Na cúigí fós sa chuid cheart den tábla ach cuid acu ag sciorradh siar

Beidh suim mhór sa gcluiche a bheas á imirt i gCorcaigh anocht idir Cúige Mumhan agus Glaschú agus éacht ollmhór a bheas ann má éiríonn leis na Connachtaigh na Laighnigh a chloí amárach

Na cúigí fós sa chuid cheart den tábla ach cuid acu ag sciorradh siar

Cé go bhfuil na ceithre chúige fós san ochtú háit nó níos airde ar thábla an URC, tháinig athrú suntasach ar an tábla céanna ag críoch Bhabhta 6 ag deireadh na seachtaine seo caite.

Glaschú atá ar a bharr ar fad, pointe amháin chun cinn ar Chúige Laighean, foireann atá sa dara háit ach seacht bpointe chun cinn ar Chúige Uladh, atá sa gceathrú háit agus ar Chúigí Chonnacht agus na Mumhan, foirne atá sa seachtú agus san ochtú háit. Cinnte, tá na cúigí fós ar an taobh ceart den tábla ach níl aon amhras ann ach go bhfuil cuid acu ag sciorradh siar.

Fágann sin go mbeidh suim ollmhór sa gcluiche a bheas á imirt i gCorcaigh anocht idir Cúige Mumhan agus Glaschú. Is réiteach iontach é an cluiche crua seo sula n-imreoidh an dá fhoireann sa gcéad bhabhta de Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine. Is tástáil iontach é chomh maith ar stádas agus ar sheasamh churaidh an URC, Cúige Mumhan, tar éis dóibh cluiche a chailleadh as baile i gcoinne Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo caite agus ar Ghlaschú, foireann nár chaill ach cluiche amháin go dtí seo.

Tá an t-ádh ar na Muimhnigh gur acu atá buntáiste an bhaile ach fós féin ní féidir a bheith cinnte gur leor sin.

Tráthnóna amárach, beidh cluiche thar a bheith dúshlánach eile roimh na hUltaigh, foireann atá sa gceathrú háit agus Dún Éideann atá áit amháin taobh thiar díobh ach atá cothrom leo ar ocht bpointe dhéag an taobh.

Caithfidh Cúige Uladh leas iomlán a bhaint as an imirt sa mbaile agus ag an am céanna caithfidh an paca tosaithe atá acu cothromaíocht a aimsiú ar bhealach eicínt idir iad féin agus paca ollmhór Dhún Éideann.

Ar an mBóthar Beag a bheas Cúige Chonnacht arís den chéad uair le trí seachtaine agus iad i gcoimhlint dhamanta i gcoinne Chúige Laighean, foireann atá ag drannadh le barr an tábla. Ní bheidh tada éasca ag baint leis an gcluiche seo.  Beidh Cúige Chonnacht ag iarraidh tógáil ar an tús dearfach  a bhí acu nuair a d’imir siad sa mbaile, dhá bhua as dhá chluiche baile go dtí seo agus beidh Cúige Laighean ag iarraidh bua eile ar an mbóthar a shlánú. Níl ach cluiche amháin caillte ag na Laighnigh go dtí seo agus is as baile i nGlaschú a tharla sé sin, i mBabhta 1.

Cé go bhfuil drogall orm bua a thuar do na cuairteoirí, is oth liom a scríobh gur acu atá an lámh is láidre roimh thús na coimhlinte seo. Tá fáil ag Leo Cullen ar thobar lán d’imreoirí a bhfuil taithí ar leibhéal domhanda acu.  Níl ach triúr atá ar an gcaighdeán sin ag Cúige Chonnacht. Ní hamháin sin, ach tá borradh faoi Chúige Laighean, go háirithe tar éis a mbua an Satharn seo caite ar Chúige Mumhan, curaidh an chomórtais. Malairt scéil atá ag Connachta.  Fuair siad léasadh 53-27 ó na Bulls i mBabhta 6.

Sea, tá dúshlán ollmhór roimh na Connachtaigh amárach.  Éacht ollmhór a bheas ann má éiríonn leo an t-ionsaí fisiciúil agus oilte a thabharfas Cúige Laighean leo chun na Gaillimhe a chur díobh.

Fág freagra ar 'Na cúigí fós sa chuid cheart den tábla ach cuid acu ag sciorradh siar'