhan.  Caithfidh siadsan iarracht ar leith a dhéanamh chun stop a chur leis na deacrachtaí atá acu le cúpla cluiche greim a choinneáil ar chluiche agus iad chun cinn iontu.

Beidh an ceann seo tharr a bheith iomaíoch agus fisiciúil.

Fág freagra ar 'Na Cúigí in adharca a chéile le linn Fhéile na Nollag'